Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 11
INIS CEITHLEANN
- Mairg féagas ar Inis Ceithleann
na gcuan n-éadrocht' na n-eas mbinn;
guais dúinn, 'snách féadair a fágbháil,
féagain an mhúir fádbháin finn.
- I bhfad riamh suil ráinig mise
múr taoibhgheal na dtulach ngorm,
dá roicheadh leam triall don teaghsoin
dar leam ní bhiadh easbhaidh orm.
- Do-chuala mé mairg do-chualaidh
do chlú ar síothbhrugh na séad mbuadh,
mo bhréagadh mar do bhí i gcinneadh,
ní as nár féadadh m'flleadh uadh.
- Teaghdhais lonnrach leóghain Éirne
dob é riomsa rádh gach fir
nocha bhfaca fear san Bhanbha
teagh a maca samhla sin.
p.74
- Adeirdis bhós gi bé ad-chífeadh
an choill lúbtha nó an learg thais,
an trácht réidh nó an t-achadh uaine
nách rachadh céim uaidhe ar ais.
- Fios a theasda an tráth fa n-uaras,
tar éis gcodail go ceann trill
ní faca ní oile d'aisling
acht lí an toighe fairsing finn.
- Gluaisim romham, ránag ainnséin
Inis Ceithleann fa gclaon dair;
tre chlár bhfionn na bhfeirfleasg dtaraidh
fa neimhleasg liom aghaidh air.
- Suil tánag re taobh an bhaile
do bhiodhg mé le a méad do gháir;
nuall a gcon meardha 'sa míolchon,
ag cor ealbha a díothrobh dháibh.
- Do bhí an trácht re taobh na cúirte,
fa chuan síthe na sruth mbalbh
gur foiligh a trágh 'sa tonna
lán do dhoiribh corra carbh.
- Do-chím láimh risin lios gcéadna
clár aoibhinn dob órtha lí,
faithche bharrthais an dúin daithghil,
úir Pharthais nó a haithghin í.
p.75
- Amhlaidh fuaras aithche an dúnaidh
druim ar ais ó ingnibh greagh;
ní fás luibh a húir fan orluinn
ó lúidh sguir ag comhruinn chean.
- Eich an dúin ag dol i gcoimhling,
do-chiú arís a rioth fa seach,
gur ceileadh leó tolcha an talaimh
gan cheó ortha acht aghaidh each.
- Do-ním romham san raon díreach
ar dhún gcúplach craoibhe Liag;
a rabha rem ucht san fionnbhragh
mar lucht mbragha is iongnadh iad.
- Fuaras maithe mhaicne Cholla
san chúirt daoinigh ag dáil séad,
lucht foilgheasa sgéal do sgaoileadh
fréamh gcoibhneasa Ghaoidheal nGréag.
- Fuaras fós ar feadh an longphuirt
a lán d'éigsibh is d'aos fuinn,
ón tslios gheal fonnbhán go 'roile
mo chean orlár toighe i dtuill.
- Fuaras a lán san leith oile
d'ainnribh béaltana brat sróil,
i múr chonchair na gcon bhfionnbhláith
ag cor chorthair iongnáith óir.
p.76
- A lán féinneadh feadh an tighe,
tríd siar ar na sleasaibh taoibh,
airm chorra ag na hamhsaibh uaisdibh
gasraidh Droma cnuaisdigh Caoin.
- Buidhean mhór do mhacraidh síthe,
ó Síth Bhuidhbh nó ó Bhruidhin Lir;
nár lámh súil le a n-áille d'féagain,
ar tháille an mhúir ghéagaigh gil.
- Buidhean cheard ag ceangal bhleidheadh,
buidhean ghaibhneadh ag gléas arm;
buidhean saor nách d'éanfonn uirre
néamhonn chaomh na mbuinne mbalbh.
- Bruit dá gcorcradh, cuilg dá ngormadh,
gaoi dá n-ionnsma, eich dá ngníomh;
bráighde i ngioll, comha dá gcuma,
sgola os cionn an rulla ríogh.
- Géill dá ngabháil, géill dá léigean;
laoich dá leigheas, laoich dá nguin;
seóid dá síorchur inn is uadha
an síothbhrugh slim cuanna cuir.
- Do-bheireadh siad seal don lósoin
ar luadh n-éacht, ar iomrádh ngleóidh;
do-beirthe seal ag slógh Uisnigh
ar ól bhfleadh ar chluinsin gceóil.
p.77
- Rugsam as go haimsir gcaithmhe,
car an chaomhlaoi do chaith sinn.
san mhúr gheal féaruaine fásaigh,
feadh éanuaire an lásoin linn.
- Gabhaid cách 'ga gcur 'na suidhe
ar sleasaibh míne an mhúir ghil;
tearc i mbruidhin a séad samhla
méad an mhuirir tarla astigh.
- Cú Chonnacht Óg mhac Con Chonnacht,
cneas leabhar dá leanann dé
ar suidhe dá mbíodh 'na bhruidhin
'na suidhe ríogh suidhidh sé.
- Suidhimse ar deis dreagain Teamhrach,
go dtairnig dhúin dáil na gcorn:
gé tharla a díol uirre d'uaislibh
uille an ríogh níor uaisligh orm.
- I gcionn aimsire an uair táinig>
tráth luighe do lucht an dúin,
roighne an tslóigh mhóirfeithmhigh mhúinte
cóirighthir dhóibh cúilte clúimh.
- Suil rug an lá ar lucht na bruidhne
buidhean aca ag ionnsma sleagh;
craoithe astigh dá gcur re camháir,
fir ag dul do ghabháil ghreagh.
p.78
- Aimsir aithghearr tar éis gcodail
do-chiú um seabhac Síthe Truim
forgla cáich 'na dtrealmhuibh tachair,
san ráith neamhdhuibh chlachaigh cuir.
- Gluaisid uainn ré n-éirghe mhaidne
macraidh chródha chúirte an ríogh;
'na mbróin mhóir leabhairthigh laighnigh;
neamhaithnidh dóibh snaidhmidh síodh.
- Gearr arís go rugsad oruinn
aicme Cholla na gcuach n-óir;
ar gcur gach tíre ar feadh fúthaibh;
mo chean ríghe is dúthaigh dhóibh.
- Dob iomdha an láso um Loch nÉirne
aoighe mná nách mair a fear;
's dob iomdha aighthe giall ngonta
d'aithle ghliadh ag tochta asteagh.
- Seóid bhuadha do bhí san toighsin
i dtús an laoi nár leó féin;
's do bhí cradh do chóir an bhaile
i ngar dóibh nách raibhe aréir.
- Éigse an dúin do díoladh ainnséin
le hua nEachach nár ob gleó,
beag an díoth daoire na n-éigseadh,
fríoth maoine nár léigsean leó.
p.79
- Ar Mhág Uidhir d'iarraidh ceada
do-chuaidh mise ameasg na sgol;
ó ráith aird an eagair núidhe
mairg do cheadaigh dhúinne dol.
- Ag deadhail riom do ráidh seision,
ag snighe déar re a dhreich nduinn,
dá mbeith nár ghar mé don mhílidh,
nár sgar sé dá ríribh ruinn.
- Cumhain leam an lá do chuireas
cúl re teaghlach thighe an ríogh,
gur luigh do cheas ortha uile
nárbh feas orchra dhuine dhíobh.
- Ní fearr dhamhsa i ndiaidh an teaghlaigh
truagh nár chaitheas ceann mo ré
suil bhus saoghlach inn dá aithle:
baoghlach linn go mairfe mé.
- Ní chuala comhmaith an teaghlaigh.
atá san dún dia do bhail
fa neach dár chin ó na Collaibh,
ag sin breath gach ollaimh air.
p.80
- Baile Lithbhir na learg núidhe
neach uaidhe ní fill dá thail;
fear gach aird don bhaile ó bhréagas,
baile 'gar mairg féagas air.MAIRG FÉAGAS
p.81