Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 13

Tadhg an Ghadraigh Mac Aodhagáin
1]
  • A lucht chumas bréag san dán,
    dá dtí an bráth budh aithreach súd;
    dígheólaidh, dá n-éirghe a fhearg,
    bréag do chur air, Ceard na ndúl.

  • 5]
  • Gach ar cheannaigh Críost i gcroich,
    gach ar chruthaigh dhá thoil féin,
    gach ar dhealbh Breitheamh laoi an Luain,
    a n-athchuma is cruaidh an chéim.
  • An dúil ghránna gan bheith mór
    10] cumaidh sibhse (lór do phléid):
    'Áille súd ná gach mac mná,
    ós gach míleadh a-ta ar méid.'
  • Cuirthí urla cruthach caomh
    ar éadan mhaol, mór an oil;
    15] cumthaoi d'fhior chriothshúileach cham
    go mbí a rosg mall mar an ngloin.
  • Fear na gcos bhfionnfadhach bhfiar
    nachar sgar a-riamh re gáig,
    'sé duine is áille dhá chois
    20] idir cholpa is troigh is tsáil.

  • p.22

  • Don duine chartbhuidhe chrón
    cumaidh sibhse, gidh glór truagh:
    'Cneas mar eala nó mar aol
    atá 'gan ghéis is caomh snuadh.'

  • 25]
  • Ní tuigthear súd acht 'na spórt;
    cumaidh sibhse, gidh glór saobh,
    fear gadtha caorach is cearc:
    ‘Beidh Éire fo neart a mhaor.’
  • Tréan i gcill, neimhthréan i dtuaith,
    30] ní thógbhann don luaith a thón
    ceann feadhna an dá ghlac go leith;
    bronnaidh súd eich agus ór.
  • An fear do-ní istigh a ——
    's nách beireann amach a ——,
    35] adéarthaoi re giolla an tuill:
    ‘Biaidh Banbha Chuinn aige súd.’
  • Do gach aon ó mbeirthí duais
    do thuilleabhair fuath is fíoch;
    isé a mholadh an lá leóin,
    40] is ifreann fá dheóidh a chríoch.
  • Is mairg do-chuaidh re bhar gceird,
    a dhaoine atá ag deilbh na dtlus;
    i n-uaimh ifrinn (dorcha a dreach!)
    do chuireabhair fear 's a lucht.

  • p.23