Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 10
MÁG UIDHIR
- Teallach féile Fir Mhanach,
fir is féile iná an t-oineach;
tír í do dháil gach deighioth,
d'einioch cáigh is sí is soidheach.
- Siad ar mhéad anma is einigh
don Bhanbha ní séad samhail;
rug an clú tar Fiadh Fuinidh
crú Uidhir riamh do raghain.
- Fiú ceann an mhoighe Mhanchaigh
gach geall oinigh dá n-oghthair;
geall cháigh 'na ucht dob ionchuir
do lucht tiomchuil Chláir Chobhthaigh.
- Gairid ré a chéile chomhloinn,
sé fan éile 'na éiglinn
rug a mbí ag muir ó mhinlinn
ó a mbí inghill d'fuil Feidhlim.
- Fás a dteasda ar chách ceilidh
an lá is measa Mág Uidhir,
a meadh d'aoinfear 'na n-aghaidh
raghain Ghaoidheal bhfear bhfuinidh.
- Cosg sluaigh Bhanbha 'na bhréithir
i n-uair a gcabhra i gcliathaibh;
do-ní síodh do chóig críochaibh
do mhíothoil ríogh Fóid Fiachaidh.
p.68
- Éire díolmhuin ní dleaghair
ó ríoghaibh fréimhe hUidhir;
tig do síol gCuinn a gcabhair
nó faghail ríogh Fuinn Fuinidh.
- Rí tré iathuibh dá fuagra
do bhí as a bhriathruibh déadla;
ní fuair díon ar feadh Fódla
fear ar fógra ó síol Séadna.
- Ni lamhthair le lucht foghla
na Manchaigh ó Ghurt Ghabhra;
diongbhaidh sin a mbí i mbearna
rí Eamhna astigh má tharla.
- Laoich le snadhmthair Teach Tuathail.
nách faghthair fear a bhféachaidh;
tuillidh siad clú 'sna cliathaibh
crú Fiachaidh 'sgan iad d'féachain.
- Tilid Éirinn gan ainimh
a héineing d'Inis Fuinidh;
do neart ní fuil 'na n-aghaidh
teacht ar faghail d'fuil Uidhir.
- Cú Chonnacht tar Chloinn Mhílidh
do thoill a thogha ó thréidhibh;
rí do síol Duinn dá dhéanaimh
ar béalaibh ríogh Fuinn Éibhir.
- Rí Éirne 'na cheann cuirfidh
gach geall féile dá bhfoghthair;
beag an geall do ghnaoi an Mhanchaigh
dá bhfaghthair geall Chraoi Chobhthaigh.
p.69
- Do-géabhtha 'gan fíon uaidhe
díol farbh éartha gach aoighe;
an clú nár iomchuir Éire
iomchruidh féile chrú Chraoidhe.
- Féach an dtáinig nó an dtiocfa
séan nách báidhid a mbearta;
do lucht clú is móir na molta
lochta an tslóigh ó bhrú Bearta.
- Leó féin orláimh an oinigh
lé a congbháil ó féin fuinidh;
madh fearr a bhfuil 'na n-aghaidh
raghaidh a ngeall d'fuil Uidhir.
- Sé i ndeaghaidh suain gan séana
gi bé adearair uair óla;
ní rug dá chionn breith mbágha
gé bheith námha i gcionn chóra.
- Cuach lomnán do bhróin bhleidheadh,
níor dhóigh gan chomhdháil gcuradh;
rug dorn tréinfir go talamh
corn falamh féinnidh Uladh.
- Mór tarla ar an ngeis ngnáthaigh
bheith don Bhanbha gan bhuachail;
rug a geis do ghoin Fiachaidh.
tiachair leis do Thoigh Thuathail.
- Críoch Ghaoidheal fád go froighidh,
ní maoidheamh do Mhág Uidhir;
sibh ar fuil gCuinn i gcoraibh
do sguir foghail Fuinn Fuinidh.
- Gan fear faghla ná faire
ar feadh Banbha do-bheire;
cách ribh ag breith a bhuidhe
gan duine ar breith fir eile.
p.70
- Éintionól díobh ar ndéanaimh
síol Éiriomhóin is Éibhir;
téid i gcéim nách cuid mhaoidhimh
Gaoidhil féin duid dá dhéinimh.
- Ní bhí acht fian Éirne it aghaidh
ag éirghe fa Iath bhFuinidh;
cur ruibh ní hé gurbh omhan,
dá bhfoghar hé is d'fuil Uidhir.
- Mar thige i dtreas it éanor
ní rige a leas do laoidheadh;
tarla i mbeirn ort it aonar
feidhm lér saoradh Gort Gaoidheal.
- Lór h' obair ar brú bearna,
a Chú Chonnacht, dá gcomhdha;
tiad tríthe as t'ucht gan arma
lucht faghla Críche Connla.
- Iúl na gcríoch le cléir ndoiligh
fríoth id mhúr, a Mhéig Uidhir;
gan triall dot uille d'filidh
siridh uile Fiadh Fuinidh.
- Sibh a horloinn fóid Ghaoidheal
ag comhroinn na gcóig dtíreadh;
beag an ní lat do luaidheadh
do-ní sluaigheadh Mac Míleadh.
- Bíd ríoghraidh Bhreagh id bhaile
'na ndíormaibh re feadh bhfleidhe;
folchoidh sibh fa dhíon duille
suidhe ríogh gach fir eile.
p.71
- Sníomh do dhornchla i ngurt ghábhaidh
do lucht comtha do chaomhain;
tógbhaidh cuid d'feidhm gach éinfir
déinimh duid i mbeirn bhaoghail.
- In tráth nách aghaid filidh
anaid cách ar do chomhair;
cinn sluaigh is iad ar h'aghaidh
ní faghaidh siad uain oraibh.
- Geall Banbha id dháil ag déanamh,
labhra na bhfádh do fíoradh;
'na thnúidh ní fuil ar aoinfear
súil Gaoidheal ruibh fad ríoghadh.
- Fiodhbhaidh fillte ina n-ionadh
linnte do thiormaigh turadh;
lér chuir i dtráigh do thoradh
folamh muir Chláir na gCuradh.
- Sreabh fiar tré choille gcnódhuinn,
níor mhoille giall i ngéibhinn;
na croinn ísle, an tonn thírim,
sgríbhinn dhísle ar Fonn Féilim.
- Béim budh guth don réim ríodha
níor léir do lucht an tnúdha;
síol nDuinn, adir a námha,
do dhligh cána Fuinn Úna.
- Na dreagain ó iath Oiligh
níorbh eagail lé Fiadh bhFuinidh;
cóig rígh do chuir fa chomhaidh,
gan tír d'foghail d'fuil Uidhir.
- Gearr gur cabhradh iath uatha,
siad ar n-adhnadh gach iatha;
tug 'na suidhe cóig críocha
móid síotha fuile Fiacha.
p.72
- Ní bhí a dhíon i gcrích Chonnla
gur dhíol an díth nách dearna
ní gabhthoir lé fear faghla,
feadh Banbha ó athchoin Eamhna.
- Tarla gan fíoch gan folaidh
Banbha do dhíon gér dhuiligh;
ní chuir aoinfear 'na n-aghaidh
faghail Gaoidheal d'fuil Uidhir.
- Ag síol gConnla dá gcaomhna
ní bhíd a mbronnta mórdha;
tugsad dó asteagh a dtéarma
i ló dhéanmha eadh n-órdha.
- Fa chath Oiligh níor fuaraigh
ar mbrath oinigh gach éinfir;
sé ar fine Duinn ag déanaimh
file ar bhféaghain Fuinn Éibhir.
- Móid Chon Chonnacht dá gcomhdha
'na gCollaibh ar gcor bhfeadhma;
léigthear géill a bhfear bhfaghla
ar feadh Banbha ó féin Eamhna.
- Géll Fódla a haithle an ágha
dá bhfógra ar faithche a dhúna;
i dtigh na ngiall do-ghéabha
sgéala gach fir d'Fiadh Úna.
- Gan ghuais foghla um chígh gcalaidh,
comhla ní bhí le bruidhin;
maor í Chuinn is teann tobhaigh
i mbonaibh beann Fuinn Fuinidh.
- Caor cheardcha i mbeól a bruithne
teó gach dearna iná [a] drithle;
ar triall ón chath budh coirthe
troighthe fian Rath 'sa righthe.TEALLACH
p.73