Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 36

CAIRDE THAR LEAR

  1. Aoibhinn an lása i Lonnainn,
    mór ngiolla saor sochomainn
    dom lucht chumainn do-chuaidh soir
    go Lunnainn uaim re hathaidh.
  2. Mór leannán is chnú croidhe
    inte dom aos ionmhoine,
    mór slat neamhdhaidhbhir aniogh
    do seanraighnibh Mac Míliodh.
  3. Bheith eatorra dob ait linn,
    lucht le n-airdeóchadh m'intinn;
    iomdha i Lunnainn dom lucht ghráidh,
    dom lucht chumainn is chomhráidh.
  4. Rugadh go Lunnainn tar lear
    glóir budh aoibhne rem aigneadh;
    áineas na gcraobh mbonnbhán mbog,
    comhrádh mo chaomh 's mo charod.

  5. p.258

  6. Aonchúigear fear dá bhfuil thoir
    dá bhfaicinn gach laoi i Lundain —

    [...]
    ussa óm thigh,
    ní hurusa tocht tairsibh.
  7. Gion go mbeith d'ulc nó d'easbhaidh
    oirn choidhche acht an cúigearsoin,
    níorbh fiú aonchúigear d'fiadh Bhreagh,
    an saorchúigear fial féinneadh.
  8. Donnchadh Ó Briain, bláth toraidh,
    Donnchadh croidhe Ó Conchobhair —
    dá ghríbh chumhdaigh bhruaigh Bhanbha
    i Lundain fuair allmhardha.
  9. Beag 'na dhiaidh mo dhíol tathaimh —
    Donnchadh ó Cuinn Chéadchathaigh,
    's i ndiaidh mo chumthaigh croidhe,
    Dhunnchaidh í Bhriain Bhóroimhe.
  10. Mac Í Fearghail, mh'Írial féin,
    atá i Lundain úir aigmhéil;
    diombádh gan mo thriall tar tuinn,
    's mo thriar lionnán i Lunnainn.
  11. Beagán ar dhá bhliadhain déag
    atá Pádraicín Pluingcéad
    i gcúirt úir na n-abhall bhfionn,
    gan tadhall ar úir nÉirionn.
  12. Gion go bhfaca riamh roimhe
    dreagan Dúna Sámhnoidhe —
    'na sduaigh mhín ghnéaghairthe ghloin
    bídh gach éanaidhche ar mh'aghaidh.

  13. p.259

  14. Pádraicín, mh'Írial, mh'aos gráidh,
    mo dhá Dhonnchadh — dias chonáigh;
    tuar neamhthuirse do Chlár Chuinn
    dál an cheathrairse chuguinn.
  15. An cúigeadh fear atá thall —
    Brian Mhág Eochagán, mh'anam,
    do-chóidh do Lundain tar lear,
    do chumhgaigh ar ghlóir Ghaoidheal.
  16. Donnchadh, Báidricín is Brian,
    mo Dhonnchadh oile is mh'Írial —
    an mhéid saoilim má tá thoir
    dob aoibhinn mo lá i Lunndain.
  17. Mo thriar compánach croidhe —
    Uilliam, Risdeard, Rudhroighe,
    triar nárbh fallsa riamh dá rann,
    triar is annsa ná an t-anam.

    AOIBHINN


  18. p.260