Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 8
TOIRDHEALBHACH LUINEACH
- Nodlaig do-chuanair don Chraoibh
ollamhain Fódla d'éantaoibh
ar slios réidh an bhrogha bhuig
i robha Ó Néill um Nodluig.
- Baile do bhailtibh Í Néill
an Chraobh síodhamhail soiléir
níor dealbhadh aoinlios budh fearr
lér ceangladh aoibhnios Éireann.
- An uairsin is é tarla
fan gcuing ríogh gan freasabhra
géag saor ó Tholaigh Theamhrach,
an chraobh thoraidh Toirdhealbhach.
- I gcionn deich mbliadhan do bhí
ó do hoirdneadh an t-airdrí,
san Chraoibh ar dtógbháil toighe
do chraoibh ógnáir Almhoine.
p.51
- Gluaismidne i gceann na Craoibhe
d'fios an déidghil dreachnaoidhe.
lucht comhmolaidh Fáid na bhFionn,
mar táid ollomhain Éirionn.
- Tarfás dúinn ag dol inte
gur thuit froigh na firminte,
le tairm ngreagh srianbhuidhe seang
fa fear rianmhuighe Raoileann.
- Tarfás dúinn 'na dheaghaidh sin,
ó dhealradh airm is éididh,
go raibhe idir bharr is bhun
an baile ann ar n-adhnadh.
- Samhlamaoid re fuaim a bhfleadh
cúirt í Néill na Naoi nGeimheal
muir anfaidh ag tochta i dtráigh,
re dabhchaibh corcra ag comhdháil.
- Feadh amhairc ón mhúr amach,
re faoidhibh ceóil na cathrach,
gé bheith hé ar uillinn gach fir
ní chluininn é mun aimsin.
- Suil tairnig dhúin dul 'na gar
dar liom fa lór do sásadh
niamh a corn n-ochtsolus n-óir,
boltonus a corm gcomhóil.
- Suidhmidne ar slios na faithche,
na sluaigh theagair thiomsaighthe;
ar bhrú an tighe féaraird finn
file as gach éanaird d'Éirinn.
p.52
- Tig chugainn i gcionn athaigh
aos grádha í Chuinn Chéadchathaigh,
gur fáiltigh gach duine dhínn
le fáiltibh uile ón airdrígh.
- Amharc ar airdrígh Uisnigh
ní fríoth uainn an adhuighsin,
ó sduaigh sing bhogfoltaigh Bhreagh
sinn dár gcodaltaigh cuirthear.
- Do ghabhsad dúinn ag dáil fleadh
ó sin amach go maidean.
dáilimh fionnuallcha Í Néill náir,
gan chéim n-ionnfuartha d'fagháil.
- Cuiris fear dá féachain ruinn
an raibhe i n-éandán aguinn
sgeóil a threasa ar feadh nÉireann,
feasa a chean nó a chaithréimeann.
- Ní fuil, ar éigse Banbha,
's atá, ar an t-aos ealadhna,
bunadh craobh gcaibhneasa ó gCuinn,
gan taom n-ainbhfeasa aguinn.
- Atáid linn 'Sochair Síl Néill' ,
ar filidh Éireann ainnséin;
's ar ghabh dá gcineadh Bóinn Bhreagh,
's ar dligheadh dóibh do dhéineamh.
p.53
- Atá linn gur dó dleaghair
Múr Cruachna an chláir mhínsreabhaigh,
is Múr Té an bhraonoirir bhinn,
's gurb é is aonoighir d'Éirinn.
- Téid an teachtaire céadna
d'fios an ghruaidhghil ghnúisdéadla;
na forfuighle i gcéill do chuir
d'Ó Néill Mhodhuirne ar maduin.
- Más é is fáth molta, ar mac Néill,
dóibh, a ndubhradar ainnséin,
mó is neamhmoladh é orthaibh,
greannoghadh é ar Eóghanchaibh.
- Aoir mhór do mhacraidh Teamhrach,
Clár Teamheach, ar Toirdhealbhach,
do bhuain do síol iochtmhar Airt,
'snách tiocfadh díobh a dhíoghailt.
- Do ráidh Ó Néill Teamhrach Truim
nách éisdfeadh éandán aguinn,
'sgo dtiobhradh díol ar gach dán,
gníomh dob iongnadh re a iomrádh
- Tigid chugainn re a chois soin
ó Néill Caille is clann Eóghain,
'san coillbhile ós chlár Uladh
lán d'oirbhire ar n-ealudhan.
p.54
- Níor thógaibh mac Néill Í Néill
an aghaidh mhiochair mhínréidh,
nó an súil gcuirr mongabhraigh mir,
re hollamhnaibh fuinn Éibhir.
- Do-rinne rothnuall corcra
dá ghnúis áluinn éadrochta,
ó thracht bhuinn mhaoithréidh mheanmnaigh
go saoirchéibh dtruim dToirdhealbhaigh.
- Do líonsam uile d'omhain
ré n-airdrígh chlann gConchobhair,
ar mbeith fa éinfeirg uile
do chleith bhéildeirg Bhóruimhe.
- Gabhmaoid do bhriathraibh binne
ag iompódh a intinne,
ar tí a feirge ar gcúl do chor,
'sníorbh feirrde dhún a dhéanomh.
- Ar mbreith féin do léigeadh lionn
leis ó Néill na Naoi nGéibhionn,
'sníor éisd saorbharr sluaigh Mhonaidh
aonrann uainn dár n-ealodhain.
- Atá sé ó sin i le
fa aontuinn fíochmhair feirge,
do rígh clann bhfionn-nuadhadh bhFáil
gan ionnfuaradh ann d'fagháil.
- Fiarfaighim d'airdrígh Oiligh,
más mithigh é d'fiarfoighidh:
briocht díbhfeirge 'na ghnúis ghil
gá cúis fírfeirgc ór éirigh?
p.55
- Créad an fearg mhórso ar mhac Néill
tar éis cháich dó do dhaighréir ?
créad lér hadhnadh a ghruaidh ghlan,
nó an bhfuair adhbhar dá hadhnadh ?
- Dá bhféadthaoi a rádha ris féin,
fan bhfeirg móirse ar mhac saoirNéill,
ní fuil ní d'adhbhar aige,
sí d'adhnadh is usaide.
- Comhmór ceannaighthear a chlann
ag bruach Inbhir Dá Éagann
's ag Finn bháin thiormsrothaigh the,
's ag Tráigh bhionnghothaigh Bhaile.
- Comhmór atáthar dá thol
ag Drobhaois, ag Aird Uladh,
's ag Srúibh mhóir bhraonnuaidhe Bhreagh
's ag Bóinn taobhuaine Tailtean.
- Ní faghaim adhbhar feirge
ag rígh foltchas finnDeirge,
acht tír do thoidheacht dá thoil
ó rígh go hoireacht d'Ultoibh.
p.56
- Acht so amháin, is maith aithnim,
fearg an mhéirghil mhalaichslim
mar nách rabha neach d'Ú Néill
ag cara a chreach i gcaithréim.
- Go ló an bhráith do bhiadh 'na gcionn,
dá gcumthaoi ag éigsibh Éirionn
creacha foda an mhóir mheanmnaigh,
slóigh is troda Toirdhealbhaigh.
- Gidh eadh bhós ní baoghlach dáibh
dá mbeith sluagh Éireann d'éanláimh
'na n-aghaidh is é ar a son,
ní lamhair é 'sgach ionodh.NODLAIG
[...]
nga sin [n]
atá ar mo son mar saoilim
[...]
r tao[i]b[h]gheal ó Bhóinn Bhreagh
aoinbhean darab cóir creideamh
[...]
clann Néill
maith (?) í um aghaidh d'aoinmhéin
[...]
dáil (?) ucht re hucht
budh dóig[h] Anna dom furtacht
- Síl cColla na ccolg sen
[...]
gairm uainn 'na (? ma ?) héigen
[...]
d'Artúr (?)
[...]
dá céibh faltúr órd[h]uid[h]e.
p.57