Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 11


1]
  • Gabh, a mhic, mo mhúnadh-sa
    ré dtoichim uaim ar eachtra;
    do dhol as an dúnadh-sa
    is de thiocfas do leas-sa.

  • 5]
  • Gé chanaid na míodhaoine
    aitheasg nách téid i dtarbha,
    briathra diana díomhaoine
    nárab mian leat a labhra.
  • Ná bíodh ort 'na dhubhachas
    10] sgéal dá olcas dá bhfuighe;
    nárab mó do shubhachas
    fán sgéal is fearr dá gcluinfe.

  • p.19

  • Lucht na mbréag gan chomaoine (?)
    ná faghaid uaibh bhar n-urraim;
    15] na ríogha is na rodhaoine
    gurab iad do lucht cumainn.
  • Déshearc uait badh marthanach
    d'éis imtheacht ar do thuras;
    bí red chairdibh carthanach
    20] gach uair dá roichfid chugat.
  • Déana, mar a-dubhart-sa,
    a mhic bheireas gach éanbhuaidh,
    mar bhadh airdrí cumhachtach,
    toil gach fir don aois éagcruaidh.

  • 25]
  • Comhaill fós go fírinneach
    do ghealladh, a ghéag fhionnghlan
    badh glic sibh ór sírchinneadh (?);
    mo mhúnadh ort ná hiomghabh.