Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 39

AISLING

  1. Néall mná síthe sunn aréir,
    mairg fuair radharc an rínéill;
    bean a haithghin níor féagh sinn,
    an néall rér aithrigh mh'inntinn.
  2. Ionmhuin taidhbhse táinig sonn
    aréir trem chodladh chugom;
    biaidh choidhche 'ga luadh linne
    suan oidhche na haislinge.
  3. Gruaidh leithgheal nár dheirge rós
    'gon inghin, dob é a hiomthós;
    dearca mar dhlaoi don bhugha,
    dá bhraoi chearta chíordhubha.
  4. Béal tana nár mhillse mil
    ar ghné ógróis 'gon inghin;
    gach glór róirighin do ráidh
    fa lór d'fóiridhin easláin.
  5. Tarla i mbéal na mbriathar mall
    déad roigheal mar fras néamhann;
    leaba seang dá hós uime,
    ar nós dá pheall pharluinge.
  6. Eidir ghéagaibh glac leabhar
    atáid so ar na suidheaghadh —
    tolcha corra chíogh gcaoimhgheal,
    is díon orra d'órchraoibhreadh.

  7. p.265

  8. Tánaig coimhdhíon a dhá chos
    don bhuaidh do bhí ar . . .,
    dá bhróig go n-imlibh órdha
    fan n-óig mbinnghil mbánóghdha.
  9. Brat corcra go gciomhsaibh sróil,
    léine dheirgimeal ndeargóir,
    géill chuimhrigh óir dob ionair
    mun n-óigh suirghigh sídheamhail.
  10. Beannaighis an mhín mhálla
    dhúin d'furfuighlibh éadána;
    do freagradh uaim dá aithle
    an sduaigh dheaghglan deaghaighthe.
  11. I gcionn athaidh dá éis sin
    fiarfaighthear uaim don inghin:
    ga ríghe i mbí do bhunadh,
    ga rí tíre ó dtángabhar ?
  12. Dá rann nó trí atá ar domhan,
    mó is cumhang ré a gcuartughadh
    diamhair mo sgeóil ní sgaoileabh.
  13. Ad dhiaigh tánag, tarr liom,
    rádh na hinghine ós ísioll,
    i d'faoidh mar ionnamhail orgáin
    caoin bionnfalaigh briatharnáir.
  14. Ní feas damh — dia do mhealladh —
    dul lé an uair do éimdheamar,
    cáit ar éirigh uaim d'eitill
    an sduaigh céillidh chroidhethim.

  15. p.266

  16. Sgaradh cuirp é re hanmhain
    don ríoghain deirg dhonnabhraigh,
    sionn d'fágbháil arna himtheacht,
    an fionn ágnáir fuighillcheart.
  17. Go Crích bhFódla, fada ó soin,
    mar sin táinig ó thosoigh
    bean bréagtha ríoChonnla Ruaidh;
    síothamhla a héachta an athuair.
  18. Mac dob fearr aga athair,
    Connla mhac Cuinn Chéadchathaigh —
    lé gaois éanmhná tar tuinn téid,
    ní théarná i luing a leithéid.
  19. Cuairt oile a hionnamhail soin
    tig tar tuinn go mac Feabhoil,
    bean donnbhruit is craoibhe ceóil,
    ordhruic an t-aoighe uirsgeóil.
  20. Naoi naonbhar do chloinn churadh
    d'uaisle oirir Dheasmhumhan
    rug lé mar Bran an bheansoin
    fa bladh é dá n-uireasbhaidh.
  21. Mealladh Bhrain, bréagadh Chonnla,
    tar muir le mnáibh allmhordha —
    mealltar mé le a mac samhla
    dar lat is é is éagsamhla.
  22. Síodh Mhidhir an mhúir phurtghloin,
    Dún Sainbh nó Síoth Abhartaigh —
    ní feas daoibh bean 'sna bruidhnibh
    budh meadh don chaoin chiúnfuighligh.
  23. Ní fuighthe i nEamhuin Abhlaigh,
    ná i mBrugh Aonghuis órarmaigh,
    bean sídh cuirthear 'na conchlann,
    an chruithgheal mhín mhalachdhonn.

  24. p.267

  25. D'éis na mná d'imtheacht uainne
    gan bheith im' fear éanuaire
    dá madh éidir é 'na fonn
    is sé budh éigin orom.
  26. D'éis mo ghrádha dá gruaidh ghil,
    ar n-imtheacht uain do'n inghin,
    mar théid tráigh i ngach tuile
    do bháidh ar méid meanmuine.

    NÉALL


  27. p.268