Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 29
CORMAC AGUS BRIAN, CLANN CHÉIN Í EAGHRA
- Fiodhbhadh dá chéile clú deise,
dáil a gcruidh ní choigill siad;
dá chraoibh tharaidh do choill chumhra,
tamhain do thoill umhla iad.
- Dá ré lána Leithe Mogha,
dá mhac Céin nár cheannaigh síodh,
dá ghéig phailme don fréimh ríoghdha,
raighne nách léir díoghna dhíobh.
- Duasa an chéidfir gér chuid mhaoidhimh,
mó na toirbheirt tig 'na ndiaidh;
maoine Chormuic go n-uair ollamh
dob ordhruic uaidh bronnadh Briain.
- Fada is cumhuin le Crích Luighdheach
nách lucht síothchána síol gCéin;
ní beag do thír é ar a haire
gi bé dhíbh nách raibhe réidh.
- Gi bé bruidhean 'na mbí Cormac
ní creidtear í i n-uathadh sluaigh,
do-gheibh neach san teagh i dtiaghair
dá mbeath fear ar iarraidh uaidh.
p.210
- Dá mbeadh file ag fágbháil Chormaic
i gceann Bhriain do bhiadh ag tocht;
cliar aréir nár imthigh uaidhe
fillfidh 'na cléir nuaidhe anocht.
- Má tá go seachnoid síol Éibhir
d'ógbhaidh toghtha ní thug béim,
ní bhéaraidh ar mhnáibh dá moille
táir ar bhféaghain chloinne Céin.
- Ar dteacht Chormaic le cloinn Luighdheach
locodh Briain is beag do chroid;
ar an ó treas do síol Sadhbha
ní feas don líon tarla i dtroid.
- Do ghuais Chormaic fa choim oidhche,
d'eagla Bhriain do bheith 'na dheóidh
folchar araon le bais mbiodhbhadh
do chlaon tar ais fiodhradh feóir.
- Do smuain Cormac um chreich mbiodhbhadh
a mbí 'na láimh nách leis féin,
ní chuir acht go faigsin filiodh
taisgidh cruidh ar chiniodh Chéin.
- Bronnta Chormaic ar cionn deóradh
fa dheóidh air is iad do bhris;
réidh an t-aoighe i ndiaidh a dhoilghe,
maoine Bhriain do-roighne ris.
- Meinic riamh um ríoghdhacht Luighne
a lár a suain do sir ghó,
do-níodh doirse dearc do dhúnadh
soilse ar dteacht 'na dhúnadh dó.
p.211
- Ealta mhíleadh le mac Úna,
d'éanaibh seabhcoidhe síl mBloid,
fuilngidh Brian iomarcaidh ortha,
d'fionnochtain fian Tolcha i dtroid.
- Ní ghabh Cormac acht cóir d'fagháil,
ní heól do Bhrian bheith le cóir;
téid i leith na bhfiach nách bhfoghthor,
ar mbreith ar sgiath onchon n-óir.
- Ní mór a chion ar cheart sinsir
sibh a Chormaic gur char sí;
fuilngidh cliar fa ól ar h'uillinn,
mór le Brian mar uirrim í.
- Maoidhtear fós na filidh céadna
um cheann uama na n-eang sróill
deacair searg duilghe na dáimhe
fuighle re ceard fáinne n-óir.
- Tú, a Chormaic, dá chur ar dearmad,
dáil a seirce is sé do bhac;
ní thiobhradh Brian ar fear oile
an bhean do iarr loighe lat.
- Lór le fear má fuair do bhriathar,
beag 'na dheaghaidh do dhíol port;
leac eighridh do bhí 'na bloghaibh
do dheimhnigh sí an foghail ort.
- Lucht adhbhair tar éis a ndiomdha
diongna an taobh dá dteagoid ruibh,
ag sin a mbí ar féin an omhuin
a rí féin do thoghuil tuir.
- Sibh, a Chormaic, ós cionn tíre
tug ar Bhriain gan bheith dá léim,
do mhaoirse ag dol tar a ndlighiodh
ag cor saoirse i gciniodh Chéin.
p.212
- Ciontach d'ógaibh Inse Banbha.
béasa h'arm nárbh aithnidh dáibh;
sleagh do bhí dot foghaibh orra
do oghain sí cronna cáigh.
- Fásaidh coill do chrannghail t'omhna
tre feart curadh i gcionn trill,
do ghuin gurbh usa dot faghlaidh,
do chuir tusa d'armaibh inn.
- Tug a hannsa d'éis a chéile
do chloinn Chéin na gcraoiseach dte.
sibh 'na dhiaidh do amhairc inghean,
malairt Bhriain go ndingneadh dhe.
- Ar chornaibh móra mhúir eile
níorbh fuláir leó a lán do roinn,
beiridh geall bleidhe do bhrogha
ceann do sleighe ar gcora a croinn.
- Tarla, a Chormaic, ar chionn éigeas
oirchill doid is damhna clú;
súil ré fear éanuaire d'faigsin
sreabh féaruaine taisgidh tú.
- Ní feirrde leision léim troda
tosach feadhma fuair sibh;
le Brian dámadh foide d'orchar
grian troide ní ronnfadh ribh.
- Gan bheith dearg, gan dol i gceardcha
cleas roimhe nách raibhe ag neach
sínfidh tú, nó biaidh 'na bloghaibh,
crú ré ngliaidh nár foghain d'each.
p.213
- Air féin ar túis téid i bhfiachaibh,
fearr an béal do bheith i dtocht
séanaidh rí nó iarraidh éarca
do bhí ag liamhain h'éachta ort.
- Tú, a Chormaic, dod chor i n-iongnadh
ó aos timchill na dtrí rann;
ní chleacht sí do dhol i ndiamhair,
ní bhí an sgol dot iarraidh ann.
- Fuaighidh teasbach faoilligh
fiodhradh bile re bun bhfeóir;
fágbhaidh cnuas d'ísle san fiodhbhaidh
nár dhísle thuas d'iomdhaidh eóin.
- Feadha lúbtha, linnte tiorma,
tobair mhillse ós mhoighibh túir;
mil fan gcongal re headh n-uaire,
ag donnadh sreabh n-uaine a húir.
- Tearc a leithéid re linn gCormaic,
acht clár Parthais na bport sídh;
ar ibh do sreabhaibh learg Luighne
beanaidh do leanb cuimhne an chígh.
- An cíos trom do thabhaigh Cormac
críoch faghlaidh níor ainic sé;
beag le Brian a chuid don chomhaidh,
o thuig re triall d'foghail é.
- Ní buan ór ag ógbhaidh Chaisil
idir chrithribh na gcorm dte;
táinig d'anáil chuaigh fa Chormac
gabháil smuail i ndonnbhrat de.
p.214
- Coiléan leómhain Leithe Mogha,
maighre séanta sleachta Céin
ní beag anocht é dá faire
gi bé port i raibhe aréir.
- D'ógbhaidh toghtha ar dteacht 'na dheaghaidh
dol dá féaghain níorbh é a leas
ní fál gan bharrslait síol Sadhbha,
ar síodh Charmaic tharla a dtreas.
- Ruisg uaine 'na n-aoibhlibh corcra,
ceilt na toile nách tig lé;
bean dá thaobh i dteirce cadail,
craobh Dheirce do adaimh é.
- Ní guais do dhún dreagain Luighne
lucht brogha do bhreith a ghill;
léar gCarmaicne ó ól do éirigh
clannmhaicne mhór Éibhir Finn.
- Fiodhbhaidh chraoiseach cloinne hÉibhir,
annamh toradh ná tug said;
ní féadthor boing dhóibh i ndeabhaidh,
croinn do-chóidh ós feadhaibh iad.FIODHBHAIDH
p.215