Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 7
Conspóid Dhonnchaidh Mhic Labhra agus Ghiollamhuire Chaoich Mhic Cartáin.
- 1] 'Cia an traghna so san ghort
shinneas dúinn port ar sliabh?'
'Mise Giolla 'na bhfaghthaoi spéis,
Oisín mé tar éis ná bhFian.'
p.9
5]
- Ní 'traghna' do ghoirdís díom
ríghshliocht Chonaill is síol Néill;
'na measg súd ba mhór mo luach,
ba bhinne mé ná an chuach féin.
- Muintir Chléirigh 's Clann an Bháird
10] 's ná hOlltaigh, gé táid gan fhréimh,
saoithe sin nách bhfaghadh locht
ar aon phort dá sinninn féin.
- Iomdha ceól i bhflaitheas Dé,
ní haoibhneas gan é gach uair;
15] duine marbh nach sinneann ceól,
tuirseach é 's a dheór re a ghruaidh.
- Ceól ainglidhe, ag teacht do Chrióst
dár bhfuasgladh ó chíos an chuil,
do chualaidh go ceólmhar caoin
20] an lucht do bhí ag faire an chruidh.
- Bocht an eaglais bhíos gan cheól,
Dáivídh rí do sheól an reacht;
cia an pápa tháinig riamh
nár mhol dá chliar an ceól ceart?
25]
- Ní bó bhíos i dteampall mhór
ag géimnigh, ná bró bheag bhreac,
acht orgáin, cláirseach is sailm,
aoibhinn a dtairm gach re feacht.
- Teithidh an diabhal ria gceól,
30] dearbhaid ughdair eól gan locht;
follas sin ar Dháivídh rí
is ar Shaul do bhí go holc.
p.10
- Clann Ádhaimh, Donnchadh 's an t-ab,
atáim lag ó táid i gcill;
35] níor chríon mo chruth ná mo bhrat,
an dá mhac dá maireadh linn.
- Brian Mac Mathghamhna na n-each,
fear nach dearna creach ar chill,
is ua Í Ruairc na gcuach n-óir,
40] ó theasta im chóir ní bhead binn.
- Ní thuigid mise an aois óg,
lánmhar iad ó bhród na nGall,
is ní mó thuigid iad féin;
ní bhfuilim gan chéill im rann.
45]
- Ní thuigir-se an phaidear féin,
a Dhonnchadh chléibh chognas mill;
ní bhfuil ionnad acht brughaidh bocht,
bí id thocht, is ná labhair linn.'
- 'Éist, a Ghiolla, liom go fóill:
50] saoilir féin gur cóir do dhán;
do-ghéana mé praiseach díbh,
bí ar mire nó bí slán.
- Róard an ghairm duitse cuach,
ní bhfuil don cheól a luach leat;
55] níor thuill Éamonn féin a hainm,
gé'r mhór a ghairm san cheól cheart.
- San dá éan-sa is mór mo dhúil;
tuaraid arán dúinn is im;
ní bhfuil don ealtain a luach,
60] an traghna 's an chuach bheag bhinn.
p.11
- Anadh iolar i bhfad suas,
anadh seabhac na ruag ngéar,
anadh gach éan i bhfad siar;
ní cosmhail iad lem dhá éan.
65]
- Éan an bhainne bhinn an chuach,
truagh a luadh led cheapán cuill;
is tur tirim lúth na meór;
binne í ná ceól críoch gCuinn.
- Binn, a Ghiolla, traghna an ghuirt;
70] níor bh'iarrtha dhuit breith a gill;
an cumhain leat gorta, a ghrádh?
atá is atá an t-arán binn.
- 'Chugaibh! chugaibh! gruth is im,
éistear linn!' adeir an chuach;
75] rádh na traghna do ghlór cheart:
'Atá an eórna ag teacht go luath!'
- Aon phort riamh is fearr ná sin
níor sinneadh libh le lúth meór,
Colla, Naoise, is Nioclás Dall,
80] 's a raibh sibh ann riamh le ceól.
- Ní mharbhann siad cearc ná gé,
ní mó ithid féar ná gort;
ní bhfuair biatach fairsing fial
aon locht riamh ar chéill a bport.
85]
- Ar an gceól nach dtuigim uaibh
créad fá dtiubhrainn duais gan chéill?
Acht an bhó, 's an bhró, 's an gort,
don deamhan port thuigim féin!
p.12
- A Ghiolla-mhuire is binn meóir,
90] seanchas ceóil giodh ionmhain leat,
a lán bainne 's a lán méidhg
ní thiubhrainn féin ar do cheap.
- Annsa leam géimneach na mbó
ag teacht fá dhó in gach lá
95] chugam le gruth is le him
ná an ceap nách bia binn go bráth.
- An ceól is binne fán ghréin,
dar liom féin is creite uaim
binne liom ná dórdán salm
100] crónán na dtarbh ris na buaibh.
- Más ait leatsa 'draoill ó dró,'
ró-ait liomsa bó san bhféar;
más milis leat 'draoill ó druth,'
milse liomsa gruth im bhéal.
105]
- Guth téad má líonann do bhrú,
ní hionann thú is mé féin;
ná hiarr orm 's ní iarrfad ort
ceól do chrot, a chláirseóir chléibh.
- An traghna ghlórach 's an chuach,
110] ní iarrann siad luach ar cheól;
ós tusa is seirbhe le cluais,
ná hiarr duais ach uiread leó.
- Ní bhfuil san cheól uile acht gaoth,
's is duine baoth shinneas é;
115] annsa leam go mór an taos,
ó' sé choisgeas fraoch mo dhéad.
p.13
- Cláirseach caimfhiaclach na dtéad
olc an séad ag duine bhocht,
fiche preabán ar a toll,
120] 's dá fhichid poll ar a corp.
- Olc a lámhchrann, olc a corr,
measa a com mar chriathair beach;
mór a leac, luaimneach a gléas;
suaimhneach an fear téad nár mheath.
125]
- Luch ag sgeilleadh airgid rí
ar leic mhín, is cosmhail ribh;
cuirim spéaclóir ar mo chluais,
's ní chluinim uaibh acht 'big, big!'
- Sinn, a Ghiolla, go teann tréan;
130] maith mo chomhairle ar séan duit;
ó táid gotha an umha fann,
cuir-se téad charr in do chruit.
- Muintir Chléirigh is Clann an Bháird
ní fiú a n-eagna ná a ndán bró;
135] an brughaidh is mó ba is laoigh
isé sin an tsaoi bhrón (?).
- An borb 'gár lia caora is cruach,
's 'gá bhfuil a luach d'airgead gheal,
ní bodach é nách déan meall;
140] isé is uaisle 's is fearr ceap.
- Reac do chláirseach, ceannaigh píob,
leig díot an druimseach gan áird;
róbhinn feadán re cois brón,
's is binn an dos mór ar sráid.
p.14
145]
- Nach gcualais go bhfuil i n-úir
Brian mac Con, gan úidh ar cheól,
's Ó Seachnasaigh gan bheith san nGort;
gread do bhos, ná hiarr bheith beó.
- Ná déan uaill as an Chalbhach Ruadh;
150] ca fios duit an buan a bhláth?
ní chanaim díbh leath mo sgéal,
uch! ní mhaireann séan do ghnáth.
- An cheard ris nach bhfaghthar bróg
acht mire is bród, mairg 'gá bhfuil!
155] tarbhach toradh ceóil ná brón,
's is maith an stór thig ón mbuin.
- Is mór mheathas ris an gceól,
caillid leis a seód 's a mbláth;
uch! mo thruaighe mar tá siad,
160] mar nách bhfaghaid a riar ó chách.
- Ná caill i-bhus agus thall;
ó tá tú dall, ná tréig Dia;
tuair flaitheas Dé do chuid,
ó 'sé mhairfeas duit go cian.'