Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 23
UILLIAM BÚRC
- Cóir Dé eadram is Uilliam!
olc fuair an saor séaghuinnfial
síoth gémadh ionsnadhma ann
díoth ar n-ionnamhla d'fulang.
- Níorbh fiú dhó duine ar domhan
dá bhfuair sé ar seilbh n-ealadhan,
'sa dhíol faghladh 'ga ghnúis ghloin,
gan chúis gan adhbhar d'argoin.
- Dá mbeith go mbiadh a bhas seang
ag síorlot éigeas Éireann
bláth na dtamhansa ó Bhóinn Bhreagh
mh'faghalsa is dóigh nách dlighfeadh.
- Ní dubhradh páirt romham riamh
nách raibh eadram is Uilliam;
gé gur cinneadh dá ghruaidh ghil
mo mhilleadh uaidh ar-íribh.
- Do bhí mé im' ollamh aige,
buain rem chuid níor chóraide
fear leanamhna dá rádh ruin,
's bágh na healadhna eadruinn.
- Do bhádhus fós fad ó riamh
im' dhalta im' oide ag Uilliam,
do-nínn dá ghruaidh dílis duinn,
'sdo-nímis uaidh an foghluim.
p.170
- An rolla foghlama ar fad,
an adhbhann chiúil, an comhad
do bhínn dá n-aiteacht don fior
gach aiceacht díbh dá ndéiniodh.
- An leabhar nách léighinn féin,
do-níodh damhsa a dhreach soilléir,
gurbh é ar ndaghoide a ghlac gheal,
brat is tanoide a thilleadh.
- Tárraidh díom d'foghluim is d'fios
gurbh é mo dhalta dílios;
breath bhroide é dom foghail
dob é m'oide ar adhbhoraibh.
- Mé a mhaighistir, mé a dhalta,
mé a chompán 'sa chomhalta;
olc fuair i gcéadóir mo chradh,
éagóir do-chuaidh dom chreachadh.
- Olc nár smuain re hucht m'faghla
mé aige im' fior leanamhna,
's bheith ar éinleabhar riom riamh
don mhéirleabhar fionn, d'Uilliam.
- Im' dhalta dá mbeth nách beinn,
aige fós mar go bhfuilim
níor ghníomh cóir dá chéibh ...
béin a hóir don ealadhain.
- Dá mbeth nách b[e]inn um' oide
a[g] gríbh échtaigh Fánaide
[gap: extent: one line]
[gap: extent: one line]
p.171
[gap: extent: one line]
. gruaid airig focal tair (?)
[m]airg do cosnaideas mo cr[odh]
55]
[...]
gcosmhaileas bo bo biom
[...]
- Do bhí mise mairg do bhí,
san uile chruth ad-chluintí,
gríobh Éirne aniodh gidh námha
d'fior dhéinmhe mo dhíoghbhála.
- Dul fúinne níorbh feirrde a chiall
go raibhe a fios ag Uilliam
nách díghéalainn m'fíoch nó m'olc
ar ríréalainn chríoch Chonnacht.
- Do bhí a fios aigesion féin
nách gríosfainn a ghruaidh soilléir
mairg do-chí ar bhfoghal don fior
fa ní ar domhan dá ndingniodh.
- Ní aorfuinn, níorbh aortha dhamh,
déar aille d'fuil na n-iarladh,
planda do phór chéibhfionn Chuinn
ar ór nÉirionn ní aorfuinn.
- Ní aorfainn, níor aortha dhamh,
gríobh do chloinn Chonaill Ghulban,
ní aorfainn, níor eagal lais,
dreagan do saorchlainn Séarlais.
- Ní aorfainnse an neimh naithreach
d'fuil Bhriain na mbreath neamhmaithmheach,
ná an ghnúis ríleóghain ngéir ngloin
d'fírfeólfuil Í Néill nároigh.
p.172
- Ní cháinfinn um cheann ealluigh
an bheithir mbuirb mbéimeannaigh
d'iarsma síl chrannghailte Chuirc,
'sdo chlannmhaicne Ír ordhuirc.
- Tuigim nách anfadh aguinn
aoradh an óig abhraduinn
a foghail giodh fairbríogh liom
ó folaibh airdríogh Éirionn.
- Dá mbeth gan duine ar domhan
oramsa dá anaghal
barr truimfiar na ngéigfeadh nglan
níorbh éidear Uilliam d'aoradh.
CÓIR DÉ
p.173