Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 22a
RIOCARD ÓG BÚRC
- T'aire riot, a Riocaird Óig,
ná tabhair cúl red chéadmhóid;
má tá ar bhreith a rádha ruibh,
cára bheith mar do bhábhair.
- San riocht i rabhabhair riamh
bí id Riocard mhac Mheic Uilliam;
mairg do ghlac aoinchéim oile,
a slat mhaoithréidh Mhucroimhe.
- Olc do-ghéabhtha, a ghnúis iodhan,
an céadainm úd d'aithrioghadh,
d'éis ar bhuadhaigh dod bhais ghil,
lais do-chuabhair i gcéimibh.
- An brat as a bhfaghann fear
sláinte ghnáth, a ghnúis áilghean,
a dhámh ré bhánoirir Bhreagh,
grádhoighidh é mar eirreadh.
- An t-ionadh i n-éir le neach
a mhaoin do bheith ar biseach,
a phosd cothaighthe is sé sin,
dochuirthe é dá imlibh.
p.161
- An mac cuirthear dá chrích féin
ón tír i n-oiltear eiséin,
d'éis a oileamhna, a ghlac geal,
doidheaghla an mac 'sa mhuintear.
- Mar sin nár dhealoighthe dhoit
ret ainm ngnáth, red ghníomh n-ordhruic,
ris gach mbuaidh dá mbíoth oraibh,
ós uaidh fríoth a bhfuarabhair.
- A mheic Riocaird, a rún tais,
an t-ainm iasachta uarais,
níor thárraidh tú dá tharbha
nár sáraigh clú an chéadanma.
- Dá bhfaghthá ceannus Chláir Floinn,
níorbh fiú dhuit, a dhreach séaghoinn,
ainm allmhardha dá rádh ruibh
fa chlár ndaghBhanbha id dhúthaigh.
- Gidh mise féin níorbh fiú dhuid,
ar ainm nguasachtach ngaruid,
a ghríobh thadhaill bhruaigh Bhanbha,
nach faghaim uain th'agallmha.
- Nách mó lámhaim a rádh ruibh,
gémadh éiric im' aghaidh,
a ghéag oirnidhe ós fuil Chuinn,
go bhfuil oirbhire eadruinn?
- Mairg fuair an t-aoighidh anma,
nó an reacht uathmhar allmhardha,
fá bhfuil sionn éadána ort,
a mhionn céaddhála Connocht.
p.162
- Gi bé tír i dtuitfeadh sionn
fa rígh do ríoghaibh Éirionn,
bíodh nách sirfinn íoc im' fuil,
do dhlighfinn díot mo dhíoghuil.
- Do leith féin dá ndeachadh dhíom,
biaidh ort, a ua na n-airdríogh,
leith na ríoghna ó ghurt Ghaillmhe
re lucht díoghla ar ndiomdhaidhne.
- Dob annamh leinne is libh féin,
fuil Bhúrcach na mbreath soilléir,
laoich dá reich Éire d'faire,
bheith ré chéile ag corruighe.
- A ndéandaois ar ndaoine riamh
do chiontaibh ar Chloinn Uilliam,
dúin do bhíodh eineaclann ann,
a ghríobh meidhealtrom Manann.
- Ní cosmhail, dá leantaoi libh
lorg a bhfileadh re a bhflaithibh,
a mhionn séanta a Síodh Chnodhbha,
gan díol éarca mh'ionnsamhla.
- Mar do-nídís romhaibh riamh
sgotha cumhra Clann Uilliam
déana, a choillbhile bheann mBreagh,
um cheann oirbhire t'fileadh.
- Crosmaoidne h'iomlaoid anma
ort a hucht na healadhna;
cóir car an athanma ar ais
suil rabh h'athardha it éagmais.
p.163
- Faghaim arís id riocht féin
sibh, a chumghidh Chláir ríNéill,
caite dheid roidhithneas roinn,
leig dod choimhightheas chugoinn.
- Tú dob féathluinn d'iath Bhanbha
go bhfuair tú an t-ainm allmhardha;
níorbh fiú sirriamhdhacht síl Chuinn
finnfiadhGhort Ír gan féathluinn.
- Do-rinnis malairt mheallta
d'iomlaoid ar nách inleanta,
a sduagh caithréimeach cnuic Bhreagh,
aithmhéileach duit a dhéineamh.
- Meisde thú nách tarla ruibh
mac an ridire Frangcaigh,
lá an athanma dhaoibh do dháil,
do thaoibh h'athardha d'fagháil.
- Súr an domham eacht eile
measais mac an ridire,
ar bhhfionnachtam lúidh 'na láimh,
súil re hiongantaibh d'fagháil.
- Triallais tar toil a athar
an mac, gar mhó mearachadh ?
gnúis mhear fa rodhaingne rún,
níor gheabh comhairle um chlaochlúdh.
- Líog lóghmhar dár lán a ghlac
tug an t-athair don ógmhac;
fa lór a huaisle dh'obar
a hór fuairse a fothragadh.
p.164
- Sir an bioth ó mhuir go muir
rem líg n-órtha, ar an t-athair;
tabhair í, a ghéigmhíolla ghil,
don tí is éigríonna n-aignidh.
- Ceileabhrais dá chairdibh gaoil,
dob é iomthús an mhacaoimh,
rún cathardha gan chéim dtais,
a athardha féin fágbhais.
- Tarla an macaomh, gar mhó neart ?
i ndiaidh an domhain d'imtheacht
dá ghnúis bhionnfoclaigh mhín mhir,
i dtír iongantaigh éigin.
- Do-chí uadha iolar slóigh,
do-chí an ríoghcathroigh romhóir,
lán d'iolgháirthibh cháich do-chluin
fán ráith slionnbhláithghil sochruidh.
- Do-chluin ortha as a haithle
fán gcathraigh gcaoimh gcumhdaighthe
na tolcha láimh ris an lios,
gach re ngáir d'orchra is d'aoibhnios.
- Fiarfaighis i bhfad amach,
ré ndul i gceann na cathrach,
don fior dá dtarla ar tosoigh,
ciodh damhna na dálasoin.
- An fear céadna ris do ráidh;
'siad an lucht ad-chí id chomhdháil,
'na n-aicmeadhaibh druim ar dhruim,
lucht aitreabhaidh an fearuinn.
p.165
- Béas coimhidheach ren cóir sgáth
atá is tírse, ar an t-óglách,
bíodh nách bloghfa rí a riaghail,
ní bhí ortha acht aoinbhliadhain.
- I gceann bhliadhna amuigh ar muir
fágbhaid é i n-oiléan diamhair,
mairg rígh dan hathardha í
an tír chathardha ad-chíthí.
- Feadh a saoghail ó so amach
biaidh gan charaid gan chumthach,
féach an truaighe ní fa nimh,
gach rí uaine dár imthigh.
- Ag déanamh ríogh nuaidhe aniogh
atá an tionólsa id thimchiol,
d'éis díochuirthe an ríogh roimhe,
gníomh síodhaighthe sochaidhe.
- Rí nuaidhe dá dhéanamh dhóibh,
is é fós fáth a dtionóil,
na sluaighse red thaoibh tarla,
do thaoibh uaisle is athardha.
- Na gáirthe do-chluine ag cách,
a n-iomthús, ar an t-óglách,
rí dá mhaoidhimh ag druing dhíobh
ar druim chaoinidh an chéidríogh.
- Gluaisis an t-ógmhac ann soin
i gceann cháigh le a chloich n-uasoil;
an sduagh suilbhir ghairthe ghlan
do chuimhnigh aithne an athar.
p.166
- An lásoin i láimh an ríogh
tug an mac, gar mhó dimbríogh ?
fás imreasain tríd do thuill,
an líg n-ilgheasaigh n-áluinn.
- Créad an fáth fá dtug tusa
im' láimh an líg mbuadhasa,
nó an é a reic is damhna dhí,
a mheic amhra ? ar an t-airdrí.
- M'athair, ar sé, riom do ráidh,
tabhair ar thúr an domhnáin,
a mheic, don óinmhid is fearr
an óirlig deit do dháilseam.
- Do-roinneadh leat go nua anois
an chloich is uime fuarois
beart is neimhghlioca fa nimh,
a dhearc oighreata faoilidh.
- Do ré fada is th'oighreacht fém
do-rad tú, dia do dhíchéill,
a ghnúis saoirniamhdha ós chionn cháigh,
do chionn aoinbhliadhna d'fagháil.
- Do-bheir an t-airdrí dá aoidh
comhráite millse an mhacaoimh,
an t-iúl fíre mar fuair soin,
an ríghe uaidh do fógair.
- Do-bhéarainn í dod ghnúis ghil
dámadh liom cloch an chéidfir,
a bhláth abhla Chinn Choradh'
re linn th'anma d'athrughadh.
p.167
- Do dháilis, a chruth corcra,
ainm síor ar ainm n-iasachta;
a námha chnuic bhaillbhric Bhreagh,
dob aimhghlic dhuit a dhéineamh.
- Dob fiú a dtárrais ó thosaigh
don mhionn oirdhreic anmasoin
a chlaochládh nár dhéanta dhuit,
a réalta ó chaomhChlár Chormuic.
- Tugais ris id Riocard Óg,
i n-aois naoidheanta i n-allód,
seal is tarbhaighe tug fear
ar fud ghlanmhaighe Ghaoidheal.
- Do caithtí leat eacht oile
lá ag argoin bhruaich Bhóroimhe,
lá fán mBúill dtirmsreabhaigh dtais,
lá ag inbhearaibh bhrúigh Bhearnais.
- Lá i mBuanaid na mbuinneadh mbalbh,
lá eile i nIorrus Domhnann;
lá le taobh Theamhrach Midhe,
'sfa seanLoch saor Seimhdidhe.
- Comhmór do cuartaigheadh libh
bruaich Forbhair, imle Sligigh;
uatha soin go Cruachain Chuinn,
'só Chruachain soir go Sionuinn.
- Do leanfaidhe lorg bhur n-each
ó rinn Eacla go hUisneach
gan duine do dhul dá sliocht
ó Bhun Duibhe go Deirgiort.
p.168
- Adéardaois cách, a chruth fial,
nách fuightheá id mhac Mheic Uilliam,
bíoth gan ainm n-anaithnidh ort,
sbairn fa n-aghaibhthir t'umhlocht.
- An t-ainm roimhe, a rí Cunga,
maith fuarais é d'athchuma
má fríoth cúis imdheargaidh uaidh
dod ghnúis finnleargaigh fionnuair.
- Slán th'eólach ó aois leanaibh
ní ar thalmhain gur thaidhleabhair
do ní budh ionghotha d'fior,
a rí fionnLocha Oirbsion.
- A mheic Siobhán a Síoth Truim,
dá mbeith aimhréiteach eadruinn,
gearr bhus inleanta uain air,
finnleargtha an ghruaidh suil ghríostair.TAIRE R[Idot ]OT
p.168