Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 15
MÓR INGHEAN BHRIAIN BHALLAIGH
- A Mhór, cuimhnigh an comann,
gá dtám dhó, a dhearc fochondonn ?
ní budh cás réidhiughadh roinn
ór fás d'éiliughadh eadroinn.
- Ós dá chasaoid red chéibh mbuig,
tarla dhamh dia do neamhchuid
bíodh nách foilcheas an fissin,
gníomh nách oircheas d'innisin.
- Fa ríor, do-rinne mise
rem thighearna tairise,
a shubh chraobh ó chathraigh Bhreagh,
taom asar athraigh aigneadh.
- Do-roinneas damhna diomdha
ar tosach rem thighearna,
's rem lucht oileamhna, a ghruadh gheal,
fa tuar doimheanma a dhéineamh.
p.99
- Do dhearbhsad dó gá dám ris ?
drong líonmhar do lucht aimhlis
ar sduaigh n-úir mbionnfoclaigh mBreagh
iomarcaidh dúinn do dhéineamh.
- Atáid daoine dá rádh ruinn
gur chum mé i ndán d'Ó Dhomhnuill
leattrom, más fíor, 'na n-aghaidh
ar síol gceanntrom gConchobhair.
- Mór do-rinne rí Sligigh
riom fan amsoin d'foidhidin,
rí an tsluaigh ón chlaidhliossoin Chuinn,
'sa bhfuair d'aimhliosoibh oruinn.
- Atá sinn ó sin i le
dá seachna ón chrích go 'chéile,
tre feirg bhfrithir chloinne Cuinn,
's do bhithin doirre Domhnuill.
- Ar son nár fógradh mé, a Mhór,
do dhruim a feirge d'fadódh,
mar tám do hionnarbadh inn
tre Chlár bhfionnardghlan bhFéilim.
- Ré bliadhna agus beagán lais
dúinn gan teacht dár dtír dhúthchais
céad bliadhain ní buaine liom
uaidhe idir fiadhaibh Éirionn.
p.100
- Atá ar gcion bhós re bliadhain
idir chloinn Néill Naoighiallaigh,
idir síol gConuill ag clódh,
an tsíon oruinn ag iompódh.
- Drong ó bhfuighinn riamh reimhe
sgoth mhuirne ar feadh m'aimsire
caithid saorflaithe fear bhFáil
ar feadh n-aonlaithe mh'anáir.
- Ní bhí oruinn 'nar n-áit féin,
an treimhse atámaoid aimhréidh
le rígh mhuighe saoir Suca,
acht aoibh dhuine dheórata.
- Muna thí do Dhia agus díod
mo dhíonsa, a chiabh na gcaimdhíog,
neart m'anacail ní fuil ann
lér luigh d'anacair oram.
- Dá saora tú, a thaobh gealtais,
meise i n-aimsir m'éigeantais
breath sin do dhearbh gach duine
libh ar sealbh go síorruidhe.
- Cóir dhúinn bheith do bhreith dlighidh,
dá dtí dhíot inn d'fóiridhin,
a bhas sliom bhanamhail bhog,
do chionn mh'anaghail agod.
p.101
- An gcuala tú na trí heóin
d'éanlaith iongantaigh aineóil,
a ghéag abhla ó finnTigh Fáil,
tarla d'impir san Eadáil.
- Do bhídís tre bhiotha síor
gach laoi ar aghaidh an airdríogh,
ós a chionn ag teachta asteagh,
's ós cionn na leabtha i luigheadh.
- Seacht mbliadhna do bhádar soin
do ló is d'oidhche 'na fochoir,
gan teacht na héanlaithe ar ais
feacht éanlaithe 'na éagmais.
- Mar sin dóibh dia do phudhar
gan chodladh gan chomhsanadh;
ní lór ceólchuire a gcomhráidh,
sódh eólchuire a n-iomarbháigh.
- Tairgthear uaidh a oighreacht féin,
tairgthear a inghean ainnséin,
d'fior aitheanta na healta,
dárbh aitheanta a n-imtheachta.
- Labhrais macaomh ameasg cáigh,
geallais do chách i gcéadáir,
tar a mbí dá dhocracht dó
an rí d'fortacht ón iarghnó.
p.102
- Adubhairt 'na dheaghaidh soin:
toisg na dtrí n-éansa it fochoir,
gi bé ara bhfoil ainbhfios ann
ní foil 'na failgheas oram.
- Atá cúis réna cóir sgáth,
a impir, ar an t-óglách,
leis na trí héanaibh dot fios,
déanaidh í mar is oirchios.
- Cúis chóra re cian d'aimsir
atá ag na trí héanaibhsin,
ó tá an chóir d'oirichil ort
roimhithigh dhóibh a dúsocht.
- Bainéan díobh agus dias fear
na trí heóinsi atá id thimcheal;
sgéal bhus cúis iomráith orra.
'na chúis iongnáith eatorra.
- Innis dúinn mar is dearbh libh,
a ógláich, ar an t-impir,
sgéala gach eóin don ealta,
fréamha a n-eóil 'sa n-imtheachta.
- Ná ceil oram, innsidh damh,
an treimhse atáid im farradh,
ciodh dob fáth dona héanaibh,
aniogh tráth a theisbéanaidh.
p.103
- Táinig, a rí, roimhe so,
gorta, ar sé, re seal mbliadhna,
don bhioth uile do gheabh greim,
ar feadh na cruinne i gcoitchinn.
- Do bhí sí ar an ealtain eán,
do bhí ar éignibh an aigéan;
do bhí ar thréadaibh an talaimh,
sí ar féagain dob éagsamhail.
- An dara héan don dá éan
aige ar tús do bhí an bainéan,
sí ar feadh na gorta níor gheabh,
an seal fa docra a dídean.
- Fuair sí ón firéan oile,
feadh na bliadhna baoghloighe,
gach ní dhá n-uair 'na heasbhaidh,
mar fuair í san éigeansain.
- An céidéan, dá dtarla ar tús,
dol 'na seilbh dob é a iomthús,
do cheart dob áil a hiarraidh,
ar dteacht dáibh ón doibhliadhain.
- An firéan oile is é adir:
sealbh na mná gur dhó dhlighthir,
ós é tug í as an aimsin
go rug sí ar an soaimsir.
- Ráite an chéideóin ó chianaibh,
do dhiúlt dí san doibhliadhain:
gi bé céidfear 'ga mbí bean
nách éidear dhí é d'éimdheadh.
p.104
- Sibhse féin do bhreith bhreithe
dhóibh tar gach n-aon d'áirithe,
críoch a n-adhbhair is í soin,
a rí, d'anmhain it fochoir.
- Rug an rí do bhreith bhunaidh
sealbh an eóinsin d'anamhain,
ar dteacht ón ré dhocruidh dhi,
don té do fortuigh uirthi.
- Atá sí fo séala ó sin,
an bhreathsoin bheóil an impir;
breath í ararbh éigin anadh,
ní héidir í d'athraghadh.
- A inghean Bhriain, a bharr lag.
mar sin bhias m'orláimh agad,
ar gclódh mo dhocrachta dhíom,
do lógh m'fortachta óm imsníomh.
- Ní féadaim dol ód dhreich mhoill,
ní rachuinn fós dá bhféaduinn,
tre bhioth síor, a ghruaidh ghealtais,
's mo dhíon i n-uair mh'éigeantais.
- Déana dhíom duine dhuit féin,
a ríoghan Rátha saoirNéill;
ní foláir dhamhsa agus duit
m'annsa d'fogháil 'na éaruic.
p.105
- Cuir rem dhíon, a dhreach séanta,
dá mbeith go mbeith doidhéanta,
red chéibh ndlúithslim, red ghlaic ngil,
do mhúinfinn dait a dhéinimh.
- Ná tógaibh ris an rosg mall
go beith réidh dúinn 's do Dhomhnall;
ná caith, ná cagail a chrodh,
ná habair maith do mhóradh.
- Ná tuill clú, ná cosain guth
d'Ú Chonchobhair chláir Theamhrach;
bí duilbhir ar feadh bhfleidhe,
ná cuimhnigh fear d'áiridhe.
- Ná heirg i slánaibh síotha,
ná ceannsaigh na coigcríocha,
a rún céillidh, a ghnúis gheal,
ná réidhigh cúis ná caingean.
- Ná hionnail bais ná bruinne,
ná an déad ar dath néamhuinne;
ná tarr i gceann slóigh Sligigh
fa cheann óil ná oirfididh.
- Ná daingnigh riaghail ná reacht,
ná bac easaonta h'oireacht,
síoth dot filidh go n-oghair.
ar fíoch cinidh Chonchobhair.
p.106
- Iomdha ní do-ní tusa
má taoi ag cur rem chaomhnasa
a bheithir chorcra Chnuic Bhreagh,
is docra dhuit do dhéineamh.
- Rodhocra dhuit na dairghe
do chlaonadh red chomhairle,
fill mar an bhfiodhbhaidh dtoraidh
diomdhaidh chinn ó gConchobhair.
- Ciúnaigh feirg airdríogh Duibhe,
fearg an chuain mar chiúnaighe;
mínigh fraoch anfaidh an fir,
mar bhalbhthair an ghaoth gheimhridh.
- Na srotha binne balbha
mar bhíd uaid gan urlabhra,
usa rí Cairbre do chosg,
mun ní fá dtairge a theagosg.
- Foghla cháigh mar choisgeas sibh,
cuirthear aradha éigin
red ghnúis ndeirg míonfoclaigh moill
ar feirg ndíogholtaigh Dhomhnoill.
- Mar seargus sibh na sreabha
nách iomchruid na héigneadha,
dob orusa a searg mar soin
fearg na folasa Fiachoidh.
p.107
- Mar thrághas tú tonna an chuain,
'san sín n-ainbhtheanaigh n-adhfuair,
tráigh a bhfoil d'fíoch ret ollamh,
ag soin críoch ar chanamor.
- Dá raibh tú re Meidhbh, a Mhór,
feadh ar gcogaidh do chlaochlódh,
cur im aghaidh ní fuil ann,
tar a bhfuil d'falaidh oram.A MHÓR
p.108