Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 38
BRÁTHAIR BRÉIGE
- Ca talamh duit, a bhráthair ?
dona grasuibh bheith umhal;
innis sgéala gan aincheas,
nách beam i n-ainbhfeas umad.
- An cuid dod riaghai1 chrábhaidh ?
léara, a bhráthair, is innis
créad tug do bhróga fallán,
is h'atán do bheith brisde ?
- D'éis ar siubhlais do roide,
a bhráthair choisflich chalma,
iongnadh leam gloine t'asán,
is h'atán lán do salchar.
- An raibhe id riaghail chrábhaidh,
a bhráthair ó chrích Connacht,
cruas do bhróg agus t'asán,
is h'atán do bheith robhog ?
- Dar leam ní faicim éanlocht
ar t'éadach fada fallán,
a bhráthair chroidhe cheóilbhinn,
acht nách fiú feóirling h'atán.
- Idir chóta agus chaipín,
idir aibíd is asán,
tar gach éanchuid dod chuladh
ní maith do cumadh h'atán.
p.263
- Ní dot aibíd atámuid,
a bhráthair as díol masán,
féach id dhiaidh is féach romhad,
mar tá brollach ar hatán.
- Th'atán, a mhacaoimh léighinn,
gi bé i nÉirinn ór gadadh,
ní hatán duine dhílis
bhíos dá sírreic i bhfalach.
- Ní hé a chuma go lochtach,
ní hé olcus a dhatha,
tug gan a dhíol san Chabhán,
acht é 'na atán ghada.
- Beith 'ga bhélreic, a bhráthair,
is tríd tánaig do mhilleadh;
baile so i ndéantar nathán:
mairg tug hatán go Sligeach.
- Fulang gada do bhráthair
ní do ghnáthaibh an Iarla;
dá seóltar tú 'na dhathán
biaidh an t-atán go riabhach.
- Maith do léine agus h'ionar,
deas do siobhal ar chlachán,
's is áluinn fós do mhatal,
's is olc ghabhus tú h'atán.
- Créad do-bheir th'aibíd goirid,
's th'falluing go noige do sálaibh,
agus h'atán fliuch fada,
ca talamh duit, a bhráthair ?CA TALAMH
p.264