Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 9
MÁG UIDHIR
- Daoine saora síol gColla,
onchoin leasa Liathdroma;
doimh na ríghealbha ó ráth Chuinn,
bláth na fíneamhna a Fréamhuinn.
- Manannáin iarthair Eórpa,
síol glan i gcriaidh chineólta;
laoich mhéarchorra ó mhallBhóinn Bhreagh,
féathlonna glanslóigh Gaoidheal.
- Foireann chalaidh Chláir na bhFionn,
clann Israhél na hÉirionn;
beag dtarbha righe re a rath
gabhla Thighe na Teamhrach.
p.58
- Crithre bruithne a beól cheardcha,
tonna doimhne díleanta;
roibheithre catha do chor,
clacha toinighthe an talmhon.
- Geine sochair sluaigh Bhanbha,
dreagain lonna lasamhna;
tearc ann ionntamhail na bhfear
d'iompadhaibh Ghall nó Ghaoidheal.
- Ní chualamar reampa riamh,
clann Cholla a críochaibh Oirghiall,
clann 'na n-aghaidh budh ionchuir,
nó a samhail ann d'Éirionnchuibh.
- Ní fríoth, ní fuighthear go bráth
gá dás bheith orra ag iomráth?
na daghUlaidh ó Bhóinn Bhreagh
baramhail dóibh fa dheireadh.
- Ní fuil d'éinsgéal orra soin,
síol gColla, cinéal Eachoidh,
acht sealbh Éireann díobh do dhol,
do bhríogh céimeann na gcuradh.
- Do léigsead díobh dá ndeóin féin
síol uaibhreach Eachaidh Doimléin
ríoghacht mhoighe fochnaigh Fáil
ar sochraibh oile d'fagháil.
- Atá riamh ó ré na sean
sochair nách éidir d'áireamh
ag trí hOirghiallaibh fóid Bhreagh
tar cóig goirmfiadhaibh Gaoidheal.
p.59
- Le rígh Oirghiall, 'sní hé amháin,
guala ríogh Éireann d'faghbháil,
measa leam é dá hiarraidh
an té dob fearr d'Oirghiallaibh.
- Feadh a chuilg 'sa chruibh leabhair
uaidh síos gusna saoirfearaibh,
ag rígh dhaoineach clann gColla,
'sgan aoinneach ann eatorra.
- Trian eineaclainn, trian tabhaigh,
trian cána Chláir Fearadhaigh,
re a roinn eatorra don fior,
do chloinn deaghColla dlighthior.
- Dlighthear dhóibhséin dia do mhodh
ó thá samhain go samhrodh
ar chlár Theathbha ó thoigh go teagh
a n-eachra a gcoin do choinnmheadh.
- Rí Teamhrach an treas bliadhain
ní fuil aige ar Oirghiallaibh
'sdá luaidheadh é ní fuigheadh
acht sluaigheadh sé seachtmhuineadh.
- Giodh sin féin d'fiachaibh orra
síol ríoghamhail réadhCholla
ní chuir fear ceangail a gcuir
ar feadh earraigh nó foghmhuir.
- An crodh théid ó dhuine dhíobh
ó thig sé ar sluagh an airdríogh,
bídh d'eacht ar flaithbhile Fáil.
a seacht n-aithghine d'fagháil.
p.60
- Bó ar fichid do gach aoinfear
ó rígh fosaidh fionnGhaoidheal
ón tsluaighsin ag triall dá dtoigh
riar do uaisligh ó hEachoidh.
- Tríocha colg ní comha bheag
tríocha brat, deich n-eich fichead,
tríocha géirreann sídh iar soin,
ó rígh Éireann d'óEachaidh.
- Tar crois airdríogh Inse Fáil
dlighidh ciontaigh do chongbháil
ríoghraidh chiallaidh Chláir Eithne
bliadhain tar cáir gcoimeirche.
- Dá gcuirthi coirthe 'na gceann
is eadh bhíos d'airdrígh Éireann
luighe an chiontaigh in gach coir
do chiontaibh fuile hEachoidh.
- Adeirid eólaigh fóid Bhreagh
nách fuil ag rígh Guirt Ghaoidheal
d'anáir acht géill ar ghiallaibh
d'fagháil ón féin Oirghiallaigh.
- Síol gColla na gcolg slisgheal
dlighthear bhós dá mbráighdibhsean
bheith ag crúdh chomhairle cáigh
rún a n-orfuighle d'fagháil.
- Gan bhais dtana, gan tracht mbuinn
i slabhradh nó i n-idh iaruinn;
gan chneas bhfir i gcarcair chlach
don mhacraidh ó thigh Teamhrach.
p.61
- Ní dleaghar iarnach orra,
bráighde sleachta saorCholla,
acht bheith fa réir do chead cháigh,
ní beag a ngéill do ghabháil.
- Earradh flatha leis gach bhfear
ó rígh Theamhrach ag tilleadh
le hOirghiallaibh na bhfleadh bhfionn
tar troimghiallaibh fear nÉirionn.
- Ór dhóibh ar dhornchlaibh a lann,
ór ar chiomhsaibh a gcathbharr;
bráighde an tslóigh ó bhraonráith Bhreagh
do chaolsnáith óir a n-eirreadh.
- Oirghialla is uime adearair
riú do ghnáth tar Gaoidhealaibh
ór corcra is glais dá ngiallaibh
ag tochta ar ais d'Oirghiallaibh
- Ní bhí leó a urdail acht d'ór,
ó rígh Éireann ag iompódh,
cinn a bhfagha, suaine a sleagh,
nó truaille tana a dtroigheadh.
- Le síol gColla na gcorn sliom
coimhéirghe ó fearaibh Éireann
laoich ren soidhéinmhe síodh ban
coimhéirghe dhíobh ní dleaghar.
- Gan chor láimhe i labhar óir
ó rígh Éireann uair d'onóir
ní niamhthar bhós bas ná bonn.
ar tós as nó go n-ionnlonn.
p.62
- Ní dual thrá i dTeamhraigh na ngiall
ionnladh ré n-airdrígh Oirghiall,
nó cor fir oile i n-adhbhaidh
roimh a dtigh an tionnabhraidh.
- Ní dhlighfeadh airdrí fuinn Bhreagh
suidhe go suidheadh seisean,
ná éirghe ó findigh don fior
mílidh Éirne go n-éirghiodh.
- Trian Uladh, oilltrian Connacht,
do réir mar tá an tórannacht,
do chuid ronna ó ríoghaibh Fáil
ag fíonfuil Cholla i gcéadáir.
- Éirne is Fionn' Bóinn is Banna,
'sgach tír dá dtá eatorra
fuinn chnódhonna i ngealann grian
tóranna d'fearann Oirghiall.
- Tairnig sochair síol gColla;
ní chuimhnigh cath Liathdroma
ní dá bhfuil uathaibh re headh
amuigh ar Thuathaibh Tailtean.
- Dá madh ionnus é d'iarraidh,
ní iarraid na hOirghiallaigh
na fiacha do dligheadh dáibh
ó chineadh Fiacha d'faghbháil.
- Ní díoth cumhacht ná cuimhne
atá ar macraidh Mhodhuirne,
sochair géag mbarrghlan mBanbha,
créad adhbhar a n-anamhna?
p.63
- Iomdha a gcliaithbhearna catha,
iomdha a n-adhbhair ardflatha,
sluagh mór míonmhuighe Maighean
lór líonmhuire a laochraidheadh.
- Gan iad féin le a chéile ag cor
adéarthaoi gurb é is adhbhor
do thrí sluaghaibh Cláir Chodhail
a gcáir uadhaibh d'anomhain.
- Maith an fáth do theacht re a dtreóir,
síol Eachach déadla Doimleóin
síol gColla 'na dtrí treanaibh
rí orra ar gach éinfeadhain.
- Rí ar síol Mathghamhna ó Mhuigh Rath
rí ar síol Maine mheic Eachach
rí ar Mhanchchaibh na bhfeadh bhfiar
do ghlanchatghibg fear nOirghiall.
- Éagóir atáid na trí rígh
ar síol gColla, is cúis dimbrígh;
bheith ar sgáth n-aonduine is fearr
d'aoghuire ag cách go coitcheann.
- Maith do-ghéabhdaois clann Cholla,
'na dtrí cathaibh cudroma
fian tol[cdot ]ha braonuighe Breagh
aonduine ortha d'oirdneadh.
- Dúthaigh dhíleas chlann gColla
tugaid na trí ríodhronga
ríghe an chláir ghoirmghrianaigh gil
ar láimh Oirghiallaigh éigin.
- Créad nách creidid clann Eachach
do rígh cródha cheirtbhreathach,
nách biadh céim d'iomarcaidh air
ag fréimh iongantaigh Fiachaidh.
- Trí saorchatha síol gColla
toghaid éinrígh eatorra,
do réir ghaoise agus ghliocais,
do réir aoise is oirdhriocais.
- Gá dás dóibh gan dol 'na ucht
Cú Chonnacht mhac Con Chonnacht?
géag saoracla Thighe an Trír
bile caomhanta a chiníl.
- Aonmhaor tabhaigh na dtrí gcath
rí fíréanta Fear Manach;
troigh mhálla acht ag rochtain reann,
námha d'olcaibh na hÉireann.
- Cú Chonnacht Óg Mhág Uidhir
sgiath fosgaidh dá foghluidhibh,
sinsear síol gColla Dá Chríoch
orra a síodh, orra a n-eisíoth.
- Éinlíog lóghmhar Leithe Cuinn,
eighre Duinn mhóir mheic Domhnuill;
fear nár mheall duille an domhain,
buime is fearr don ealodhain.
- Comhairleach cogaidh chláir Bhreagh,
ceann síothchána sluaigh Gaoidheal;
rí is féithle ag finnfearaibh Fáil,
cinneamhain bréithre Bearcháin.
- Bhar dtrí catha, ucht re hucht,
teagaid i ndáil Chon Chonnacht;
slóigh mhóra mhaicne hEachach,
aicme cródha ceirtbhreathach.
- Is í is meanma ag mac Siobhán,
ar dteacht na dtrí ríthionál,
dol do choimhféaghain Chláir Néill,
foighéanaidh dáibh is doiséin.
- Mac Con Chonnacht mheic mheic Briain
aitheónaidh fear a finnChliaigh
'na cheinnbhile os cionn bhur gcath,
a dheirbhfine fionn Eachach.
- Ó thús go deireadh domhain
ní fuighthi, ní fuarabhair
rí is flathamhla iná an rí riamh,
a thrí hathardha Oirghiall.
p.66
- Mac Siobhán is Con Chonnacht
cia an rí is cóir 'na chonchlannacht ?
rún rér dheiligh a dhocra,
glún deiridh na daonnachda.DA
p.67