Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 14

Muiris (mac Dháiví Dhuibh) Mac Gearailt
1]
  • Do bronnadh damh cara cuilg,
    ollamh glan tana nách teilg;
    slán don ghríbh bhaisleithin bhuirb,
    glaisbheithir chuilg mhín gan mheirg.

  • 5]
  • Lann fhíorfhuilteach fhaobhrach lonn
    thaobhghlan chíorrbhaightheach nách cam,
    colg dár ndáigh ro fríoth ag Fionn;
    ní díoth liom im láimh an lann.
  • Do sgar méidhe is bas re bonn
    10] mo chéile is glas glan fám chom,
    an ghlasfhaobhrach ghéar nár fheall,
    beann bhrasbhaoghlach thréan nách trom.
  • Colg gan fuireach i n-am áigh,
    lann bhorb dá nách buidheach liaigh,
    15] do sgar re Bolcán go mbuaidh,
    cruaidh re car corpán i gcriaidh.
  • Glaislíneach fhíorolcach fhuar
    bhaisdíreach dhíoghaltach dhaor;
    adhnadh fala a buille buan,
    20] buinne fuar is tana taobh.
  • D'fhuil nathrach fuair folcadh dlúith
    an chruaidh dhathghlan olcach áigh,
    gríobh fá chléir chathlann nách tréith,
    ag béin fá chléith chathbharr cháigh.

  • p.24


    25]
  • Áith éachtach comhlainn nár chaill,
    do ghéabhadh re gormlainn Ghuill,
    an lann shaor nár sheachna sinn
    nár aomh re linn deabhtha a druim.
  • Ag Heachtor ba líomhtha a lorg,
    30] is ag Hearcul fhíochmhar ard;
    mian mo chridhe an bhaismhín bhorb;
    is colg nimhe an ghlaismhír gharg.
  • An lann áithmhín ghlan nách garbh
    ag mac Dáivídh Dhuibh 'na dhorn;,
    35] fuair buaidh i n-oileamhain arm,
    an bhadhbh chruaidh ghoimheamhail ghorm.
  • Mar chomthach rem thaoibh-se a-tá
    an gormghas is caoimhe cló;
    tuar meanma dhamh mar is dú,
    40] gar clú is buadh ndealbha dhó.
  • Fóm thaobh-sa ní héidir nách feárrde sinn
    Seóid éadrom shéimhchuilg shásta shing;
    Cóip créachtach ó a béal tana is gnáth i gcill,
    'S is mó baochas an éin duibh ná an leá ar an luinn.