Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 12

Seán Ó Neachtain
1]
  • Tá cuach i n-éisteacht asail
    roimh fhear faire na n-éanlaith;
    is fearr le muic an raithneach
    ná cíor mheala mar mhéile.

  • 5]
  • Do tharla pónra is péarla
    i n-ionad éigin ar chuileach;
    do thóg an gráinne pónra,
    d'fhág an tseóid, is d'imigh.

  • p.20

  • Mór unga óir is corrán
    10] chas ar Thomás mac Lóbais;
    do b'fhearr leis cab ná déise
    ná ór Éireann 'na phóca.
  • Is fearr le fiach dubh ablach
    is cead a tharraing ó chéile
    15] ná arán cróch is meala,
    's ba dual athar dhó féin sin.
  • Do canadh salm don tsaltair,
    do canadh glafar Mhic Lóbais;
    ba binne rann ná daoithe,
    20] mar do síleadh le hÓrla.
  • Is binn le cat an sgeámhghail
    do-ní a mháthair is a athair;
    ní thugann cluas ná éisteacht
    do na téadaibh ag labhairt.

  • 25]
  • An tí nár chleacht acht duairceas,
    beag a shuairceas i gceólta;
    do b'fhearr leis duine ag drantán
    ná ceól iomlán ná Fódla.
  • Quod scit, quisque colit,
    30] bíodh gur chóra dhó a sheachna;
    quod nescit, spernit et odit,
    donas mór ar a mhalairt.

  • p.21

  • Bídh gach éan mar a huiltear,
    rádh file nách camghlór,
    35] iolar i mbarr na píne,
    bíodh an traona sa neanntóig.