Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 42

IOMCHASAOID

  1. Oraoid sunn go síol gColla
    dá iomchasaoid eatarra —
    an ramhacraidh ó Mhoigh Mharr —
    a bhfoil d'anacraibh oram.
  2. Ná fágaibh fós fear dearmoid
    d'fuil Cholla ó Chliaigh imealbhuig
    nách aigeólla sibh fa seach,
    fir nách aideómha ar n-eiteach.
  3. Sliocht Toirdhealbhaigh mheic Marcais—
    labhair rem lucht díoghaltais;
    tréad is éadána ar filidh,
    méad m'éagára is m'aindlighidh.
  4. Inneósad duit, a dhuine,
    mo chasaoid, mo chéalmhaine,
    don droing mhóir suilbhirthe sáimh,
    i ndóigh cuimhnighthe ar gcomhráidh.
  5. Mór gceann bhfadhálta feadhna,
    iomdha coinnmhe is ceithearna —
    mairg ga mbí ad (?) comharsa cóir —
    do-ní oramsa an éagóir.

  6. p.276

  7. Ceithearn an tighe rem thaoibh,
    bíd lán d'ulc agus d'anaoibh,
    gach re lá ag toigheacht im' theagh,
    'san t-oireacht atá im' thimcheal.

  8. [...]
    ttugainn mir ar gach mir
    don foirinn natmhoir ainm
    [...]

  9. p.277