Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])

poem 3


1]
  • Mairg agá mbí meanma mhear!
    tosach fuaras nár chleacht cách:
    taobh re haonlocht ní bhí daoi;
    minic do bhí saoi re dán.

  • 5]
  • Ní hionráidh aifreann gan fhíon;
    annamh curthar síol na sméar;
    tig Máirt i ndiaidh gacha Luain;
    tearc, dá threise, nách fuair léan.
  • Ní coimseach coite gan tóin;
    10] truagh, a Mhuire, tóir gan arm;
    atá sgológ i nGleann Gó
    nách tabhair muc mhór ar bhanbh.

  • p.4

  • Ní teirce uisge ná fíon
    san bhaile bhíos gan chuan long;
    15] ar talmhain dá siubhladh súd,
    ní badh moille cú ná corr.
  • Ní hiondulta i luing gan lón;
    ionann díbh an t-ór 's a luach;
    itear arán ar bórd Gall;
    20] feirrde crann ar a mbí cnuas.
  • Ag pápa dá raibh san Róimh
    do bhí saidhbhreas óir, más fíor;
    innsim so dá gach neach,—
    feirrde teach ar a mbí díon.

  • 25]
  • Annamh itear muc gan dódh;
    is minic fear mór go meirbh;
    gach fear dá léighfe mo dhán
    ní bhfuighe bás do bhreith leinbh!
  • Is tearc duine théid ón bhás,
    30] innsim sin do chách os aird;
    an uair do mhair Fionn na bhfian
    do bhíodh a shealg ar Sliabh Mairg.