Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird
Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
File Description
Osborn BerginElectronic edition compiled by Benjamin Hazard
Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CELT Project
2. Second draft.
Extent of text: 2600 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (2003) (2011) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402567
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript sources- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don.
- Royal Irish Academy, Dublin, MS. 23 F 16.
- Royal Irish Academy, Dublin, MS. 3 C 12.
- Brussels, Bibliothèque Royale, MS. 61316133.
Further reading- Pádraig Ó Macháin, Poems by Fearghal Óg Mac an Bhaird, Celtica 24 (2003) 252263. [Survey article about Mac an Bhaird's oeuvre with further literature.]
The edition used in the digital edition- Osborn Bergin, Duanta Fearghal Óg Mhic An Bhaird in Irish Bardic Poetry, Ed. Osborn Bergin. , Dublin, Dublin Institute for Advanced Studies (1970) page 3748
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been proof-read twice and parsed.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Quotation
There are no quotations.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation
div0=the whole text; div1=the individual poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
This text uses the DIV1 element to represent the Poem.
Profile Description
Created: By Fearghal Óg Mac an Bhaird, an Irish bardic poet
Date range: c.1580c.1626 (see P. Ó Macháin, Celtica 24).
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402567
Duanta Fearghal Óg Mhic an Bhaird: Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird
p.37
Beannacht siar uaim go hÉirinn
Fearghal Og Mac an Bhaird cct.
- 1] Beannacht siar uaim go hÉirinn,
2] críoch mín sleachta saoir-Fhéilim:
3] buime ar n-oileamhna is í soin,
4] ní doidhealbha í ar fhéchoin.
- 5] Siar ó Albain na n-eas mbinn
6] beannacht uaimse go hÉirinn:
7] críoch bhreicmhín as mhín moighe,
8] seintír mar thír tarngoire.
p.38
- 9] Beannacht go baile Phádruig,
10] Ard Macha an mhúir mhíonfhádbhuig,
11] 'sgo ríoghDhoire na sreabh seang,
12] treabh as líonmhaire léigheann.
- 13] Lé díoghrais go Dún na nGall
14] beannacht nó dhó arís romham:
15] sí shaoilim do fhóir mh'aicme,
16] róimh aoibhinn ar n-adhlaicne.
- 17] Beannacht go hEas rámhach Ruaidh,
18] go sruth Sligigh 's go seanMhuaidh:
19] buaidh tar gach n-innbhear aige,
20] 's go cuan mbinngheal mBuannaide.
- 21] Beannacht go Loch Éirne uaim,
22] 's go Loch Gile an fhóid ionfhuair,
23] 's go Loch ngeal bhfíonmhar bhFeabhail
24] na sreabh bhfíorghlan bhfoithreamhail.
- 25] Beannacht chuca ceann a gceann
26] go hinnbhearaibh fhóid Éireann:
27] folchuid siad tráigh le toradh,
28] ní cáir gan iad d'adhmholadh.
- 29] Mo bheannacht ós aird uile
30] go hUlltaibh acht aonduine:
31] caor slóigh as neambocht aniogh,
32] mo bheannacht is dóibh dlighthior.
- 33] Beannacht chuca, ní cúis nár,
34] idir fhear is mhnaoi is mhacámh:
35] laoich fhearchonta as fhíorghlan smacht,
36] ríoghradh chleathchorcra Chonnacht.
- 37] Beannacht uaim 's ní hiongnadh dhamh,
38] go sluagh mórdhuasach Mumhan:
39] críoch a riaghla is nár anois,
40] acht amháin iarla an Fhorghais.
- 41] Bhós muna bheidís Dubhghoill
42] san Mhidhe thais thobarmhoill,
43] tiar ní dhingninn a ndearmod,
44] an fhinnshlim fhial oirearbhog.
p.39
- 45] Sluagh Laighean nach beag bronnadh,
46] siad fós gion go bhfacamar,
47] laoich uaisle go n-ágh n-oinigh,
48] slán uaimse dá n-ionnsoighidh.
- 49] Tréd geildearg na ngruadh gcorcra,
50] beannacht do dhruim dúthrochta
60] an drong ógnáir fhuair gach geall,
70] uaim go hógmhnáibh na hÉireann.
- 71] Ó chroidhe tar fiadh bhfuinidh
72] beannacht uaim dá n-ionnsuighidh,
73] lucht dénta na nduan molta,
74] sluagh brégtha gach bantrochta.
- 75] A ndearmad dúinn ní dleaghair,
76] lucht sgaoilte gég ngeinealaigh,
77] tearc file dá rádh reampa,
78] grádh mo chridhe an chuideachta.
- 79] Lucht fóirthe cneadh gan chairde,
80] beannacht siar tar seanfhairge
81] ón chrích chuirr fhínfhleadhaigh fhinn
82] go ríghleaghaibh Fhuinn Fhéilim.
- 83] Ar mbeannacht do thaobh thoile
84] go cléirchibh Fhóid Iughoine,
85] drong shéimhidhe nach borb mbreath,
86] an t-ord céillidhe cráibhtheach.
- 87] Beannacht róm, ní rún folaigh,
88] go lucht an cheóil charthonaigh,
89] tearc fáidhfhile as fearr fá a bhfuair,
90] 's go háiridhe a gceann Chiothruaidh.
- 91] Tar éis gach druinge dhíobh soin
92] beannacht gus an óigh n-arsoidh,
93] dán céile Cormac ua Cuinn,
94] Éire na ndonnbhrat ndíoghuinn.
- 95] Gorm fallán fér na hinnse,
96] dlúith a coillte cnóimhillse,
97] cnuas toghtha is iomdha orra,
98] tolcha tiorma taobhchorra.
p.40
- 99] Triall uaithe as adhbhar doghra,
100] snoighthe a cúirte clárghorma,
101] grádh fíre aca uaimse,
102] míne a slata saoruaisle.
- 103] A fágbháil is fáth maoithe,
104] binn foghar a fannghaoithe,
105] an ghormBhanbha fá bhfill fiodh,
106] 's is binn orlabhra a haibhniodh.
- 107] Labhra a hén gclúimhgheal gcorcra
108] ní beag do cheól chodolta:
109] gan mé aniogh san mhín mhaighrigh!
110] mo chion don tír thobairghil.
- 111] Mag Aonghusa nár dhiúlt dán,
112] céd beannacht uaim tré fhíorghrádh
113] dá mhíonbhais is dá ghruadh gheal,
114] dual an díoghrais fa dheireadh.
- 115] A bhille atá ag triall tar tuinn
116] go feart Chuinn Ó Ruairc romhuinn,
117] a shamhail níor chein a gcorp,
118] tabhair is beir mo bheannocht.
- 119] Fear cumainn do char meise
120] Peadar mo chnú chridheise,
121] dlighthear dhúin dul ina ucht
122] do shúil re brugh na mbeannocht. Beannocht.
p.41
Fúarus iongnadh, a fhir chumainn
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
- 1] Fúarus iongnadh, a fhir chumainn,
2] cádhus úatha ní fhúair mé,
3] na dáoine dar dhúal ar n-ionramh,
4] as úar náoidhe an t-iongnadh é.
- 5] Meisi folamh, féch nach diongna,
6] 's dáoine dáora ar nár dhúal gean
7] sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
8] a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh.
- 9] Mná anúaisle buirb is bathluigh
10] a mbeartaibh óir san aird thall
11] atáid trá agus sinn gan édáil,
12] dar linn atá égáir ann.
p.42
- 13] Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
14] dár las um chorp crithir thnúidh,
15] a mhic Fíthil ó íadh Énna,
16] grían do dhíchil déna dhúin.
- 17] A cheinnbhile chathrach Túama,
18] tuig cheana nach cubhaidh rinn
19] gan bheith a ngoire d'fuil úasail,
20] cuir ó chroidhe súasuin sinn.
- 21] Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh,
22] mo chéidní ó do chaith mé
23] má atá do thal leam, a Fhlaithrí,
24] budh geall damh ré haithní é.
- 25] Nír bheag let athair mar iongnadh
26] gan m'ana ag fás, foirfe an coll,
27] is toice ag fás ag mac moghadh,
28] a shlat dár fhás toradh trom.
- 29] Cing Artúir, úaithne na talmhan,
20] trén ar an mbioth do bhí sé
31] teacht 'na dhál do dhligh gach duine,
32] do thil clár na cruinne cé.
- 33] Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
34] gan iongnadh núa, núaidhe in barr,
35] go hég íar rúachtain san ríghe,
36] gég úachtair na tíre thall.
- 37] Ní léigfind dó, díochra an bhríathar,
38] dá mbeinn ann an úair do mhair,
39] rí an chruine na ccosgar ccoimhthe,
40] luighe is trosgadh oidhche air.
- 41] San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
42] do inneósuinn a hucht m'ord
43] mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth,
44] is ór ar breith bathlach mborb.
p.43
- 45] Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfeadh
46] clanna ladrann lán do mhoirn,
47] is méd mh'anshóidh fá fhuil nGáoidheal
48] ní fhuil anóir áoidheadh oirn.
- 49] A ccúirt Labháin na learg ccorcra
50] ar comhroinn thoir atá mé,
51] mar tám is ionnsa lem aithghin,
52] nár liomsa dom aithribh é.
- 53] Atá seanbháidh ag slait Thúama
54] risin ttreibh ó ttáinig sinn,
55] má tá sin a mbun na báidhe,
56] do dhligh cur a láimhe linn.
- 57] San aimsir dob ollamh fileadh
58] Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh,
59] do bhíadh connailbhe 'na chroidhe,
60] sgíath comairghe Mhoighe Máoin.
- 61] Reulta eólais érlamh nUisnigh,
62] airdeasbag Connocht, cruth fíal,
63] sáoi do mhol gach file fíre,
64] cridhe sgol na tíre thíar.
- 65] Éigne Bhúille, bradán Chonga,
66] craobh do lubhghort leasa Té,
67] ésga órrtha ar nár fhás dubhadh,
68] sás mórtha na n-umhal é.
- 69] Sruith díadha nach dearna formad,
70] flaith corónta chosnus tnúdh,
71] buinne milis a táobh tolcha,
72] iris náomh nach ronnfa a rún.
- 73] Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion,
74] mac Onóra, eineach búan,
75] tamhan úr ón Bhanbha bhráointe,
76] rún m'anma, fáoilti nach fúar.
Fuar.
p.44
- 77] Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh,
78] fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh,
79] do bhíodh a thoil ar tí a dáilte,
80] nírbh í soin an fháilte fhúar.
- 81] Conn mac Ó Rúairc na renn ndoinnte,
82] damhna Connocht, cneas mar úan,
83] a dhá chaomthach re feadh bfaghla,
84] cáolshruth sean is adhbha fhúar.
- 85] Téighim tar teaguscc na n-easbal
86] tre aithighidh na n-olc mbúan,
87] eagal mo char as a chumann,
88] ná rabh Peadar umam fúar. Fúarus.
p.44
Slán agaibh, a fhiora Mumhan
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
- 1] Slán agaibh, a fhiora Mumhan,
2] meanma fhuirigh ní fhuil fúm:
3] do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh,
4] triall uaibhse gé doiligh dhún.
p.45
- 5] (Mo shlán agaibh) re hucht m'eachtra,
6] ós éigean damh dul budh thuaidh:
7] re dul go Doire, is dál abaigh,
8] slán ó chroidhe agaibh uaim.
- 9] Fiora Mumhan na múr sochraidh,
10] sluagh síthe ag nach saoghlach fíon,
11] laoich danab dual dál a mbleidheadh,
12] slán uam ag gach deighfhear dhíobh.
- 13] Tearc tír badh cuirthe 'na coimeas,
14] clár Mumhan is míne gné,
15] uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh,
16] gan slán d'ól ní fhúigeabh é.
- 17] Ó táim ag triall go Tír Conaill
18] críoch mic Maicniadh na múr dtais,
19] slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh
20] mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais.
- 21] Slán dá dúintibh is díol seirce,
22] slán dá haibhnibh nách ard nglóir:
23] meinic dámh uaidhe gan easbaidh,
24] slán uainne dá heasgraibh óir.
- 25] 'Na mbothaibh do bhínn im luighe,
26] mo lucht cumainn, cead a luadh;
27] trágh ar a n-inntleacht ní fhaca,
28] slán ré n-imtheacht aca uam.
p.46
- 29] Beireadh Peadar is Pól easbal
30] d'fhéachain nimhe na naoi ngrádh
31] bíd tar cheart ag labhradh linne
32] tar neart m'fhaghladh sinne slán.
p.46
Truagh liom Máire agas Mairgrég
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
- 1] Truagh liom Máire agas Mairgrég,
2] ní beó bláth na n-umhailghég:
3] do chuir siad a nduilli dhíobh,
4] dá bhuime iad don imshníomh.
- 5] Fa ríor, fa ríor, nocha nfhuil
6] braon 'na ccroidhibh ón chumhaidh:
7] dá sheisi shuadh fhóid Uladh,
8] truagh mar táid ar ttiormughadh.
p.47
- 9] Ionand toirrsi dhamhsa is dóiph,
10] Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin,
11] Rughroidhe Cabha dár ccrádh,
12] mana turbhuidhe a thérnádh.
- 13] Tréd bhocht gan aodhaire inn.
14] Cathbharr, cend einigh Éiriond,
15] fá líg thrá, ga truaighe dál,
16] atá uainde san Eadáill.
- 17] San Eadáill na n-eas dtana,
18] ionand is ég Nualadha,
19] atá géis chnómhoighe Chuinn,
20] cróluighe dhá héis oruinn.
- 21] Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
22] mairfidh go laithe an luanbhráith,
23] tosach garma chrú gCriomhthain,
24] clú a hanma idir Eiriondchaibh.
- 25] Do beanadh dhínn, dia do chor,
26] abhus ar tús, tuar cumhadh,
27] súil mhallghlas dar chreite a ccath,
28] Maghnas eite na uUlltach.
- 29] Ar Mhaghnas mac Ó Dhomhnoill,
30] a ccrích Uisnigh iobhardhuind,
31] cuire a chomhaoisi nír chinn,
32] ro-Naoisi fola Feidhlim.
- 33] Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais,
34] ceithre mic d'Aodh mac Maghnais,
35] cuan dreagan nár dháil a rún,
36] dháibh nír bh'eagal acht iomthn'údh.
- 37] Ní faicfidhear, foirbhthe an béd,
38] lorg a ccraoitheadh ná a ccroimsdéd
39] fán Eithne, fán Máigh mallfhuair,
40] ceithre cráidh an Chonallshluaigh.
p.48
- 41] Seabhaic uaisli Innsi Fáil,
42] ceithre creacha chnuic Chruacháin,
43] ceithre troimchreacha Teamhra
44] na doindchleatha doigheardha.
- 45] Iongnadh Máire do mharthain,
46] 'sna haibhne nach ionarthroigh,
47] as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh
48] do shíor ag caoi an cheathrair-sin.
- 49] Ní filltear fiodhradh abhla
50] le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha,
51] ná fiodhradh chaillghég le cnoibh,
52] iongnadh Mairgrég do mharthain.
- 53] Ní hí Mairgrég ná Máire
54] chaoinim, is cúis diombáighe,
55] acht an cor-sa ar cró na bhFionn,
56] mó sa mhó osna Éiriond.
- 57] A gceithre dearbhbhráithre ar ndol,
58] Máire is Mairgrég mhúir Chruachan,
59] cosg ag dol do shíor ar shuan,
60] a ccor fa ríor is rothruagh.