Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 19
ÉAMONN BÚRC
- Gur mheala an t-armsa, a Éamuinn,
a rosg nua ar ghné ghoirmnéamhuinn;
dod ghnúis aolghairthe gruadh nglan
rob tuar baoghlaighthe biodhbhadh.
- Rob séan caomhanta carad,
rob séan airgthe easgarad
a mheic lén hannsa ar n-aithghin
an t-armsa dheit dearlaicthir.
- Rob séan arduighthe th'fine,
rob séan uaire is aimsire
a lámh thréan dínsimhthe drong
rob séan íslighthe eachdronn.
- Ní hionann m'armsa is airm cháigh,
gidh maith le neach é d'fagháil,
eagail a choinghill re a chois,
a dhreagain bhoinnslim Bhearnois.
- Dá ngabhtha, níor ghabhtha dheit,
ar chomhthaibh óir is airgeit,
arm go leanbhaidhe as mo láimh,
a bhadhbh ghealmhaighe Ghabhráin.
- Ní ghéabhaidh ód ghruaidh leathain
gan bheith feithmheach fuireachair,
gan déacsain dod dhreich náraigh
fa bheith éasgaidh eassádhail.
p.139
- Codladh mar a gcaithid proinn
ní háil leis dá lucht cumoinn;
ní fuilngthear leis locadh áigh,
docar a gheis do ghabháil.
- Ar uathadh nó ar iomad sluaigh
ní háil leis, d'uain nó d'anbhuain
colg faobhairthe nách reich rinn
a bheith aonaidhche ar aidhlinn.
- Geis dó anmhuin ó faghail,
geis don armsoin fuarabhair
a bheithir ó aolToigh Airt,
aontroigh teichidh do thabhairt.
- Creach leis sin an seachtmhadh lá
níor mhisde dhuit dá ndearntá;
mí d'aimsir gan chreich gan chion
bheith don airmsin ní héidior.
- Dá mbeinnse im' impidheach ort,
do-ghéantasa, a ghnúis éadrocht,
fa cheann séad chladhAchaidh Chuinn
céad anachain nách abruim.
- Ní choideólta ar chlúimh nó ar chuilt,
'sní lamhtha fleadh do thomhuilt,
dá mbeith roidhéagain uaim ort,
gan coimhéadaidh uaibh d'amharc.
- Do bheitheá lá láimh re Duibh,
láimh re hEachtgha an fuinn ghrianaigh,
lá oile um Chruachain na gcath,
lá um bruachaibh Thoighe Teamhrach.
- Do-ghéanta loiscthe um Loch Riach
do bheitheá lá ag lot th'óirsgiath
láimh re Breaghmhach, a ghné ghlan,
nó um seanLoch Cé arna chreachadh.
p.140
- Dá rabh Bháitéar, a bhas seang,
ag ól nó ag imbirt fidhcheall,
bíse it armaibh re hucht gcean,
a lucht adhbhair go n-airgthear.
- Feidhm na gcogthach re cois long,
feidhm teanchaire i dtigh gabhonn,
a ghéag thoraidh Adhbha Ír,
tarla oraibh 'god airdrígh.
- Muna dhearna a ndubhart ribh
ní bhiadh agaibh ón airmsin
fa cheann séad is creach ó gCuinn
acht meath nó éag, a Éamuinn.
- A mbruit chorcra, a gcoin seanga,
a mná, a bhfailghe, a bhfidhchealla,
a gcuirn óir i n-aisgidh duit,
a n-aisgidh óir is arguit.
- Madh áil leat, a laoich Codhail,
bheith go saoghlach séanomhail,
geis an airmse bíodh ar bun,
do síor tairse ná teagur.GUR MHEALA
p.141