Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

Poem 2

Fúarus iongnadh, a fhir chumainn

Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Fúarus iongnadh, a fhir chumainn,
    2] cádhus úatha ní fhúair mé,
    3] na dáoine dar dhúal ar n-ionramh,
    4] as úar náoidhe an t-iongnadh é.
  2. 5] Meisi folamh, féch nach diongna,
    6] 's dáoine dáora ar nár dhúal gean
    7] sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
    8] a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh.
  3. 9] Mná anúaisle buirb is bathluigh
    10] a mbeartaibh óir san aird thall
    11] atáid trá agus sinn gan édáil,
    12] dar linn atá égáir ann.

  4. p.42

  5. 13] Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
    14] dár las um chorp crithir thnúidh,
    15] a mhic Fíthil ó íadh Énna,
    16] grían do dhíchil déna dhúin.
  6. 17] A cheinnbhile chathrach Túama,
    18] tuig cheana nach cubhaidh rinn
    19] gan bheith a ngoire d'fuil úasail,
    20] cuir ó chroidhe súasuin sinn.
  7. 21] Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh,
    22] mo chéidní ó do chaith mé
    23] má atá do thal leam, a Fhlaithrí,
    24] budh geall damh ré haithní é.
  8. 25] Nír bheag let athair mar iongnadh
    26] gan m'ana ag fás, foirfe an coll,
    27] is toice ag fás ag mac moghadh,
    28] a shlat dár fhás toradh trom.
  9. 29] Cing Artúir, úaithne na talmhan,
    20] trén ar an mbioth do bhí sé
    31] teacht 'na dhál do dhligh gach duine,
    32] do thil clár na cruinne cé.
  10. 33] Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
    34] gan iongnadh núa, núaidhe in barr,
    35] go hég íar rúachtain san ríghe,
    36] gég úachtair na tíre thall.
  11. 37] Ní léigfind dó, díochra an bhríathar,
    38] dá mbeinn ann an úair do mhair,
    39] rí an chruine na ccosgar ccoimhthe,
    40] luighe is trosgadh oidhche air.
  12. 41] San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
    42] do inneósuinn a hucht m'ord
    43] mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth,
    44] is ór ar breith bathlach mborb.

  13. p.43

  14. 45] Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfeadh
    46] clanna ladrann lán do mhoirn,
    47] is méd mh'anshóidh fá fhuil nGáoidheal
    48] ní fhuil anóir áoidheadh oirn.
  15. 49] A ccúirt Labháin na learg ccorcra
    50] ar comhroinn thoir atá mé,
    51] mar tám is ionnsa lem aithghin,
    52] nár liomsa dom aithribh é.
  16. 53] Atá seanbháidh ag slait Thúama
    54] risin ttreibh ó ttáinig sinn,
    55] má tá sin a mbun na báidhe,
    56] do dhligh cur a láimhe linn.
  17. 57] San aimsir dob ollamh fileadh
    58] Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh,
    59] do bhíadh connailbhe 'na chroidhe,
    60] sgíath comairghe Mhoighe Máoin.
  18. 61] Reulta eólais érlamh nUisnigh,
    62] airdeasbag Connocht, cruth fíal,
    63] sáoi do mhol gach file fíre,
    64] cridhe sgol na tíre thíar.
  19. 65] Éigne Bhúille, bradán Chonga,
    66] craobh do lubhghort leasa Té,
    67] ésga órrtha ar nár fhás dubhadh,
    68] sás mórtha na n-umhal é.
  20. 69] Sruith díadha nach dearna formad,
    70] flaith corónta chosnus tnúdh,
    71] buinne milis a táobh tolcha,
    72] iris náomh nach ronnfa a rún.
  21. 73] Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion,
    74] mac Onóra, eineach búan,
    75] tamhan úr ón Bhanbha bhráointe,
    76] rún m'anma, fáoilti nach fúar.
    Fuar.

  22. p.44

  23. 77] Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh,
    78] fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh,
    79] do bhíodh a thoil ar tí a dáilte,
    80] nírbh í soin an fháilte fhúar.
  24. 81] Conn mac Ó Rúairc na renn ndoinnte,
    82] damhna Connocht, cneas mar úan,
    83] a dhá chaomthach re feadh bfaghla,
    84] cáolshruth sean is adhbha fhúar.
  25. 85] Téighim tar teaguscc na n-easbal
    86] tre aithighidh na n-olc mbúan,
    87] eagal mo char as a chumann,
    88] ná rabh Peadar umam fúar.
  26. Fúarus.


    p.44