Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
poem 2
- 1] Mug, cupán, agus píopa
tá annso sgríobhtha ar a leabaidh;
is olc a bpáirt re Maoilre,
nách leigeadh dhóibh sgíth ná colladh!
p.3
- 5] 'Ní misde liom féin,' ar an Mug,
'má bhíon sé gan musgailt chuíche;
is minic d'fhág sé mo bholg
folamh lá fada agus uíche.'
- 'Mise mar an gcéanna,' ar an Píopa,
10] 'cé gur minic a níodh mo phógadh,
do loisgeadh sé mo bhéal gach am,
is do chaillinn mo cheann ina phóca.'
- 'Éistigí!' ar an Cupán,
'a dhís breallán gan tuigse;
15] éireó sé arís go folláin;
níl air ach crithán beag misge.'