Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 44
AOIR
Ag so an aoir do-rinnigh Tadhg Dall Ó Huiginn dona daoinibh
do Mhuinntir Eadgra, fár bheanadar a theangaigh as et cetera
- Sluagh seisir táinig dom thigh,
do-bhéar uaim iúl an tseisir;
tearc do lacht mé arna mhárach
ó thart na sé sealánach.
- Dob fada riamh roimhe soin,
do réir dhóchais, nách deachaidh
greim do bhiadh bó 'na mballaibh,
an triar 'na dhó adubhramair.
- Táinig díom'sis dainimh soin
a mbreith ó bhás go beathaidh,
mo lacht d'ól nocharbh furáil,
ar mhór tart an turaráin.
p.279
- Díoth orm is éigin orra
atú i n-amhghar eatorra;
ceilt na rannsa is deacair dhamh,
sás peacaidh damhsa a ndéanamh.
- Ní i bhfolach is fearr an aoir
gi bé thuilleas a thathaoir;
mar do aor mé an sluagh seisir
ni dual gan é d'innisin.
- An céidfear do-chonnairc sinn,
dob fearr culaidh don cheithirn;
giolla dár lór bonn dá bheirt,
nachar lom ól ná imbeirt.
- An dara fear mar fuair mé
táinig i dtús na buidhne,
fear truagh léar tréigiodh a smior,
ní léigiobh uam gan áiriomh.
- Dob í culaidh an treas troch
seangha agus tuagh bhog bhearnach;
é 'sa bhunaidh tuaighe i dtroid,
mo thruaighe an chulaidh chomhraig.
- Culaidh an cheathramhadh fir,
do ghluais leó lán do sgitil,
ceithre croinn trasna ar a thóin,
nár bhoing casna do chusbóir.
- Le cois an cheathrair oile
tig an cúigeadh cladhaire,
go léine ghiorr nár gheall buinn;
dar liom níorbh fearr a falluing.
p.280
- Munadh giolla nárbh fiú fridh
do bhí le cois an chúigir;
fear fothana go ngné ghloin,
dob é an drochara ar ndéachain.
- Guidhim Dia do dhoirt a fuil,
ós é a meath bheith 'na mbeathaidh
ní mór gurab marthain sin
nár marbhthair an sluagh seisir.SLUAGH