Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 27
MAC SUIBHNE FÁNAD
- Leithéid Almhan i nUltaibh,
ar bhuaidh chatha, ar chumhachtaibh;
ar dhíon Bhanbha na mbrugh bhfionn,
ar sgur faghla na hÉirionn.
- Ar chur gcliathcha, ar chorcradh reann,
ar cheól, ar chluichibh fidhcheall;
ar súr éachta, ar súr seilge,
ar rún déanta díbheirge.
- San chéidriocht i raibhe riamh
atá Almha Ghuirt Ghailian
'na mionn toighe claichthigh cuir,
nó a haithghin oile i nUltaibh.
- Seachnóin Éireann, Inis Bhreagh,
amuigh ó laochraidh Laighean,
go dtarla d'Fánuid Uladh,
tánuig Almha ar athrughadh.
- An múr do bhí ag Fianuibh Fáil
tarla arís i Ráith Maoláin,
nó ráith is casmhuil cuma
don ráith arsuidh Almhunda.
p.196
- Samhuil d'Almhuin an feóir bhuig
'na reachtuibh féin i bhFánuid;
samhuil d'féin Almhan inte
an tséimh armghlan innillte.
- Dá dteagmhadh nách í Almha
an múr éadrocht allmhardha,
cur gill san aitreabh oile
re glainteagh Finn Almhuine.
- Gér dheacuir barr do bhuain di
céadAlmha Cloinne Baoisgne,
ráth na mbeann gcathardha gcuir
fearr an athAlmha ar féachuin.
- Mó a líon do láthaibh guile,
mó a macraidh, mó a banchuire;
lia d'ollamhnaibh téid don toigh,
fa ghéig mongabhraigh Murbhaigh.
- Lia d'aithearrach aosa ciúil,
do lucht sgaoilte sgéal dtaidhiúir,
do mhnáibh ríosluaigh mhóir mheanmnaigh,
ag síoruaim óir ildealbhaigh.
- Do dháileamhnaibh ag dáil fleadh,
do chloinn ríogh ag roinn gheimheal,
do séadaibh cáich dá gcomhroinn,
san ráith tréadaigh thobarmhoill.
- Saoire teaghlach an toighe
ná muintear Finn Almhoine;
geall ón Fionn roimhe rachaidh
don Fionn oile d'Ultachaibh.
p.197
- Tusa, a Dhomhnaill, a dhreach bhog,
it Fionn chéadna a crích Fánod
clár srothmhaordha na sreabh nglan
ag comhchaomhna fear nUladh.
- Ní bheanfaidh duaigh ná dochair
re Tír Conuill chiúnsrothaigh
nách díbh dleaghair a diongbháil
don tír ealaigh imiolbháin.
- Go Magh Luirg don leith eile,
go Finn, díot do dlighfidhe,
go bruach Toruighe, a ghruadh ghlan,
foruire a cuan 'sa caladh.
- Faire leabtha ar luighe ríogh,
réiteach caingean, cosg eissíodh;
dul dó i gcliathaibh tar a gceann,
mó dot fiachaibh nách áirmheam.
- Deireadh i gclódh tús ag tocht
síol gConuill na gcolg n-éadrocht
i gcrích námhad do-ní sibh,
a rí Fánad, dá bhflaithibh.
- Le síol gConuill, dá chionn sin,
sochair nách éidir d'áireamh,
ar Crích mbuig bhfionnslaitghil bhFloinn,
tiodhlaicthir dhuid, a Dhomhnaill.
- Id láimh dlighthear, a dhealbh sídh,
sealbh na ríghe ar n-éag d'airdrígh,
rí oile nó go n-aghar,
ó bhfoighe sí a sealbhaghadh.
- Do dlighfidhe dod dheirc mhoill
leathuille dheas Í Dhomhnoill;
sibh, a rí, uirre dh'ionadh
do-ní an uille dh'uaislioghadh.
p.198
- Mac Suibhne an tráth fa dtugthair
ort, a ghnúsnáir ghuasachtaigh,
téid beirt Í Dhomhnoill Doire
dod dheirc mhongmhoill mhaordhuidhe.
- Atá id dhlighiodh, a dhreach náir,
fear comairce do chongbháil,
gan chóir 'na ghníomh d'iarraidh air,
bliadhain dá dhíon id dhúthaigh.
- Bó as gach seilbh, torc as gach tréad,
luach an chúigidh do choimhéad;
géag abuigh do lár lubhghoirt,
lán aguibh gach abhullghoirt.
- Malairt innmhe ar h'aghaidh nduinn
dá sireadh rí clann gConuill,
is é do ionnmaoid oraibh
sé d'iomlaoid nár fóbrobhair.
- Dá dtugdais clann Dálaigh duid
dá urdail nó a trí a dtuguid,
mó dh'anáir do thoill tusa.
d'fagháil ón chloinn chéadnasa.
- Tú gein sochair síol nDálaigh,
tú a n-éanoireas annálaidh,
tú dá dtuathaibh is teagh séad,
tú a mbuachail cean do choimhéad.
- Tú radharc súl sluaigh Bhearnais,
tú taibhgheóir a dtighearnais,
tú an aonchn ú do-chóidh ós choill
do fóir ar chaomhchrú Chonaill.
p.199
- Tú a sgiath díona i ngurt ghábhaidh,
tú thaibhgheas an dtromchánaidh
do bhí ar Éirinn 'ga n-aithribh,
sí i ngach éineing átaighthir.
- Tú codhnach cloinne Suibhne,
tú Fionn ar gCláir Chonuillne;
tú do-ní aithris ar Fionn,
a rí do aithris Aoibhioll.
- Mór na tiorchanta atá lionn,
ó naomhaibh uaisle Éirionn,
fad chúl slim barrbhuidhe bog,
ar tharn guire an Finn Fánad.
- Colum ar tús do thairngir
don chrích Ultaigh abhaillghil,
fa chlár bhfionn na bhfiodhbhadh lag
a ndiongnadh an Fionn Fánad.
- Do gheall go gcuirfeadh i gcruth
críoch Laighean, Tuatha Teamhrach,
go rachadh cluain, d'easbhaidh fear,
gan bhuain fan Teaghsoin Tailtean.
- Tar gach sgéal dár sgaoil Séadna,
'na naoidhin óig fíréanda,
tig maicleanabh na mionn ngrod
tar Fionn bhfailtleabhar bhFánad.
- Diombáidh liomsa, arsin leanabh,
a gcuirfe Fionn failtleabhar
tug lán do mhaothchroidhe mé
d'ár bhur laochroidhe, a Laighne.
p.200
- I gcrích Laighean lór do bhroid
ní fáigfe an Fionn a Fánoid
acht mná, ar Séadna, ag ar gach fuinn;
an chéadna do chan Coluim.
- Tusa an Fionnsoin a Fánaid,
tú saoilid do seannámhaid
do chur na tairrngire asteach,
'sdo chur ainbhfine a hUisneach.
- Cuirfidhir ár Laighneach libh,
do-bhéaruirse, a bhas dílligh,
lí an smóil ar geiltighibh Gall,
dom dhóigh creidfidhir Colam.
- Gearr go maoidhfe, a Mheic Suibhne,
ar thriath ar gcrú Conuillne,
faghail Fódla ó bheinn go beinn,
is danair d'fógra a hÉirinn.
- A mheic Toirdhealbhaigh, tug sibh
comhardha dan cóir creidimh
anú ós Fánuid ealtaigh
go dtánuig tú id thairngeartaidh.
- Almha Laighean na learg mbog
do thógbhuis, a Finn Fánod,
leithéid a crannghal 'sa cluidh,
leithéid Almhan i nUltuibh.LEITHÉID
- Rogha do ríoghmhnáibh Uladh
ruguis, a rosg abhradhubh;
mo chean fear tug ar tosaigh,
mo chean rug an roghasain.
p.201
- Rosg neamhluath ar néimh ghloine,
inghean ríogh Beann mBaghoine;
béal ren samhalta snuadh subh,
gruadh adhanta nár hadhnadh.
- Ní thiocfadh bean d'iath Uladh
d'fior Ghráinne do ghnáthughadh,
ní thiocfadh dí acht fear féile,
mo chean dan í-is aoinchéile.LE
p.202