Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 9
1]
Aoibhinn beatha an sgoláire
bhíos ag déanamh a léighinn;
is follas díbh, a dhaoine,
gurab dó is aoibhne i nÉirinn.
5]
Gan smacht ríogh ná rófhlatha
ná tighearna dá threise;
gan chuid cíosa ag caibidil,
gan moicheirgne, gan meirse.
Moichéirghe ná aodhaireacht
10] ní thabhair uadha choidhche,
's ní mó do-bheir dá aire
fear ná faire san oidhche.
p.17
Do-bheir sé greas ar tháiplis,
is ar chláirsigh go mbinne,
15] nó fós greas eile ar shuirghe
is ar chumann mná finne.
Maith biseach a sheisrighe
ag teacht tosaigh an earraigh;
isé is crannghail dá sheisrigh
20] lán a ghlaice do pheannaibh.