Corpus of Electronic Texts Edition
Measgra Dánta (Author: [unknown])
p.1
poem 1
1]
- Mo-chean do theacht, a sgadáin!
druid liom, a dhaltáin uasail;
do chéad beatha 's do shláinte!
do thuillis fáilte uamsa.
5]
- Dar anam h'athar, a sgadáin,
gidh maith bradáin ná Bóinne
is duit labhras an duain-se,
ó's tú is uaisle 's is óige.
- A fhir is comhghlan colann,
10] nách déanann comann bréige,
cara mar thú ní bhfuaras;
ná bíom suarach fá chéile.
- Dá bhféachdaois uaisle Banbha
cia is mó tarbha don triúr-sa,
15] iasg is uaisle ná an sgadán,
idir bradán is liúsa.
p.2
- Is é ar bhféachain gach cósta
go crích bhóchna ná Gréige,
iasg is uaisle ná an sgadán
20] ní bhfuair Conán Chinn-tsléibhe.
- A sgadáin shéimh shúgaigh,
a chinn chúmhdaigh an Chárghais,
a mhic ghrádhaigh mo charad,
leam is fada go dtángais!.
25]
- Gidh mór do thuit a-nuraidh
dod ghaol bunaidh fán méis-se,
ná cuimhnigh fíoch ná fala,
ó's tú cara ná cléire.
- A sgadáin shailltigh shuilbhir
30] nach bíonn go duilbhir dúinte,
leamsa do theacht ní hanait,
súil ar charaid an tsúil-se.
- I dtús an Charghais chéasta,
a fhir le ndéantar comhól,
35] ortsa, go teacht ná Cásga,
is mór mo ghrása 's is romhór.