Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 32
CORMAC Ó HEAGHRA
- An áil libh seanchus síol gCéin
go mbearthar iad go héinfréimh ?
ar ghlainchineadh Éibhir Finn
caithfidhear déinimh díchill.
- Nó an áil libh go léigthi as,
an tobar feasa fuaras,
ar choibhneas mhíleadh Mumhan
fírsreabh d'foilgheas ealadhan ?
- Geall na druinge as dó tugadh,
an tÉibhear ór fásadar;
samhail lóchrainn bhrogha Bhreagh
ní robha ar mhórChloinn Mhileadh.
- Ní tháinig luach Éibhir Finn
idir Easbáin is Éirinn,
d'fuil ríogh na fine dá bhfuil,
do síol Bhile ná Bhreóghuin.
p.230
- Leis tángadar go Fiadh Fáil
na meicsin Mhíleadh Easbáin;
Clár Té do lingsean tar lear
a sinsear dob é Éibhear.
- Ceathrar mac ag Éibhear Fionn
do ghabh airdcheannas Éirionn;
díol san cheathrarsoin níor chin
do síol mhearchobhsoidh Mhílidh.
- Do-chuadar as dá éis sin,
acht Conmhaol mór mhac Éibhir,
gan chloinn d'fágbháil 'na n-áitibh
don droing ágnáir iomráitigh.
- Conmhaol mhac Éibhir na n-each,
an céidrí don chath Mhuimhneach
dár téagradh teagh i dTeamhraigh,
fear fár éadmhar ingheanraidh.
- Triocha ríogh d'éis aroile
atá san réim ríoghroidhe,
ó Chonmhaol go Brian na mbeann,
dá chomhghaol ar fiadh nÉireann.
- Dias d'easbhaidh dá fichead fear
do sliocht Éibhir mheic Míleadh
fa Ráith gcloidhfinn dtaidhbhsigh dTruim
go haimsir Oilill Óluim.
- Ó Oilioll mhac Eóghain Mhóir
go hÉibhear na n-arm ndeargóir
sluagh Breagh na saoirchridheadh séimh
aoinchineadh dob eadh iaidséin.
p.231
- Sliocht comhramhach Éibhir Finn
sgaoilid ainnséin ag Oilill
ní do mhéadaigh a meadhair
i dtrí géagaibh geinealaigh.
- Naoi meic dhéag áirimhthear ann
do chloinn ag Oilill Ólam;
'sní fuil díbh, dá leanta libh,
acht sleachta trír ré a dtuirimh.
- Mo chean tárraidh an triar mac,
Eóghan is Cian is Cormac;
trí haithreacha fear nEamhna,
glainchleatha feadh bhfíneamhna.
- Sliocht Eóghain nár éimdhidh troid
Clann Charthaigh 'sgach gné i ngabhoid,
mór ann nách inleanta air,
is minsleachta chlann gCarthaigh.
- Sinsear síol mBriain theas is tuaidh
Cormac mhac Oilill armruaidh;
clann an éanathar crú Cais,
dan dú féarachadh Forghais.
- Cian mhac Oilill an fuilt slim,
aonmhac dob óige ag Oilill;
geall cháigh is dósan dleaghair,
sósar dar cháir creideamhain.
p.232
- Ní chuala a gcomhmaith do chloinn
clann Chéin mheic Oilill Óloim;
laoich bhoschorra da bhfiar fiodh,
orsanna gliadh na nGaoidhiol.
- Seacht meic dhéag ag Cian chalma,
'sníor áitigh a athardha
dá chloinn acht aonmhac uile,
'saorslat do choill chumhruidhe.
- Tadhg mhac Céin nár choigil crodh,
ar sliocht Taidhg atá an ríoghradh
fa Chlár bhféardhomhain na bhFionn,
'sa lán d'éarlomhaibh Éirionn.
- Is é Tadhg féin fuair i gcath
na trí Luighne ó flaith Teamhrach;
's ní ar ór 'ná ar chomha gcruidh,
acht lógh a fola d'fearthuin.
- Dá mhac Thaidhg na mbárc mbeannach
Connla is Cormac Gaileangach;
dias ór síoladar clann Chéin,
dá ríomhogal chrann gceinéil.
- Is iad clann Chonnla mheic Taidhg
Síol gCearbhuill an chláir mhíonaird
fiodh tromthoraidh chrann gcorcra
'sClann Chonchobhair Chianachta.
- Sluagh Luighne, nár loc iomuidh,
clanna Cormaic Gaileanguigh;
fir chéimleasga do chóir reann,
éinfleasga óir na hÉireann.
p.233
- Cormac Gaileangach do gheabh
ó Mhaigh Mharr go Magh dTuireadh;
ó Sliabh Muire go Magh Marr,
do ghabh an uile fearann.
- An Cormac céadna do gheabh
ó Loch Laoigh go Loch nOirbsean;
ó Loch Oirbsean don taoibh thoir
níor thoirnsean go Baoill mbraonaigh.
- Aonmhac do chloinn ag Cormac
darbh ainm Laoi na leabharghlac;
an mac dá oirbheart níor an
gur ghlac oighreacht a athar.
- Dá mhac ag Laoi na lann ngéar,
Nia Corb saorchlannda is Seisgnéan;
géaga síodhamhla ón Mháigh mhir,
dá ríodhamhna chláir Chaisil.
- Aonmhac ag Nia Corb na gcath
darbh ainm Art airsidh Teamhrach;
fiche bliadhain fuair an fear
d'uain ar giallaibh na nGaoidheal.
- Naoi mbliadhna déag 'na dhiaidh sin
dá mhac ós cionn a chinidh;
rí mar Art Fiodhchuire fionn,
fár iothmhuire gart Gailiong.
p.234
- Bliadhain ar fichid oile
fuair Figheann mhac Fiodhchoire;
do gheabh an tír i dtarla
seal 'na rígh gan freasabhra.
- Ar chrích Luighne ó bhinn go binn
leanais Nad Fraoich mhac Fighinn;
dá bhliadhain déag, mar dearair,
riaghail a ghéag ngeinealaigh.
- Bréanuinn mhac Nad Fraoich na bhfleadh,
'na rígh dar chosmhail creideamh,
lá is bliadhain gan bhéim dá bhrath,
do réir fiadhain na n-eólach.
- Fionnbharr mhac Bréanuinn do bhí
an t-airdeasbog, an t-airdrí
lór na críocha d'fiadhain air
tríocha bliadhain do bhliadhnaibh.
- Fuair Diarmuid mór mhac Fionnbhairr
críoch Luighne an fóid oiriordhoinn
sgoth gach riaghla ré an churadh
sé bliadhna gan bhaoghlughadh.
- Fiche bliadhain thuaidh is teas
fuair Ceann Faoladh an flaitheas;
slat seilbhe an fíonfuinn aga,
eighre díoghuinn Diarmada.
p.235
- Tailteach mhac Cinn Faoladh uair
ríoghacht Luighne an fóid fionnfuair
ré a theasda i gcianaibh dá chor
seasga bliadhain gan bhearnodh.
- Fuair Flaithgheas tréanmhac Tailtigh
seal do Luighne lubhghairtigh
níor chumhgaigh níor aidhbhsigh air
urdail d'aimsir ré a athair.
- Níor dúnadh dorus leasa
fa Bhéac fialmhac Flaithgheasa;
céad bliadhain ag comhgha cheall
ós fiadhaibh gorma Gaileang.
- Saorghus mhac Béic na mbeann n-óir
ríoghthar le cách i gcéadóir;
bliadhain go leith ós Luighne
do chleith mhiadhaigh Mhodhuirne.
- Do Luighne is leis dob usa
uair Eaghra mhac Saorghusa
deich mbliadhna don chlár chorcra,
fá lán riaghla is ríoghochta.
- Tionnsgnais Maghnus mhac Eaghra
mairg talamh dár thighearna
sealbha ar na críochaibh do chor
do mhíothoil Eaghra a athor.
p.236
- Tug a mhallacht do Mhaghnas
Eaghra na n-arm bhfaobharghlas;
níor chaith d'uain acht éanlá ann,
téarná suil fuair an fearann.
- Céad bliadhain dóibh 'na dheaghaidh,
ar feadh trí nglún ngeinealaigh,
gan ainm ríodhamhna, gan rígh,
ó mhaidhm fíorfaghla is eissídh.
- Gur ghabh Aodh an fuilt chleachtaigh,
mhac Tailtigh mheic Muircheartaigh,
ceannas slóigh an ghormfuinn ghlais
mheic Domhnuill mhóir mheic Maghnais.
- Dá bhliadhain ar fichid d'Aodh
ós Luighnibh na learg bhfionnchaomh;
'na rígh ciallghlan dár cháir geall,
ag riaghladh cháigh go coitcheann.
- Conchobhar mhac Aodha arís
ní raibhe a dhreach mar dhoinnghrís
rí ba neamhthláithe fa nimh
acht trí leathráithe ar Luighnibh.
- Más fíor, ní raibhe a riaghail
ar chrích Luighne acht leithbhliadhain
Aodhmhac Conchobhair na gcath,
saorslat tromthoraidh Teamhrach.
- Trí fichid bliadhain do bhí
Diarmaid mhac Aodha, an t-airdrí,
rí gan mhaothchroidhe ar chionn chreach,
ós cionn laochroidhe Luighneach.
p.237
- Mac Diarmmada na nduas dtrom,
rí darbh ainm Art na gCapoll
ceithre ríbhliadhna clann Chéin
'ga bharr sírniamhdha soiléir.
- Fiche bliadhain, druim ar dhruim,
fágbhais Art, athair Dhomhnuill,
ríghe an chláir thaobhghormdhuinn tigh
ar láimh chaomhDhomhnuill Chléirigh.
- Seaán Mór, an dara mac,
fuair oighreacht Airt gan iomlat
lór a mhéad do riaghail ríogh
dhá bhliadhain déag gan dimbríogh.
- Ocht mbliadhna ar thríochaid tárraidh,
mac Domhnuill saoir soghrádhaigh,
rún neamhfallsa do thuair tol,
an fearannsa fuair Fearghol.
- Tadhg mhac Fearghail, flaith na sgol,
ar feadh dá fichead bliadhon
fonn sámh na seanaibhneadh dte
ós chlár leabhairgheal Luighne.
- Fuair seision Seaán Buidhe,
mhac Taidhg, triath na ríoghruidhe
lór a loighead dá ghruaidh ghloin
oiread a n-uair an t-athair.
p.238
- Fiche bliadhan ós cionn cháigh,
Tomaltach saormhac Seaáin,
'snaoi mbliadhna fa dhó adearar,
cló a riaghla arna réidheaghadh.
- Muircheartach, an mac eile,
cóig bhliadhna uair d'áiridhe
ag díon Luighne na learg nglan,
ceard budh duilghe do dhéanamh.
- Síol gCéin do Chormac do chroid
bliadhain teasda do thríochoid,
an tslat oirbheartach fortail,
mac toirbheartach Tomaltaigh.
- Níor goireadh do Ruaidhrí rí,
ná do Mhaghnus mhac Ruaidhrí,
gér leó freagra fear Mumhan,
d'eagla a sean do sárughadh.
- Ocht mbliadhna 'sa cúig ré a chois
gabhais Oilioll mhac Maghnois
rí fíre gan fíoch gan feall
ríghe na gcríoch go coitcheann.
- Aoinbhliadhain déag thoir is tiar
ar seilbh Seaáin mheic Uilliam,
do sluagh Luighne an chláir chorcra,
buidhne nár dháigh dánochta.
- Cian mhac Oilill, nár éar dáimh,
níor an re hinnmhe d'fagháil;
a dtighearna an tann do thuit
níor infeadhma clann Chormuic.
p.239
- Reimheas Taidhg mheic Céin chródha,
ceithre bliadhna bláthmhóra;
ré lán fár thairthighe tráigh,
an flaithbhile ó chlár Cholláin.
- Ocht mbliadhna déag bhós do bhí
ar chumus Chuinn mheic Ruaidhrí,
'san tír 'na aonar 'gon fior,
acht baoghal díbh 'gá dhéiniomh.
- Ríoghthar le cách i gcionn trill
Cormac mhac Céin mheic Oilill;
téid ann i n-áitibh a sean
do ráitibh Gall is Gaoidheal.
- Áitighthear críoch Luighne lais,
idir thuaith uile is eaglais;
tír mhilis na bhfonnbhrat bhfionn
tilis Cormac go coitchionn.
- Cuiris gach aon 'na áit féin
d'oireachtaibh sleachta saoirChéin;
fógairthear tar ais na huilc,
tógaibhthear lais a longphuirt.
- Taibhéochaidh cóir a chinidh,
ar chairdibh ar choillidhibh;
oirbheart caithleómhain chrú Céin
do aithbheódhaigh clú a chinéil.
p.240
- Tionóiltear leis a leabhair
do súr a ghéag ngeinealaigh;
gach diamhair dá fréimh roimhe
iarraidh san réim ríoghroidhe.
- Seanchairt chíosa chláir Luighne
ar ndul uatha ar éagcuimhne
go mbí 'na glanchartaigh gil
athglantair í dá oighribh.
- Iomdha ceart ar a chrích féin
ag codhnach cloinne ríChéin;
cóir dá ghruaidh nathardha náir
uain na hathardha d'fagháil.
- Beag nár rudhraidh sé mar soin
naoi gcéad ar cheithre bliadhnaibh
atá Luighne fa chloinn Chéin,
na buidhne nár thoill toibhéim.
- A los catha agus chogaidh
fríoth an fearann fuarodair
beag nách fairbríogh cor 'na gceann
is do thol airdríogh Éireann.
- Níor bheag do Chormac do chóir,
dá bhféachdaois cách i gcéadóir,
gach anbhuain dá n-uair impe,
'na sduaigh armruaidh innillte.
p.241
- Maith an chairt ar chrích a sean
a bhfuair d'ulc ó aois naoidhean,
ag dortadh a chrú fa a ceann,
gur nochtadh clú a chéimeann.
- Críoch Luighne na learg ngairthe
fa bhréid sladach sáraighthe
tar ceann gach cogaidh dár chuir
gur thogaibh ceann dá cabhair.
- Atá sí ó sin i le
'na héanchlár suaimhneach síthe;
gan ghoimh, gan folaidh, gan fíoch,
gan toil d'folaidh ná d'eisíoth.
- Do leasaigh an lámh do luit
críoch Luighne re linn Chormuic;
tír í dá dtéarnó a teimheal,
sí i n-éanló do háitigheadh.
- Ní tháinig ó Thadhg mhac Céin
go mac Úna dá fírfréimh
clú a sean ón ghasraidh do ghlac
fear budh casmhail re Cormac.
- Do bhádar i gceas cumhadh
síol gCéin, mar do í chualubhar,
gur fás an bile ó Thigh Tháil,
do-bhir dá fine a n-anáil.AN ÁIL
p.242
- Is dá tochmharc tús ratha,
mac Céin d'adhbhar ardflatha,
fuair an chéidchéile do char
i n-uair éidtréine d'iomchar.
- Máire inghean Mhaoil Mhuire
gnúis ríoghdha, rún gheanmnuidhe;
bean ós mhnáibh braonbhrogha Breagh,
aonrogha cháigh dá chineadh.
- Tarla do Chormac mhac Céin,
dá measdar í in gach aoinchéim
ar dtogha na fréimhe ó bhfoil
rogha chéile do charthoin.
- A bhfuil roimpe suas dá sliocht,
atá an chlú aca i n-eighriocht,
sealbh na heighriochta is dáigh dhi
tar mnáibh seinsleachta Suibhni.IN ÁIL LIBH
p.243