Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 5
1]
Ní binn do thorann rem thaoibh,
a mhacaoimh shaoir ná bhfonn ngarbh!
giodh deacair dúinn gan a chleith,
do bfhearr liom thú do bheith balbh.
5]
Do dhúisgeóbhthá mairbh a huaigh
leis gach fuaim dá dtig ód shróin;
a chaomhthaigh luigheas im ghar,
is doiligh damh bheith dod chóir.
Dá mbeith ceachtar díobh im chionn,
10] do badh lugha liom do ghuais
gáir chaoilcheann ag tolladh chrann
ná do shrann ag dol im chluais.
Binne liom grafainn na muc
ná gach guth lingeas ód shróin;
15] binne fósní bhiam dá cheilt
gaineamh agá meilt i mbróin.
p.6
Binne bodharghuth lag laoigh,
díosgadh drochmhuilinn mhaoil bhrais
nó géis gairbheasa chaor mbán,
20] re lingeadh do lár tar a ais.
Binne bloisgbhéime ná n-all
ná gach srann dá dtig ót ucht,
's is binne donál na bhfaol
ná gach claon chuireas tú id ghuth.
25] Binne guth lachan ar linn
ná glothar do chinn id shuan,
agus is binne fá seacht
fuaim garbhthonn ag teacht i gcuan.
Is binne búirtheadh na dtarbh,
30] gáir chlogán, giodh garbh an dórd;
gul leinbh, giodh siabhradh cinn,
is binne linn ná do ghlór.
Mná i n-iodhnaibh go ngoimh ag gul,
gan árach ar sgur dá mbrón,
35] caoi chadhan i n-oidhche fhuair,
is binne ná fuaim do shrón.
Sgeamhghal sgine re sgrios práis
ní mheasaim gur páis dom cheann
ná géim cairte re cloich chruaidh,
40] ón dord tig uait ar mo pheall.
Ceannghail tonn re creataibh long,
uaill fhearchon, giodh lonn a sian,
is míle binne céad uair
ná gach fuaim lingeas ód chliabh.
p.7
45]
Árach ní fhaghaim ar shuan,
do tógbhadh leat gruag mo chinn:
gach bolgfadhach tig ód cheann,
dar Brighid, dar leam, ní binn!