Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 16

BRIAN NA MURRTHA

  1. D'fior chogaidh comhailtear síothcháin,
    seanfocal nách sároighthear;
    ní faghann síoth acht fear faghla
    feadh Banbha na mbánfoithreadh.
  2. D'ógbhaidh Bhreagh gi bé lén feirde
    fir Saxan do síodhoghadh,
    ní beag so dá dhíon, mar dearar,
    bíodh sealadh dá síorfoghal.
  3. Ní fuighid siad síodh ó Ghallaibh
    Gaoidhil na ngníomh gcathardha,
    ní fiú a gcogadh snadhmadh síodha,
    damhradh ríodha rachalma.
  4. Ní díol síothchána síol gConaill,
    ná clann Eóghain onchonaigh,
    ná clann Chathaoir, ná síol Sadhbha,
    ná síol gcalma gConchobhair.

  5. p.109

  6. Beag nách deachsad go díoth n-éinfir
    uaisle fola fionnGhaoidhil,
    fiú a feabhas do dhóigh na dronga
    tóir orra nách ionmhaoidhimh.
  7. Siad dá gcur i gciomhsaibh Banbha,
    buidhne Ghall 'na glémheadhón,
    airc leithimil díobh ar ndéinimh,
    síol Éibhir is Éireamhón.
  8. Cóir nách comhaillid cath Saxan
    síoth don foirinn fadhálta;
    do-chíthear dhóibh — truagh mar tharla —
    sluagh Banbha gan bharánta.
  9. Ar a loige do lucht cogaidh
    ar cionn na gcath n-eachtronnach
    nách faghaid síoth tar fonn nEórpa
    an drong leónta leathtromach.
  10. Díoth a dteaguisg tug na daoine
    fan droing fíochmhair foirneartmhair,
    truagh nách faghaid lucht a laoidhidh
    a hucht aoinfir oirbheartaigh.
  11. Mór an neamhchuid do neach éigin
    d'éigsibh an fuinn ghealtolchaigh
    gan a rádh re fearaibh Fódla
    deabhaidh d'fógra ar eachtronnchaibh.
  12. Ós é ar gcuidne do chloinn Mhíleadh
    mac Briain bhronnus airgheadha,
    an ghéag do sluagh lúthghrod Luimnigh
    múnfad d'fuighlibh ailgheana.

  13. p.110

  14. Do-bhéaruinn comhairle charad
    do cheann fréimhe ríghFearghna,
    drithle bheag do chur san chagail,
    an tsubh abaigh fíneamhna.
  15. Do-bhéar bhós le beagán comhráidh —
    créad acht fadódh fírfeirge ? —
    do rígh Mhoighe srothaigh Sléachta
    fochain déanta díbheirge.
  16. Urusa dhó déanamh cogaidh
    tre chombáigh cóig saorphobal,
    leis ón tuinn chalaidh go' chéile
    raghaidh Éire ar aonchogadh.
  17. Lasfaid cách do chombáigh rision,
    idir rígh is ríoghdhamhna,
    mar loisgthear teagh re teagh oile,
    ar feadh moighe míonBhanbha.
  18. Fir Éireann an uair fá gcluinfid
    cogadh airdríogh Aolmhoighe,
    ní bhia tír gan fear a faghla
    ar feadh Banbha braonghloine.
  19. Éireóchaid leis líon a dtionóil,
    tnúthach n-uilc na hÉireannaigh,
    tairgfid Gaoidhil cor ré chéile,
    go robh Éire ag éinearraidh.
  20. Ní thig dhó gan díchiol cogaidh
    fa cheann ar gcláir Únaine —
    dhó bhias a dtarbha nó a dtoibhéim —
    faghla oiléin Úghaine.

  21. p.111

  22. Bíod múir chloch 'na gcuiltibh fiaidhmhíol,
    folchadh d'feór gach aonchonair,
    go bhfágbha clár tonnbhán Teamhra
    lomn án d'ealbha is d'faolchonaibh.
  23. Fágbhaid d'ocras um iath mBóinne,
    'sum Biorra an bhruaich géigleabhair,
    go dtoimhle an bhean i mín Midhe
    mír do chridhe a céidleanaibh.
  24. Ná bíodh ar son a séad mbuadha,
    ná a mbrugh n-aolta d'áiridhe,
    acht rádh go rabhsad uair éigin,
    ó sduaigh géiggil Gháirighe.
  25. Gearrthar leis a lubhghort toraidh,
    teasgthar uaidh a n-arbhanna
    le lucht dídin chóigidh Chruachna,
    óigfir uallcha armdhonna.
  26. Déantar leision láimh re Tailltin
    tuir mhóra do mhionchuma;
    sgriostar leis go bruinne mbrátha
    a muille a n-átha a n-iothlunna.
  27. Déantar sléibhte seachnóin Uisnigh.
    d'imlibh réidhe romhoigheadh,
    nách fagha an fear re taobh dTeathbha
    raon na gceathra gconoireadh.

  28. p.112

  29. Taisgthear le neach mar ní iongnadh
    re haghaidh fir éanuaire
    géim éanbhó fa Cholt do chluinsin,
    nó um port Uisnigh féaruaine.
  30. Bíod fir neartmhara ó Nás Laighean
    leó ag tabhairt a dteannoireadh
    do bhróintibh cuach n-arsaidh n-órtha
    's d'asnaibh cófra a gceannoigheadh.
  31. Déantar saidhbhir sealadh oile
    d'fearaibh daora dochraide;
    tugthar fós 'na ndaoinibh daidhbhre
    saoirfir saidhbhre sochraide.
  32. D'éis na ngníomh do-ghéanaid siadsan,
    síol Ruairc na rún bhfíochmhálla,
    na Goill ó chrích iathbhuig Almhan
    iarrfuid snadhmadh síothchána.
  33. Tiocfaid teachta do thúr osuidh
    uatha ar ógbhaidh iathBhanbha,
    géabhaid don droing suilbhir singse
    d'fuighlibh millse miadhchardha.
  34. A mbeirte sróil, a seóid bhuadha
    béaraid go sluagh seinSligigh,
    géabhthar d'failghibh óir dá n-uaislibh
    ón bhróin duaibhsigh dheinmnidigh.

  35. p.113

  36. Iarrfaid leó do láthair cúirte
    ceann síodha guirt ghlanUisnigh,
    'sní sirfid fós díol 'na ndearna.
    síol bhFearghna ar an bhfaghuilsin.
  37. Ná meallaid le millsi briathar
    Brian mhac Briain ó Bhréifneachaibh;
    mairg do-bhéaradh aghaidh orra,
    danair loma léirchreachaigh.
  38. An feasach dhó dála an leómhain,
    lá dár fóbair aindligheadh ?
    níor geineadh neach ré mbí a bhuidhe,
    rí na n-uile ainmhidheadh.
  39. Goiris 'na cheann ceathra an talmhan,
    tiad chuige don chéidiarraidh;
    dob iomdha fan gcuireadh gcuanach
    buidhean uallach éigiallaidh.
  40. Ní tháinig fa thús an chuiridh
    ceann an chineóil sionnchamhail,
    anais amuigh uaidh fan aimsin
    go bhfuair aimsir iomchubhaidh.
  41. Tiad na sionnaigh san séad chéadna
    chuige arís ar éinslighidh —
    righe riú níor chóir 'na gceardaibh —
    'na mbróin chealgaigh chéimrighin.
  42. Ar ndul d'amharc uamha an leómhain
    don lucht nár líon coinghleaca,
    líonaid siad d'uamhan a n-anmann,
    sluaghadh anbhfann oirmheata.

  43. p.114

  44. An céidsionnach do-chuaidh aca
    gusan uaimh mbric mbéalaolta,
    do ráidh riú i n-imeal na huamha
    filleadh uadha d'éanaonta.
  45. Do-chím eang an uile cheathra
    chuige so go solusda,
    'sní uil, ar sé eang gá fágbháil,
    a dhream ágnáir forusda.
  46. Dá ndeachmaoisne san dún chéadna,
    ar ceann na slógh sithchealgach,
    ní foighthe ar lorg ar gcúl choidhche
    ón mhúr foirbhthe ilcheardach.
  47. Iomthús na sionnach seal oile,
    iompóid ón uaimh formadaigh,
    gá dú ? — acht do ghéis uichtghil Finne
    tuigthir linne ar lobhradair.
  48. Is sí an chúirtse ag cathaibh eachtronn
    uaimh an leómham léimeannaigh,
    's is siad na ceathra fuair oidhidh
    sluaigh an oirir Éireannaigh.
  49. Tuigeadh Brian mhac Briain mheic Eóghain
    gan éinneach d'féin ghlanBhanbha
    do theacht slán gan mheing gan mheabhail
    ón dreim d'fearaibh allmhardha.
  50. Do chuir d'eagla ar fearaibh Saxan
    snáth uama an fóid Loghasa—
    dá dtugdaois cách é 'na n-orláimh
    sé d'foghbháil nárbh orasa.

  51. p.115

  52. Dídean Teamhra atá ar a chumas —
    codhnach chloinne ríghFearghna;
    ní thig do chách gan a choimhéad —
    bláth na bhfoighéag bhfíneamhna.
  53. Ní fóirfidís uaisle Banbha
    Brian mhac Briain an mhóireinigh,
    'sníor chás le sduaigh ndaoinigh nDuibhe
    Gaoidhil uile d'fóiridhin.
  54. Méad a fuatha ag ógbhaidh danar
    dhó féin bhíos do bharamhail;
    cách dhó dá fógra re fada —
    Fódla aga ar aradhain.
  55. Urasa dhó a dídean ortha,
    iomdha dhá aos comhanta,
    'sní uil ré a dhíon aga acht Éire,
    fada ó chéile a chomhachta.
  56. Beid na fréamha ó bhfuil a mháthair
    fa mhac Briain 'na mbodhangaibh,
    gach fine dhíobh mar dhéir n-aille,
    síol Néill Chaille is Conallaigh.
  57. Na trí Luighne fa flaith Bréifne,
    bró sgiaithleathan sgoramhail;
    beid leis i gcliathchaibh gan chairde
    Fiachraigh, Cairbre, Corannaigh.

  58. p.116

  59. Na trí Meic Suibhne ó bhruach Bhearnais
    beid fós ime ar aoinfeadhain —
    ná sgaraid ris d'uain nó d'anbhuain —
    cruaidh an ghlansluaigh Gaoidhealaigh.
  60. Beid Í Mhaine fa mhac Gráinne,
    go ngaoibh corcra ceannghlasa —
    fúigfid bandála Gall gruaidhfliuch —
    is Clann uaibhriuch Fearghasa.
  61. Ó Eithne leis go Loch Éirne,
    idir urra is anurraidh,
    'só Bhúill go Loch n-anfaidh nUachtair,
    Manchaigh, Ruarcaigh, Raghallaigh.
  62. Rachaid trí cinnbhile Connacht
    ré a chois 'na gcaoir onchonaigh,
    na trí buidhne malla móra.
    clanna cródha Conchobhair.
  63. Clann Domhnaill leis líon a dtionóil,
    mar tiad dairghe ós doireadhaibh,
    d'fianaibh Fódla, d'amhsain Íle
    gasraidh sídhe soineamhail.
  64. Ríoghraidh Ghaoidheal gluaisfid ainnséin
    go hÁth Cliath don chéidiarraidh;
    budh iomdha múir chlach 'na gcosair
    ón chath fossaidh éigiallaidh.
  65. Biaidh críoch Bhóinne 'na bróin saighnéan
    ó síol Ruairc an réadhoinigh;
    fini Gall ó Chliaigh go Cruachain

    [gap: extent: one line]
    . . . . . . . .

  66. p.117

  67. Budh iomdha corn breac is báisín
    'gon bhróin laochdha loinneardha,
    budh iomdha uird bhloghtha balla,
    dobhcha, canna coinnealldha.
  68. Budh iomdha leó bir is briogúin
    is birt troma i dtéadánaibh,
    budh iomdha leó clár is coire
    'sa lán oile d'éadálaibh.
  69. Foileóchthar leó learga Midhe
    ré méid na gcreach gcathardha,
    budh iomdha slighe um Bóinn mbreacgloin
    'gon bhróin neartmhair nathardha.
  70. Budh iomdha arís i n-am chodail
    ag cloinn ríogh do róisdínibh,
    tar éis Moighe Ceóil do chreachadh,
    feóil leathamh 'na lóisdínibh.
  71. Adéaraid Goill um Ghort nUisnigh
    ainnséin re fóir bhfionnBhaoille—
    nách léigfid siad re crú gCairbre
    a mbú a n-airgne a n-iolmhaoine.
  72. Ní bu miadh re maithibh Gaoidheal
    glór na bhféinneadh bhfionnardghlan.
    budh machtnadh mór le cloinn gCobhthaigh
    Goill orthaibh ag iomardadh.
  73. Iar sin rachaid a ré catha
    cath Saxan, sluagh ríTheamhra,
    budh iomdha dhíobh orra éachta,
    dronga séanta sítheamhla.

  74. p.118

  75. Géabhaid siad ag sloidhe aroile
    ainnséin go ham gcoineasgair;
    budh iomdha marbh Goill is Gaoidhil
    ón droing dhaoinigh dhoifreasdail.
  76. Budh iomdha ón chleith tre chneas saoirfir
    soighead áithghéar ailtbhearach;
    budh iomdha colg fuar is fagha,
    is tuagh thana thaitneamhach.
  77. Líonfaidhear do linntibh corcra
    clár Midhe ón dá mhearghasraidh,
    go n-éirghe fuil ós na formnaibh
    san mhuigh thonnghloin Teamhrachsain.
  78. Muidhfidh ainnséin ar fóir Saxan
    ré síol Ghaoidhil ghéirreannaigh,
    nách bia do síor ón ágh d'fógra
    ós chlár Fódla acht Éireannaigh.
  79. An adhaigh tar éis an chatha
    san chnoc ós Bhóinn bhréagsrothaigh
    budh iomdha ó sduaigh mhaothghuirt Mháighe
    saorchuirp áille i n-éagrothaibh.
  80. Budh iomdha badhbha ag buain chasnaidh
    do chneas féinneadh airmreamhair;
    budh iomdha fós fiaich is faolchoin
    fa Chliaich maothghloin maighreadhaigh.

  81. p.119

  82. Budh iomdha ar chnocaibh chláir Mhidhe
    mairbh fa ríoghnaibh roisgfliucha;
    budh iomdha ó sluagh Éirne orra
    éighmhe loma loisgniucha.

  83. p.120