Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 37

AN T-IM

  1. Fuarus féin im maith ó mhnaoi:
    an t-im maith — mása maith é —
    dóigh linn nách fa bhoin do bhí,
    an ní dá bhfoil do mhill mé.
  2. Do bhí féasóg ar bhfás air —
    ná rab slán d'féasóig an fir;
    súgh as nách néimhnighe neimh,
    geir go mblas seirbhdhighe sin.
  3. Do ba bhreac, fa hodhar é;
    ní fa ghobhar bhleacht do bhaoi;
    fada ó im i n-aisgidh é,
    'sa ghné d'faicsin linn gach laoi.
  4. A ghíomh leabhar mar folt eich,
    uch ní fríoth sgeana ro-sgoith;
    fada is tinn an tí ro-s-caith,
    an t-im maith ro bhí 'nar mboith.
  5. Brat eisréide fan ngréis ngoirt
    mar eisléine d'éis a chuirp;
    dob airdhe déisdin le deirc
    an cheirt d'féiscin d'aidhbhle a huilc.

  6. p.261

  7. Do bhí ar an fearsoin túth trom
    do mhúch is do mhearuigh ionn;
    tarfás dúinn gach aondath ann,
    barr craobhach clúimh ós a chionn.
  8. Ní faca sé an salann riamh,
    ní faca an salann é acht uadh;
    ní léigfe a chuimhne sinn slán,
    im bán is guirme iná an gual.
  9. Do bhí an ghréis ann, 'sní hí amháin,
    do bhí gach re mball don chéir;
    beag d'im do-uadhus 'na dheóigh —
    an t-im 'na feóil fuarus féin.

    FUARUS


  10. p.262