Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 33
SÉAD AIRM
- Mo chean doit, a Ghráinne gharbh,
ní mairg do bhiadh ort d'éanarm;
a réalta is déarghoirthe dath,
séanta bhéalsnoighthe bhaoghlach.
- A mhionn sgothamhail sgine,
a bhéisd neimhneach náimhdidhe,
a chneas garbh saoirmhíondubh seang,
a aoinríoghan arm nÉireann.
- A bheithir leadarthach lonn,
a rogha an uile iarann,
a séad fine duailgheal dubh,
a bhuaidhreadh cridhe curadh.
- A chailg ar nách déantar díon,
a áilleagán na n-airdríogh,
a bhéal doirche an doruis mhóir,
a soluis oidhche um iarnóin.
- A ghearradh snáithe saoghail,
a airdrí gach iolfaobhair,
a chúis tnúdha os cionn croidhe,
a mhionn súla sochoidhe.
p.244
- A mhír cruadha an chrotha buig,
ní rug do chéile comhruig,
'sní bhéara, a chneas mar chubhar,
sgéala ón treas i dtángubhar.
- Gidh í an tiomna gá dtám ris ?
gé madh beag an luach leighis,
fáth róaithfir dod ghné ghloin,
ní gnóaighthir é ar h'éachdoibh.
- Ní fuair neach ar druim domhain
gi bé teach i dtarlabhair
fios droichlimhna riamh ót rath,
a ghrian sgoithniamhdha sgiamhach.
- Maith séan dá dtarla tusa
d'Aodh Óg mhac an Aodhasa,
do dhamhna ríogh fréimhe Cuinn,
do dhíol do chéile cumuinn.
- Tusa a sáithsion do séad bhuadh,
a seansaoghlach áith fionnfuar,
giolla ó ráith bhéimeannaigh Bhreagh
do sáith d'éinearradh eisean.
- Meinic do tógbhadh tusa
mar gheall iomaid ionnmhusa
do ghlún mhíonchaomh í Mheadhbha,
re súgh bhfíonchaor bhfíneamhna.
- Meinic tug asud, más fíor,
i dtuillmheadh d'adhbhar airdríogh,
éigne ón Bhóinn bhionnfoclaigh bhuig
iomarcaidh óir is arguid.
p.245
- Meinic fríoth céad da gach crodh
asuibh ó Aodh go hollamh,
ar son clú an mhongabhraigh mhoill,
re hollamhnaibh crú Criomhthainn.
- Tusa, a lasair nár leónadh,
níor saoileadh go seicheónadh
géag seanAolmhuigh na sreabh seang
ar dheaghfaobhruibh fear nÉireann.
- Ní foighdís daoine an domhain
tusa ón déidgheal dathamhail
bas gheal dar éigin umhla
acht fear éigin ealadhna.
- Tú ar chomhaidh airgid nó óir
ni foighdís cách i gcéadóir
ó orsain slóigh bhonnbháin Bhreagh,
'sníor dhóigh t'oghbháil ar éigean.
- Ó chodhnach chloinne hEachach
níor ghabh ollamh ainbhreathach
ní ar talmhain acht tusa amháin,
amhlaidh dob usa t'agháil.
- Ón uair fár hiarradh thusa
ní bhia d'éis an Aodhasa,
a saorollamh bláth ballach,
cách d'aonollamh orramach.MO CHEAN
p.246