Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 15
Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt
1]
Fuaras each nách duaibhseach doirbh,
each uaibhreach bhuacach san spairn,
doinnghreagh ait 's a hionmhain oirn,
draic nách doirbh i n-iorghail airm.
p.25
5]
Láineach mhór bhorbaistreach bhuan
do bhronn an donnmhailgheach dún,
searrach lonn coirpreamhar caomh,
mo dhonn tsaor fhoiltleabhar úr.
Each chruthghlan nách gealtach garg,
10] don chubhar nách beanfadh balg,
san chorrach is luaimneach lorg,
an mhongach bhorb uaibhreach ard.
Geall leam ar luas as a los
an bheann is fearr cluas is cos,
15] stéad mhárbhas an míol go deas,
gríobh na gcleas fhágbhas an t-os.
Tar gach árd dá shléimhne slios,
tar fán is tar céimibh clas,
gan chruas go coimhréidh do ros
20] do luas cos gan oilbhéim as.
Dá mhire i ló gréine gal,
dá tréidhibh i dtós na sgor
gan bheith fann aillseach fá fhear
acht bann mear taidhbhseach tar tor.
25]
Sgairt i bhfalach ná gráin ghliaidh,
gáir bhratach ná dath ar dhúil,
omhan as uirre níor léir,
mo bhuinne bras, mo léim lúith.
Dá crobh dheas tiomchal ar dtocht
30] tug an ghreagh is sliomghlan slacht
go meanmnach ó chridhe i gcorp
sidhe docht greadhnách san ngart.
p.26
Fear fuilt bháirrshlím is bas gcorr
do mhac Dáivídh Dhuibh do bhronn,
35] dreagan súgach síleach seang,
mo bheann lúbach dhíreach dhonn.
M'onchú bheódha, ar seabhac saor,
leómhan re leadradh na sluagh;
cuid dá cheird, re hur na n-ágh
40] go cur a n-ár d'fheirg níor fhuar.
Do bronnadh dam each, i bhfad is feárrde sinn,
Is fonnamhar tapa ag teacht i bhfáinne chruinn,
An cuilgneach cleasach cneasta ceáfrach caoin,
Gan tolg, gan stailc, gan stad, gan sgáth, gan sgim.