Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 20
MAC UILLIAM BÚRC
- Mór iongabháil anma ríogh,
idir dhásacht is dimbríogh,
sé d'anacal níorbh fuláir,
rodhocar é d'iongabháil.
- Caithfidh bheith creachach cogthach,
dá raibh duine dásachtach,
tuillfidh dréim fan ríghe ris,
go léim a thíre thairis.
- Gidh eadh, trá, ná toghadh neach
bheith dó go humhal áiseach;
curthar i ndimbríogh é as,
ni hinríogh an té thoghas.
- Idir mhéid meanma is mhíne
bhíos aicill na hairdríghe;
is é an rí is measardha modh
do-ní an easumhla d'iomchor.
- Ní hiomdha dhínn dár dholta
dá réir so i seilbh ríoghochta;
buain dí ní horusa d'fior,
'sna modhasa dhí dhlighthior.
p.142
- Acht so amháin, nár mhaoidhte anois
do Risdeard mhac Oilbhéarois
bas bhairrsleamhain mar bhláth subh
cách dá airdheanaibh d'adhradh ?
- Ní sir ní ar neach eile,
'sní léig aon fa oirbhire;
tar an méid chaitheas dá chrodh;
'na mhaitheas ní théid trághadh.
- Lór dhó bheith mar do bhí riamh
'na Risdeard mhac Mheic Uilliam,
ar gcor gach tíre ar a thoil,
ar son ríghe do rochtoin.
- Do bhreith eólach Inse Fáil
ar Risdeard mhac mheic Seaáin,
is é is fearr ós é is sine,
dá mbé a gheall re a ghuaillidhe.
- Deacair dhóibh dul tar a thoil,
mac na ríoghna ó Ráith Mhurbhaigh;
is é is fearr ceart dá chineadh,
do neart 'na cheann cuirfidhear.
- Is é is measardha meanma,
é is fearr tréidhe tighearna;
rí Muaidhe, ceann gach conáigh,
uaidhe is fearr a hiongabháil.
- Ní fríoth riamh ó rígh Cunga
lá umhla ná urruma
gé tá a lán d'foisdine ann
lámh nách coisgfidhe i gcomhlann.
p.143
- Ní mó is guais d'féinnidh Eacla,
giodh lór airde a aigeanta,
sé d'foghail dá mhéad meanma,
an ghéag thoraidh thighearna.
- Fuair mílidh a mhac samhla
luach a mhéine measardha,
oighre ríogh gasraidhe Gréag,
gníomh is casmhaile ar coimhéad.
- Don mhac soin is eadh dob ainm
Déadsolus mór mhac Sádairn;
éinmhílidh na nGréag ar ghoil
an ghéag mhéirdhíllidh mhiochoir.
- Inghean impir na cruinne
meallais gár mhó ionmhuine ?
ar athadh ó mhoir go moir,
gan toil a hathar d'iarraidh.
- Re a chois féin feadh a thurais
dias dearbhráthar Déadsolais
rug an foighéag abhla ós fiodh,
do choimhéad anma an féinniodh.
- Seóltar é i n- oiléan diamhair,
d'éis na gcríoch do choimhiarraidh,
nách raibhe duine ar domhan
don uile dá átughadh.
- Ar mbeith seal ann dá n-aimsir
don chuideachtain cheathrairsin,
téid an inghean uaidhe féin
go hinbhear uaine an oiléin.
p.144
- I gcionn tréimhse tig 'na ceann
óglách dob iongnadh inneall,
seal dá féaghadh do bhí an bhean,
'sí 'na héanar 'gun inbhear.
- Níor cruthaigheadh riamh roimhe
dona dúilibh daonnaidhe
gnúis mar ré, bráighe mar bhláth
cré budh áille 'ná an t-óglách.
- Beannaighis don mhnaoi mhálla
an t-óglách óg iondána,
nách tug sí freagra ar an bhfear,
do bhí d'eagla 'na haigneadh.
- Fiarfaighis 'na dheaghaidh dí
Cia hé an fearannso i bhfuiltí,
nó cia is dual d'aitreabhadh air,
a sduagh glaicleabhar gheanmnaidh?
- Clann ríogh Gréag nár ghrádhaigh crodh,
Déadsolus 'sa dhias bhráthar,
Aca, ar sí, tarla an talamh,
na trí habhla a haontamhan.
- Béaradsa tusa ón triúr laoch,
a inghean, ar an t-óglaoch;
glór truagh do bhriathra, ar an bhean,
budh tuar cliachdha dá gcluintear.
- Dá ndearnta sin, ar sise,
riom tar ceann mo chéilise,
budh snaidhm don domhan do dhíon,
ar omhan airm an airdríogh.
p.145
- Béaradsa liom long na bhfear,
beid san chríchse i gceas naoidhean
na trí deighfir atá astoigh,
go lá deiridh an domhain.
- Beiris an bhean san loing leis,
fágbhais iaramh an inis,
ar Dhéadsolus mar fuair faill
an sduaigh dheadsolus díoghainn.
- Guiltear léisi ag triall ón tráigh,
lingidsean chuice i gcéadáir,
dá fios créad budh damhna dhí,
nó créad ma dtarla a tuirsi.
- Do-chí laoidheang fa lán seóil,
feadh radhairc ón iath aineóil,
ag téarnamh san mhuir amach;
do-chluin éanghul san arthrach.
- Seacht lá, mar aithrisdear air,
do Dhéadsolus 'na dheaghaidh,
'san bhuidheansoin do bhí astoigh,
gan mhnaoi, i n-uireasbhaidh arthraigh.
- A bhráithre, is droichmheisneach dhún,
do ráidh Déadsolus dreachúr,
gan dul slán re heitibh éan,
tar sál d'eitil ón oiléan.
- Sgiathán eóin d'uillinn gach fir
greamaighid le gliú ndaingin;
tógbhaid ortha ó bhonaibh beann
tar dromchla ndomhain ndíleann.
p.146
- Éirghis le hairde meanma
sósar na laoch loinneardha;
téid ón fairrge i ngar don ghréin,
gur ghabh i n-airde an aiéir.
- Leaghais an ghrian an ghliú mbáin,
do sgaoileadar na sgiatháin;
torchuir gan choimhdhe ar a chionn
fa tholchuibh doimhne dílionn.
- Láimh re muinchibh na mórsrith
gabhais an mac meadhónach,
go buain a dheighceangail de
d'eiteallaigh fuair an uisge.
- Ar sgothadh na sgiathán dtrom
d'imlibh garbha na nglastonn,
tig bás an féinnidh oile;
cás fár éirigh eólchoire.
- Sinsear na mac bhfaoilidh bhfionn,
idir bheith ard is ísioll,
do-chuaidh gan orchra d'faghbháil
tar dromchla an chuain chubharbháin.
- An uair fá dtáinig i dtír
gabhthar ainnséin don airdrígh
colg is bánomhna 'na bhais,
lorg na lánamhna leanais.
- Iarrais an uile dhomhan
ag leanmhain na lánamhan;
mar rug orra as a haithle
tug a gcolla ciorrbhaighthe.
p.147
- Gonais an mnaoi ndéidghil nduinn,
marbhais fós a fear cumuinn;
tug a luagh d'aithmhéile air
a bhainchéile uadh d'iarraidh.
- Slat na ríghe an inghean óg,
duitse ar tús tarla an bheanód;
ná bí id chadal, a ghruaidh gheal,
do gadadh uaibh an inghean.
- Is í an long bhós, a bharr tais,
puirt aireachais síl Séarlais,
do beanadh díot, mar deirthir,
dleaghar íoc sna haindlighthibh.
- Is é an t-oiléan 'nar an sibh,
ar n-imtheacht uaibh don inghin,
a lámh gan locadh n-ágha,
clár socar na síothchána.
- Is iad eiteadha na n-éan,
noch léar fágbhais an t-oiléan,
lucht tuillmhe Banbha na mbeann
'sna buidhne tarla id thimcheall.
- Is í an ghliú chéadna cheanglas
riotsa an ógbhaidh éideadhghlas,
a cheann slóigh bhuanasdraigh Bhreagh,
na tuarasdail dóibh dáiltear.
- Is é an bráthair óg eile,
do bháidh méad a mheisnighe,
na daoine is lucht righe ribh,
'san fine as t'ucht do éirigh.
p.148
- Is é fós an dara fear,
do bháidh an t-aigneadh íseal,
an chuid díobh adéaradh ruibh
síodh do dhéanamh fad dhúthaigh.
- Tú táinig, a thuir Chonga,
san inmheadhón eatorra,
tú an sinsear do-ghéabha geall,
a réalla inseadh nÉireann.
- Do bhean ghrádha, a ghnúis chrithreach,
rugadh uait go haindlightheach,
dá mbeith sí 'ga hathchor ort
ná gabhthar í le humhlacht.
- Gluais romhad, a rí Ceara,
daingnigh ort na heiteadha
do bhuain na hinghine ar ais,
a finnbhile bhruaigh Bhearnais.
- Atá an mgheanso ó aois leinb
ag suirghe ribh, a Risdeird,
an chríoch mhín treabharsaidh tais,
an fearannsoin síl Séarlais.
- Tú féin díol is fearr uirthe,
mór n-adhbhar fárbh aontuighthe,
a sduagh cathardha chnuic Bhreagh,
t'athardha dhuit do dhligheadh.
- Tú is líonmhaire lucht toighe,
tú is lia airsidh iorghoile;
deacair d'aoinfear cora id cheann,
a thogha aoigheadh nÉireann.
p.149
- Líontar um chomhól ndeoch ndearg
do suidhe ríogh, a Risdeard,
líon caomhanta bhruaigh Bhanbha,
sluaigh saoghalta síodhamhla.
- Líontar an slios tuaidh don toigh
fa Síle inghean Eóghain
do thréad finngheanmnaidh ghlac ngeal,
nách d'ingheanraidh Mhac Míleadh.
- Roighne ban Ghaoidheal is Ghall
líonaid an teagh 'na tiomchall;
bró ghruaidhgheal nách cogail crodh,
buaidhreadh codail na gcuradh.
- Budh iomdha fán ól re a hais
inghean ríogh rátha Durlais
sduagh bhéaltana go ngruaidh ghil,
mar réaltana i n-uair oighridh.
- Sgaoith dháileamhan gcuach gcorcra,
go dtéid tar tráth codolta,
ag dáil fíneamhna as a hucht
ar ríghealbha chláir Chonnacht.
- A hoirfidigh, a haos fuinn,
teagaid chuice i gcionn tamaill;
fiodhbhaidh chrann dtéidbhinn dtuirseach,
fa a barr ngéigslim ngruadhluisneach.
- Teaghlach ríoghna chláir Chonga,
gairid aimsior eatorra;
drong nár dár neimhiongnadh tol,
lán do cheiliobhradh chiallmhor.MÓR
p.150