Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 28
INIS EÓGHAIN
- Innis ród, a Ráith Oiligh,
mór ní is éigin d'fiarfoighidh
díot, a threabh fódarsaidh fionn,
fa óggasraidh fear nÉirionn.
- Fionnam uait, innis dúinne,
a ráith arsaidh fódnúidhe,
lucht gabhála Bhanbha Breagh,
faghla is gabhála Gaoidheal.
- Do-ghéabhthair uaim, éistior rum,
gach ní is a fios foil agam,
dá nochtadh ca ham is fearr?
anall ó dhortadh díleann.
- Atáid leamsa, ceann i gceann,
sé gabhála i ndiaidh díleann,
fan gclár bhfuairfliuch dtonnbhán dtais,
do ghobhlán uaingiuch eólais.
- Tocht Phárthalóin ó ghurt Ghréag
agam is fearr a gcoimhéad
is Meic Neimhidh go Fiadh bhFáil
is trian deiridh an domhnáin.
p.203
- Cionnus do bhí tú ar tosaigh,
a ráith aoibhmn anbhfosaidh,
ar dteacht Phárthaláin Phuirt Bhreagh,
do ghnáthghabháil Ghuirt Ghaoidheal ?
- Do bhí mé ag iomchur m'ansóidh
san tírse ar dteacht Phárthalóin,
gan lios mbán, gan chloidhe gclach,
acht lán do dhoire dharach.
- Créad é an riocht i raibhe sibh
i gcomhflaitheas Clann Neimhidh ?
sloinn dúinn, ar gclaochládh dot chruth,
a mhúir na n-aolchlár n-amlach.
- Do bhádhus im' mhín mhuighe.
gan foithre, gan fiodhbhuidhe,
slios mo bhánfuinn ghreaghaigh gloin
'na thealaigh áluinn aonuigh.
- Níor fágbhadh fréamh i dtalmhain
dom fiodhbhaidh chlaoin chorrabhlaigh
beag teacht mo saorchoille ó sin
le neart naomhChloinne Neimhidh.
- Ca fad do bhí sibh mar soin,
i ndíoth tighe nó teaghlaigh,
id leirg bhláith ghnéanuaidhe ghil,
a Ráith féaruaine Oiligh ?
- Go Crích bhFódla na bhfeadh gcorr
go dtáinig Tuath Dé Danonn,
do bhádhus, mar nár bhean rom,
gan teagh, gan árus ionnam.
p.204
- Cia an chéiddream, an cumham libh,
o Thuaith Dé na ndealbh bhfaoilidh,
a thuir na mbláthtamhan mbog,
do chuir átaghadh ionnad ?
- Clann Chearmada móir Mhirbhéal,
onchoin na n-arm bhfrithirghéar,
gasraidh éadrocht ó Bhóinn Bhreagh,
céadlucht do-chóidh im' chaidreabh.
- Dom tholchaibh bláithe boga
do thréigsead clann Chearmoda
athardha cathair don chloinn
Cathair chathardha Chröoinn.
- I gcionn treimhse ar dtocht im' dháil,
beanaid Meic Míleadh Easbáin,
gan roinn do tharbha troda,
Banbha do chloinn Chearmoda.
- Ón lósoin gusan ló aniogh
atáid ríoghraidh Mhac Míliodh,
sluagh bosghlan na mbéimeann dtro,
ag cosmamh Éireann ionnam.
- Ní raibh sinn ó sin i le
gan airdrígh d'éis a chéile,
nó cóigeadhach do ghabh geall
tar magh n-óigealach nÉireann.
- Do ghabh asum Teagh Dá Thí
cuigear ar fichid airdrí,
do Chloinn ghuaisbheithrigh réidh Róigh,
céim le n-uaislighthir m'onóir.
p.205
- Ríoghthar uaim dá aithle sin
sé rígh fichead d'éis creidimh.
d'fuil chaomhChonaill, do chrú Néill,
cnú as gach aonchrobhaing iaidséin.
- Eidir saorchlannaibh síol Néill
do bhínn ar uairibh ainnséin,
im' mhagh . . . slaitleabhair sliom,
im' aithTeamhair fear nÉirionn.
- Ós uait fríoth gach iúl eile,
ó thús go hearr aimsire,
a ráith na mbeann dtaobhdhonn dtais,
ca haondrong is fearr fuarais ?
- Macraidh sídhe an fuinn Ultaigh,
síol bhFiamhain, fuil Dochartaigh,
is í an dream naoidhe anallain,
daoine is fearr dá n-uaramair.
- Ríoghradh sleachta Fiamham féin,
a thuir chuirr na gclár mínréidh,
cia haca le mbearthar barr,
na slata ó . . . Fréamhann ?
- Dá meas go bráth dá mbiadh sinn,
is sé Seaán mhac Féilim,
ruisg thirmréidhe ón tana muir,
ragha finnfréimhe Fiamhain.
p.206
- Ó Dochartaigh Dhúin Oiligh
créad dob áil dá fiarfoighidh
gnúis taoibhneambán go ngné ghil,
m'aoinleannán é ina aimsir.
- Fuil Fiamhain giodh iad is fearr
d'folaibh uaisle na hÉireann,
mar bhíd réaltana um ré lán,
a n-éantogha is sé Seaán.
- Aige is mó atá do thoicibh,
é is mó tug do thiodhlaicibh;
'na thoirbheartaibh ní théid tráigh
ó ghéig oirbheartaigh Iomgháin.
- Ní dóigh buain re breith a ghill
teisd oinigh oighre Féilim;
mar bhíos magh thíos fa thulaigh
híos gach bladh 'na bharamhail.
- Ar mhéid turchortha a thíre,
ar feabhas a airdríghe,
ní beitte d'fior iongnadh ann,
ciodh nách diongnadh a ndéanann.
- Parthas Éireann is ainm dhi,
an eang thíre atá aige;
níor sill súil oirear budh fearr
úir a moigheadh 'sa maoileann.
- Ó Fánaid fa n-iadhann muir
go Loch bhfionnsrothach bhFeabhail,
ó Mhálainn go mín Bearta,
tír álainn is oirdhearca.
p.207
- Tír ina teirce tonna,
tír is airde iothlanna,
tír ainglidhe na sreabh seang,
tír thairngire fear nÉireann.
- Maith atá sí ina suidhe,
idir fairrge is fiodhbhuidhe;
tráicht mhíne ós mhoighibh leabhra,
oirir sídhe soineamhla.
- Sléibhte míne ameasg a feadh,
cnuic corra ar cúl na sléibhteadh;
fiodh collbhuidhe fan gclár bhfionn,
fál tonnmhuire 'na thimchioll.
- Maith atá an tírsi na . . .,
fearr an té 'ga dtá a horláimh,
mairg do-chí ar éineing d'Ultaibh
rí ar Éirinn nárbh iomarcaidh.
- Dá madh leis ceannas Chláir Bhreagh,
do choiseónadh 'sdo chaithfeadh;
rath do bhrígh caithmhe más cáir,
do rígh Faithne ní foláir.
- Dá mbreathnoighthe a mbí 'na thoigh,
dá measda méad a theaghlaigh,
ní barr budh ionmhaoidhimh air,
barr d'iolmhaoinibh ní haghair.
- A fir mhaoidheas méad a bhfuil
ag airdrígh fola Fiamhuin,
ná maoidh é ar flaithbhile Fáil,
caithmhighe é 'ná a faghbháil.
p.208
- Teach Oiligh, más fíor dá lán,
muna theagmhadh sé ag Seaán,
níor theach d'aoinneach i nUltaibh
teach daoineach Í Dhochartaigh.
- Lucht cuartaighthe chlár mBanbha
fa seach is é a n-urlabhra,
i gcraoibhlios na gceathra mbeann
do-geabhtha aoibhnios Éireann.
- Múr Teamhrach re fearaibh Fáil
ón ló do ghabh geis Ruadháin
atáid ríoghradh Chríche Cuinn
san mhíonbhrugh síthe séaghuinn.INNIS
p.209