Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 25

MAOL MÓRDHA MHAC SUIBHNE

  1. Tánag adhaigh go hEas gCaoille
    bhus cumhain liom go ló an bhráith;
    méaraidh choidhche ar ndol don dúnsa
    cor na hoidhche is cúrsa cáich.
  2. Samhail na bhfear fuaras romham
    san ráith foirfe dob úr niamh,
    ar sleasaibh data an dúin chorcra,
    ní faca súil rompa riamh.
  3. Beag mhaireas don mhuintir ionmhuin
    uaras romham san ráith ghloin;
    teacht ón chás níor bhreathnaigh Banbha —
    bás an cheathrair tarla astoigh.
  4. Fuaras Maol Mórdha Mhac Suibhne
    ar slios meadhóin an mhúir chuirr,
    fear na modh saoghalta síthe,
    aondalta sgol Chríche Cuinn.
  5. Mh'anam an fear fuaras romham
    i ráith chúplaigh na gcolg ndéad;
    fríoth a dhá luagh ansóidh eisde —
    mh'anóir uadh gur meisde a méad.

  6. p.181

  7. Dalta is oide d'éigsibh Banbha
    branán Finne ar feadh a ré;
    ar bhfáth tnúidh, ar n-aisgidh ollamh,
    taisgidh rúin na n-ollamh é.
  8. Ar luibh íce, ar n-órtha chodail,
    ar gcraobh thoraidh, ar dteach séad;
    mír cruadha nár éimdhidh aoinfear
    éinghein bhuadha Gaoidheal nGréag.
  9. Fuaras timchiol mheic Mhaoil Mhuire
    mórán d'éigsibh dob fíu a riar,
    re sgaith gach ceirde san chruinne,
    fa flaith nDeirge ag suidhe siar.
  10. Ní rug lá go laithe éaga
    ar éigsibh slóigh Thighe Truim
    gan bheith lucht catha nó coinne
    re hucht flatha cloinne Cuinn.
  11. Do bhí an uairsin seach gach aimsir
    ar uillinn laoich Locha Cé —
    maith sgiamh a n-ollamhnaidh ortha —
    triar d'ollamhnaibh Tholcha Té.
  12. Do bhí ollamh Iarla Búrcach,
    do bhí bhós re a bhruinne séimh
    file dob orradh re a áirimh,
    ollamh fine náirigh Néill.
  13. Do bhí ollamh airdríogh Muaidhe,
    Meic Uilliam Búrc na mbreath bhfíor —
    dia do neamhghlóir car na cruinne,
    seanmóir nách mar duine dhíobh.

  14. p.182

  15. Brian Ó Domhnalláin, dreach faoilidh,
    ollamh leómhain Locha Raoibh;
    sé ag sgolaibh 'na ré ós réalluinn,
    soraidh dá ghné séaghuinn saoir.
  16. Brian Mhac Con Midhe, mac Aonghuis,
    ollamh í Néill na Naoi nGlas;
    fear a aoise dob fearr n-iomchuir,
    geall gaoise dob ionchuir as.
  17. Conchobhar mhac Mheic Í Uiginn,
    ollamh airdríogh Inse Cé,
    beag nár gheall re flaith an file,
    ceann ar mhaith dá fine é.
  18. An triúr fileadh fuaras romham,
    fa réaltainn chorcra an chnis ghil—
    faghar aca fa fiadh mBanbha
    triar a maca samhla sin.
  19. Éirghid romham do rún aoinfir
    d'uillinn an ríogh fa rí dhún;
    minic bhím dá gcuimhne im' chridhe—
    fuighle an trír ag snighe ar súl.
  20. Foghar taidhiúir na dtéad meannchrot,
    milse meala, meisge chorm —
    truagh nách mar an tí dá dtáireas —
    do bhí dhamh 'na n-áineas orm.
  21. Gabhaid oram ag ól chorma
    go ceann treimse ar dteacht 'na gceann—
    fa lucht freasdail dóibh na deighfir —
    d'easgraibh óir, do bhleidhibh beann.

  22. p.183

  23. Mar thairnig dhúinn dul do thoirchim
    ré dtocht laoi dár leabthaibh suain,
    ní chreidfeadh sé nár bhreath bhroide,
    gi bé neach dob foide uaim.
  24. Do luigheas ar lár an cheathrair,
    ceithre taoibh fa tocha leam,
    trí comthaigh do chráidh mo chroidhe,
    láimh re honchoin Mhoighe Meann.
  25. Innisim sgéal do sgoith Teamhra
    'sdá thriúr chomthach do chionn luaigh;
    mana teasda dhóibh a dhaoire,
    fleasga óir an taoibhe thuaidh.
  26. Ceithre seóid 'na séadaibh buadha
    beanaim dhíobh i ndíol mo sgeóil;
    gan mhac samhla na séad bhflatha
    créad acht damhna datha ar dheóir!
  27. Beanaim ainnséin an t-each ballach,
    san bhreith ar dtús tugadh damh —
    torchoir an féile arna oidhidh —
    d'onchoin Sléibhe groighigh Gamh.
  28. An t-each ballach do bhean mise
    do Mhaol Mhórdha — mairg do bhean —
    tearc i mbeathaidh a séad samhla,
    sdéad ós eachaibh Banbha Breagh.
  29. Do bheanas do Bhrian mhac Aonghuis
    aonrogha chon Chláir Dá Thí;
    dob fiú a maith a cor ós conaibh
    do sgaith chon an domhain dí.

  30. p.184

  31. Seóid Éireann dob usa leision
    do léigion uaidh diaidh i ndiaidh
    créad nách maolfadh ar méad meanma ? —
    'ná séad saorchon breaghdha Briain.
  32. Ó Bhrian mhac Eóghain uair mise
    mionn leabhair do luach mo sgeóil,
    ré gcodal don donnbhán díllidh,
    tobar lomnán d'fírsreibh eóil.
  33. Tána, tochmhairc, toghla an bheatha
    do bhí san aisgidh uair mé;
    míneaghadh a gcath 'sa gcéimeann,
    sgath ríleabhar Éireann é.
  34. Tug Conchobhar an gcruit sídhe,
    séad buadha nách bronnfadh rí;
    fada is oighreacht bróin an bronnadh,
    níor thoirbheart chóir d'ollamh í.
  35. Cruit ollamhan fola Búrcach
    tre bhioth síor budh séad fa chion;
    teasda an tí ga bhfaghair uaidhe,
    'smaraidh sí go nuaidhe aniogh.
  36. Mairg dar leannáin lucht na dtoirbheart,
    ó tharla i ndán deaghail rú;
    fir nárbh fallsa i dtigh na togha,
    fir rérbh annsa cora a gclú.
  37. Ní mo chean dar gceathrar leannán,
    mo lucht aoinleabtha, mh'aos rúin;
    ceithre tamhain do choill chnuasaigh,
    croinn taraidh fa dhuasaibh dhúin.

  38. p.185

  39. Luaimneach mo chiall, corrach mh'intinn,
    d'éis na buidhne nách buan rug;
    mairg tarla 'na ndiaidh ar dhomhan,
    Banbha Briain gan toradh tug.
  40. Briseadh croidhe ceann na buidhne
    do bhí astoigh do theasdáil uainn;
    níor theasda ó ollamh riamh roimhe.
    bronnadh fial a chroidhe chruaidh.
  41. Go n-íoca Dia le Maol Mórdha
    an mhéid dá ionnmhus uair mé;
    fear tiodhlaicthe ar dháil gach duine,
    tiodhlaicthe cháigh uile é.
  42. Fuighle miles, meanma ghruamdha,
    gníomh foirniata, focal tláith;
    feitheamh gach éinfir dá fine,
    breitheamh, féinnidh, file, fáith.
  43. Séad commórthais Chloinne Breóghain,
    a mbreith chluiche, a gcosnamh gill;
    sásadh meanman na ndámh ndoiligh,
    grádh na seangbhan mboilidh mbinn.
  44. Teagar inill, aigneadh caithmheach,
    comhall bréithre, briseadh síodh;
    gruaidh úr rér dhoidheaghla dearca,
    glún oileamhna an reachta ríogh.
  45. Fuasgladh na gceasd, cur na n-aithcheasd,
    inneoin foruis Inse Fáil;
    fuath síorchára, tol do throdaibh,
    cor síothchána is cogaidh cáigh.

  46. p.186

  47. Mac Gormluidhe, géag ós fiodhbhaidh,
    aigneadh frithir, freaga mhall;
    caidhe a chonchlann um dhuais ndoiligh ?—
    comhthrom cruais is oinigh ann.
  48. Ón ló torchair gé 'tú i mbochtacht,
    do bheinn ós chionn chríche Fáil —
    cneas mar aol, aghadh m ar ómra —
    dá maradh Maol Mórdha amháin.
  49. Cuimhne a n-uaras óm fior chumainn
    i gcionn treimse budh tuar sgís;
    budh eagail damh méid mo mhoirne
    do char 'na bhréig oirne arís.
  50. Fa ríor, ní mór mhaireas agam
    dom aos chomtha 'na gcruth féin;
    do chuir an saoghal mé amogha,
    sé m'aonar dom chora i gcéin.
  51. Mairg ó dteasda mo thriúr cumthach,
    clann Ghormluidhe ór ghairid lá,
    re béal a cabhra don chloinnse,
    Banbha fa néall toirse atá.

    TÁNAG


  52. p.187