Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 17

MAC UILLIAM BÚRC

  1. Fearann cloidhimh críoch Bhanbha,
    bíoth slán cháich fá chomhardha
    go bhfuil d'oighreacht ar Fiadh bhFáil
    acht foirneart gliadh dá gabháil.
  2. Ní fuil cóir uirre ag aoinfear —
    críoch suaitheanta seanGhaoidheal,
    bheith fa neart an té is treise —
    is é ceart na críchese.
  3. Ní fágaibh athair ag mac
    Inis Fódla na bhfionnslat;
    sí le héigean go n-aghar
    ní héidear í d'átaghadh.
  4. Ní fuil do cheart ar chrích bhFáil
    ag Macaibh Míleadh Easbáin,
    's ni bhí ag gach gabháil dár gheabh,
    acht sí d'fagháil ar éigean.

  5. p.121

  6. Ar éigean bhós do beanadh.
    Magh Fáil na bhfeadh ngéigleabhar —
    síol is cathardha dár chin —
    do síol nathardha Neimhidh.
  7. Ar éigean do beanadh bhós
    d'Fearaibh Bolg, is é a n-iomthós —
    sás ionnarbtha orchra is fearr —
    tolcha ionganta Éireann.
  8. Ar éigean fós fríoth an fonn
    ó ríoghraidh Tuath Dé Danonn,
    díobh ar mboing bhraonmhoighe Breagh
    do Chloinn mhaordhoidhe Mhíleadh.
  9. Ar éigean rugadh Fiadh Fáil
    ó Mhacaibh Míleadh Easbáin;
    béas do Tholaigh na dTrí bhFear
    nách foghair í acht ar éigean.
  10. Má tá gur ghabhsad Gaoidhil
    an gcrích bhfairsing bhforbhfaoilidh,
    do hathghabhadh í orthaibh,
    sí ar n-athraghadh d'eachtronnchaibh.
  11. Teaguid tar tuinn teóra cath,
    óig na Fraingce, fian Ghréagach,
    lucht amhsaine an tíre thoir—
    gasraidhe sídhe a Saxaibh.
  12. Ronnaid Éire i dtrí treanaibh
    Gréagaigh na ngreagh sítheamhail,
    fir Saxan, ríoghradh Frangcach,
    gasradh fíorghlan iongantach.

  13. p.122

  14. Cuid an mheicsin Mhogha Néid
    gabhaid na fir a finnGhréig,
    'sna Goill ó gharbhSaxain ghil
    ar chloinn armarsaidh Éibhir.
  15. Ó Luimneach go Leith Cathail —
    cuid ronna Chuinn Chéadchathaigh —
    gabhaid gasraidh síl Séarlais
    don tír arsaidh oiléanghlais.
  16. Sliocht Séarlais — is siad do ghabh
    ó Chaisiol go hAird Uladh,
    ó thá seanTorach taobh thall
    go Caol ealtanach Árann.
  17. Ó Bhóinn go Luimneach na long —
    cia an aoincheathramha d'fearonn
    nách bí innte le a n-aghaidh
    ní cinnte ar an gceathramhain ?
  18. Léigeam seachoinn seal eile,
    ar eagla na hoirbhire,
    gan bheith re cuma a gcána,
    go reich urra a n-eadrána.
  19. Gi bé adéaradh gur deóraidh
    Búrcaigh na mbeart n-inleóghain —
    faghar d'fuil Ghaoidhil nó Ghoill
    nách fuil 'na aoighidh agoinn.
  20. Gi bé adeir nách dleaghar dháibh
    a gcuid féin d'Éirinn d'fagháil —
    cia san ghurt bhraonnuaidhe bhinn
    nách lucht aonuaire d'Éirinn ?

  21. p.123

  22. Gé adeirdís sliocht Ghaoidhil Ghlais
    coimhighthe le cloinn Séarlais —
    clocha toinighthe bheann mBreagh —
    coimhighthe an dream adeireadh.
  23. Dul uatha ag Éirinn ní fuil,
    deich mbliadhna ar cheithre chéadaibh
    atá an tír thiormarsaidh thais
    fa fionnghasraidh síl Séarlais.
  24. Is siad fém is uaisle d'fuil;
    iad is fearr fuair an dúthaigh;
    díobh is doibheanta Bóinn Bhreagh,
    oireachta dab cóir creideamh.
  25. Ní thiocfa 's ní tháinig riamh —
    an chlann do chin ó Uilliam —
    fine ar chumhachtaibh 'na gcruth,
    cumhachtaigh Thighe Teamhrach.
  26. Ní dheachaidh gort gan ghabháil
    díobh soir go Sruth Orthanáin;
    neart dá n-uighthe ar fionnMhagh Floinn
    níor chuirthe i n-iongnadh agoinn.
  27. Díobh táinig an té do ghabh
    Lonndain tar lámhaibh Saxan,
    ar mbeith dóibh d'oirichil air
    'na mbróin roifrithir reachtmhair.

  28. p.124

  29. Díobh táinig an té do gheabh
    Iarusaléim ar éigean —
    ní le radh uirre is iomdha —
    lár na cruinne ceithiordha.
  30. Tugsad fós, is feasach linn,
    cath ar fichid fa Éirinn,
    do síol Éireamhóin fuinn Bhreagh
    ag buing glémheadhóin Ghaoidheal.
  31. Is ré Riocard Mór do mhuidh
    cath an Luaithridh, cath Calguigh;
    deabhaidh oirdhreic Átha Truim,
    coinghleic na rátha ós Fréamhuinn.
  32. Tugadh le Risdeard arís
    trí catha oile i n-éinmhís,
    d'fuil chaomhChonuill, do chloinn Néill
    croinn a haonchrobhuing iaidséin.
  33. Is é an fear céadna do chuir
    cath Locha Cuain, cath Beannchuir,
    fada is rath tarbha an tachair —
    cath Annla for Ultachaibh.
  34. Tug cath arís um Ros nGuill,
    dár dhíothláthraigh clann Chonuill,
    d'Ó Mhaol Doraidh — fa dáil neirt —
    láimh re Toraigh an tuaisgeirt.

  35. p.124

  36. Is é an Risdeardsoin do ronn
    Leath Cuinn 'na cladhuibh tórann,
    'na corracraibh thall gá thoigh;
    Connachtaiglh ann is Ultoigh.
  37. Ní fríoth dún ná dumha sealg
    fan ngein sochair Sior Risdeard
    bán do Leith chomhraighnigh Cuinn
    fá a dhreich ndonnmhailghigh ndíoghuinn.
  38. Leis ó thrácht Bhaile mheic Buain
    go trácht Siúire an fuinn fionnfuair;
    lais ón tSúir ghrianchladhaigh glais
    go Srúibh iartharaigh Iorrais.
  39. Fa rí é ar Sionainn 'sar Siúir,
    'sar Chunga na gcuan dtaidhiúir,
    ar Mhuaidh 'sar bhailbhsreibh Banna,
    'sar fuair d'aibhnibh eatorra.
  40. Do-beirthi an t-éigne ó Eas Ruaidh,
    is eó Banna an bhruaich ionnfuair,
    'sa maighre ó chaoilsriobh Chaisil
    ar aoinbhior don iarlaisin.
  41. Do-beirthi ar éinmhéis d'ór dhearg
    cna Seaghsa go Sior Risdeard,
    subha cumhra chuain Doire,
    is ubhla bhruaigh Bhóroimhe.

  42. p.126

  43. Ní fríoth samhail roimhe riamh
    dá bhráthair sin Sior Uilliam;
    do lean d'aithcheanaibh an fir,
    fear dob aithreamhail n-aignidh.
  44. Do-bearar áireamh ocht gcath
    d'Uilliam Óg, airdrí Búrcach,
    ar Laighneachaibh, ar Leith Chuinn,
    le cleith n-ainbhreathaigh nUmhuill.
  45. Cath Life, cath Mhoighe Máil,
    ar Laighnibh — lór do mhíobháidh —
    cath Lacha hEachaidh d'Ultaibh,
    's ceathair chatha ar Chonnachtaibh.
  46. Cath suaithnidh Sléibhe Muire,
    cath Eithne san Eanghuile;
    cath oirdheirc i nÁth na Ríogh,
    ar sgáth oirbheirt an airdríogh.
  47. Níor lámh cách cur 'na aghaidh,
    iomthús Éamuinn Albanaigh;
    ní fuair do freasabhra ris
    buain le heasumhla d'aithris.
  48. Ar a nós sin, is sé a suim,
    tarla Tomás mhac Éamuinn,
    sduagh goirmdhearcach na nglac gcorr —
    'sa mhac oirbheartach Éamonn.

  49. p.127

  50. Riocard mhac Éamuinn eile —
    níor dhóigh an draig theinntighe —
    níor ghabh umhlocht ó chrú Chuinn,
    cnú don lubhghort ó Lunnuinn.
  51. Leaba laoigh allaidh nár airg
    ní tharla i reimheas Riocaird,
    i ndroibhéal ná i nguaillibh gleann,
    gur bhuaidhir oiléan Éireann.
  52. Tug Riocard — fa ró cumais —
    broid Mhidhe, cíos Ceanannais,
    fear léar toirneadh Teamhair Chuinn —
    i dtoillmheadh d'fearaibh Umhuill.
  53. Comhla thighe Teamhrach Breagh
    go Loch Measc ar Magh Tuireadh
    tug réadla Chláir na gCuradh,
    'sna láibh céadna ad-chualabhar.
  54. Coire ríogh Mhanann tar muir,
    cruit bheannchorr Bheinne hÉadair
    le drithlinn Teamhra dá thoigh,
    go bhfidhchill Eamhna i nUltoibh.
  55. Seal fada ag leanmham a luirg
    do Seaán Mhór mhac Riocaird,
    fa Theagh bhfonnfuairgheal na bhFionn
    ag combuaidhreadh fear nÉirionn.

  56. p.128

  57. Eighreacht Seaáin ar fiadh bhFáil
    fuair Oiluéarus mhac Seaáin;
    níor chinn mac éanathar air
    dár ghlac féarachadh Fionntain.
  58. Seaán Búrc mhac Oiluéarus,
    fear chaithfeas is choiséanus
    moighe cnódhonna chrú gCais,
    is tóranna bhrú Bhearnais.
  59. Geall a dtáinig roimhe riamh,
    ó Oiluéarus go hUilliam,
    fuair bláth na habhla a hEamhain;
    tarla ar chách a gcinneamhain.
  60. Grinneal aigéin gan forus,
    croidhe ar nách cóir amharus;
    sdéad mearghroighe ó mhúr Eamhna,
    rún neamhdhoidhe naitheardha.
  61. Tiobraid lán i láibh teasa,
    méadaightheóir gach maitheasa;
    rún nách daingne clacha cuir,
    airdhe flatha re foghail.
  62. Fuidheall beannacht a bhiodhbhadh,
    teagaisgtheóir na dtighearnadh;
    brath nuachair do mhoigh Mhidhe,
    buachail croidh a choillidhe.

  63. p.129

  64. Ursa chogaidh chríche Breagh,
    doras báis mhaicne Míleadh,
    bas mhéirsliom is cruaidhe i gcath,
    éinmhionn buaidhe na mBúrcach.
  65. Mac Uilliam Búrc, biodhbha an uilc,
    sás na ndoibhéas do dhíobuirt;
    dá míbhéasaibh maith a lámh,
    flaith mar ríghSéasair Rómhán.
  66. Ní fuil mac Gaoidhil ná Goill,
    ó Aird Uladh go hEacoill,
    acht lán dá éanghrádh uile
    um Chlár féarbhán Úghuine.
  67. Ní fuil foghlaidh ná fear gráidh
    ag Seaán mhac mheic Seaáin
    'gá bhfuil fáth amharais air
    um ráth gcladhsolais gCobhthaigh.
  68. Ó aois naoidhean gus anois,
    bíodh slán gach éinfir eólois
    go ndearna craobh chaithreach Breagh
    taom budh aithreach dá aigneadh.
  69. Ní dár íribh nó ar ábhacht,
    d'urradhas nó dh'éadánacht,
    níor smuain réalta sluaigh Sligigh
    budh déanta iar n-uair d'faoisidin.

  70. p.130

  71. Ní dubhairt, ní dubhradh ris,
    d'fiadhnaise fir an aimhlis —
    gruaidh leithgheal ar lí na subh —
    ní do cheilfeadh i gcogar.
  72. Ní budh ionfolaigh air féin
    ní dubhradh re a dhreich soiléir,
    's níor chogail ar chách eile
    fáth cogair a choillidhe.
  73. Dá dteagmhadh go dtiocfadh d'fior
    bás a dtáinig 'na thimchiol,
    ón ló fá dteagar 'na thoigh
    ní budh eagal dó a dhíoghoil.
  74. Níor barradh faoi ar iarnaibh each,
    níor droladh lann ná lúireach —
    dearc righeanghlas fan mall muir —
    tighearnas ón tann tárraidh.
  75. Gan drud ar longphort re a linn,
    gan ghluasacht airm dá aidhlinn;
    gan omhan ar neach fa nimh,
    gan robhadh creach do chluinsin.
  76. Gan sgéala d'fiarfaighidh d'fior,
    gan dul ar séad ná ar sluaigheadh;
    gan chreich, gan toghail, gan troid,
    gan foghail neith um námhoid.

  77. p.131

  78. Gan adhbhar le a mbiodhgfadh bean,
    gan leattrom Ghoill ag Gaoidheal;
    gan éadáil Ghaoidhil ag Gall,
    gan éagáir aoinfir d'fulang.
  79. Bídh ceól sírreachta sídhe
    le socracht na sáimhríghe
    i bhfuighlibh cáigh re chéile,
    fa fuilngidh chláir Choirrsléibhe.

    FEARONN

  80. Conn Ó Domhnaill, Dia dhá dhíon,
    géag bhuadhach d'fuil na n-airdríogh;
    fear gan mhaothchroidhe um cheann gcean,
    ceann na laochroidhe ó Lithfear.

    FEARONN

  81. Ceithre fichid & cúig céad,
    míle ó ghin Críost re coimhéad —
    do bhí an cás duitheanta i ndán —
    go bás suitheanta Seaán.

  82. p.132