Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 16
1]
Fada leam an lá a-márach
gan chara gan chompánach,
tar és an chuire rom-char
gan spés i nduine ar domhan.
5]
Ó Dhoire Mhic Lachtna i le
triallfad le teacht na maidne
tre Chlár slim na sleagh bhfiuchair
feadh mo chinn i gCúileachaibh.
Uchan! fúigfe mé a-márach
10] mo chuire saor soghrádhach,
drong mhíonnaoidhe ghríobhdha ghlan,
díorma is díomhaoine ar domhan.
p.27
Daoine is binne beóil chorcra
's is caoimhe cruth éadrochta,
15] drong shéimhidhe naoidhe nár,
daoine is céillidhe comhrádh.
Daoine is taise taoibh gheala,
daoine is cunnla croidheadha,
daoine gan aithne ar an olc,
20] aighthe is caoimhe do chonnarc.
Gi-bé ad-chífeadh a gcruth nár,
nó do chluinfeadh a gcomhrádh,
dar lais ní daoine an dream glan
ón fearr gach aoighe d'iomchar.
25]
Gile a mbráighdeadh mar bhláth sgoth,
gloise a ndearc, duibhe a malach,
cuirp niamhdha, trillse tromdha,
briathra millse miochardha.
Dá mbeth gan éanmhaith ele
30] do bheth ionnta dh'áiridhe,
do bfhiú urraim Innse Fáil
millse a gcumainn 's a gcomhráidh.
Fionnghuala is cách ar cheana,
mairg fhúigfeas na hingheana,
35] sgor soidhealbhdha ógh iodhan;
sódh doimheanma an deleaghadh.
Ionmhain dias fhúigfidhear ann,
Fionnghuala is Giolla an Ghabhann;
truagh mar tá an cridhe ar a gcor,
40] na mná is dile ar domhan.
p.28
Cuimhne ar a mbriathraibh binne
's ar áilghine a n-intinne,
aighthe sídheamhla ar snuadh sgoth,
badh tuar mímheanma a-márach.
45]
Mairg fuair a siansán síthe
's a mbeóil chráite chruibhfhíthe,
beóil nár dhiomolta do dháimh,
's a sgeóil ionganta d'fhágbháil.
Inghean lághach Í Lochlainn,
50] gnúis ríoghdha an ruisg abhrathruim,
más í do chráidh mo chroidhe,
ní hí a-bháin don bhanchuire.
Mairg bheas ar comhair a gcruth;
mairg dhúinn mhairfeas a-márach,
55] tré aoibhneas na hoidhche a-nocht
san shaoirlios fhoirfe éadrocht.
Fada leam an lá geamhraidh
d'éis imtheachta ón ingheanraidh;
gearr ó anamhain aca
60] an ghamhadhaigh ghamhrata.
Ríghe an bheatha ó thuinn go tuinn,
saoghal Fionntain dá bhfaghainn,
biaidh choidhche ag crádh mo chridhe
dál na hoidhche d'áiridhe.
65]
Is mairg rug eólas orra,
is mairg nár an eatarra;
mná an tighe is teagh na mban
mo-chean cridhe nách gcarfadh.
p.29