Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 18
ÉAMONN BÚRC
- Créad anois fuirgheas Éamonn?
eadamar ní fuiléangam,
mar gach brághaid ar breith nGall,
bheith mar támaid re tamall.
- Do bhí cách 'ga chor i suim,
fad an fuirighsin Éamuinn,
suil do hadhnadh uaill an fir,
suil fuair adhbhar far éirigh.
- Ní feadar créad do chongaibh
mac ríogh an fóid Umhallaigh,
mar ghiall i ngeimhleachaibh Ghall,
riamh fa feilbhreathaibh eachtrann.
- Ní sgíos gliadh, ní guais triode,
ní díoth sluaigh ná sochroide
do bhí ag gabháil riamh roimhe
re triall bhranáin Bhóroimhe.
- Ní laithe corra is ciontach
ris an éasgaidh n-aigiontach
lámh re gcail1tear Cró na bhFionn
ní mó is dailtion nó doinionn.
p.133
- Ní choisgfidis a chneas seang
d'argain nó d'foghail Éireann,
i dtráth imdheachta don fior,
tinghealta fáth nó filiodh.
- Aithnidh damhsa agus do féin
anos re haimsir n-imchéin
ceann muirir chraobhAchaidh Chuinn
aonachain fuirigh Éamuinn.
- Méad a mhaoineadh 'sa mhaithis,
ríoghamhlacht a roflaithis
Clár tirmlíggeal na dTrí bhFionn
do bhí ag imdhídean Éirionn.
- Nior airigh fém ní fa nimh
is í is ciall dó go deimhm
san fuireachsoin dá dhreich dhuinn
do bheith d'uireasbhaidh Éamuinn.
- An fad do fuileóngthaoi dhó
bheith gan imneadh gan annró,
do bhiadh Éire 'na linn láin
ón bhinn go 'chéile i gcéadáir.
- Ón tráth do cuireadh 'na cheann
beid Goill is Gaoidhil Éireann
lomlán do cheilg fa 'chéile,
lomlán d'feirg is d'aimhréidhe.
- Ní nár fuilngeadh roimhe riamh
ná fuilngeadh mac Meic Uilliam,
cúis na teagmhála ó tá ann
ní lá eadrána d'Éamann.
p.134
- Ó tá an easaonta ag adhaint,
á [cuireadh] i gcontabhairt
go madh éadóigh d'onchoin Bhreagh
a n-éagóir orthoibh d'filleadh.
- Air do cuireadh an cogadh
gan chead don óg abhradubh,
d'ursoin mhórthroide Chláir Chuirc
dóthchoide an dáil do dhíoghuilt.
- Atá riamh ó ré na sean
[gap: extent: one line]
re fear . eadrána air,
fear na teagmhála tosaigh.
- Cia an t-éanchogadh riamh roimhe
nách air féin do fillfidhe
gi bé do thogaibh i dtús ?
na cogaidh is é a n-iomthús.
- Ga beag dúin d'fiadhnaise air
tionól Poimp, sluaigheadh Séasair ?
d'ua na flatha ó chlár Chnodhbha
dál an Chatha Chathardha.
- Poimp, más fíor, is é do chuir
tús cogaidh i gceann Séasoir,
gér chaithréimeach so re seal,
aithmhéileach dho fa dheireadh.
- Do sgrios Séasair, is sé a chríoch,
Poimp ar tús tug an t-eisíoth,
'sna sluaigh éachtmhara ón tír thoir,
do bhrígh céadchara an chogaidh.
p.135
- Atáid riamh 'ga gcor ar gcúl
lucht na himreasna d'fadúdh
do luagh a gcogaidh do chor,
obair nách dual gan díoghal.
- Olc do-chuaidh do chath na Traoi
tógbháil cogaidh an chéadlaoi,
dream nár féag adhbhar cogaidh
damhradh Ghréag do ghríosadair.
- Níor mheas lucht na Traoi ar tosaigh
fan gcogadh ndúr ndíochrasoin
gearr go bhfuair folaidh a n-uilc
sluaigh an domhain dá ndíobuirt.
[gap: extent: one line]
[gap: extent: one line]
le féin móir ngníomhmolta [nGréag]
síorsompla is cóir do choimhéad.
- An lucht do chuir an cogadh
Gréagaigh dóibh níor dhamhadar,
ná duine dá síol ó soin,
do suidhe dhíobh 'na dhúthoigh.
- Cogadh a mhac samhla sin
ar Éireamhón mhac Mílidh,
fa chrích ródghlais bhféinneadh bhFáil,
fógrais Éibhear go héagáir.
- Torchuir Éibhear dá aithle,
dob í críoch a gcathaighthe,
le hÉireamhón 'na mhóid mhir,
fa ghlémheadhón Fóid Fuinidh.
p.136
- Mugh Nuadhad mór is Mugh Néid,
maith do híocadh leó a leithéid,
síodh do chéadobadh ar Chonn,
gníomh nár féadodar d'fulong.
- Do dhícheann Conn leath ar leath
Mugh Néid, Mugh Nuadhad neimhneach,
táinig re síol bhflatha Fáil
gan fíor gcatha do chongbháil.
- Díoth amhlaidh, ós air bristear,
go madh d'Éamann innistear,
. cáil 'nar deimhnighthe a ndol
neimhdhlighthe cáigh i gcogadh.
- Do rinn[eadh] an éagóir air
air do tógbhadh tús cogaidh
[...]
moid rodhaingean
[gap: extent: one line]
[gap: extent: one line]
[...]
lot ar lár síothchána
amharc súl glainfréimhe Gall
nách túr aimhréidhe d'Éamann.
- Mín Connacht an gcéin do bhiadh
fúthaibh ó mhac Meic Uilliam,
dá lot níor ainnleanta air
gairbhghleannta cnoc is criathraigh.
- Budh ceann i gcuithe leómhain
don druing uaibhrigh aimhdheónaigh
tír a sean d'faghail ón fior,
nó is aghaidh ar teagh dteineadh.
p.137
- Nó is lámh nocht i nead gríbhe
ar tí coillte a céidlíne
buain dá dhreich ghlórmhálla ghlain,
nó is beich óghlána d'argain.
- Nó is cor catha tar comhaidh,
nó is buain séad do síothbhroghaibh
mairg dan dán dol dá féaghain
nó is crádh con fa a coiléanaibh.
- Nó is bas fa faobhraibh arm nocht,
nó is beithir dearg do dhúsacht
don féin tirmleasaigh tar t[uinn]
béin fa imreasain Éamuinn.
- Nó an saoileann duine ar domhan
tar éis Éamuinn d'folmhoghadh
clár dathchaoin na ndúinteadh .
go bhfúigfeadh athmhaoin ... ?
- Dá saoildis níor saoilte dháibh,
olc nách urusa d'eadráin
fichidh díbheirge dá druim
crithir fírfeirge Éamuinn.
- Lam ar airite d'fior.
[gap: extent: one line]
[gap: extent: one line]
[gap: extent: one line]
p.138