Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 7
TOIRIDHEALBHACH LUINEACH
- Iomdha sochar ag síol Néill,
fada ó do hoirdneadh iaidséin,
síol an cheinnbhile ó Bhóinn Bhreagh,
tar deirbhfine móir Mhíleadh.
- An lá nách leó Fiadh na bhFionn
ní dhligheann airdrí Éirionn
croinn lubhghorta chlann gCobhthaigh
barr umhlochta d'Eóghanchaibh.
- An uair bhíos éinrí oile
i gceannas Chláir Úghoine,
ní faghuir géill ar ghiallaibh
ó dhaghfuil Néill Naoighiallaigh.
p.42
- An tan ríoghthar neach d'uíbh Néill,
ní cuid amharais ainnséin,
do chloinn ghéirreannaigh Néill náir
géill gach Éireannaigh d'fagháil.
- Tug said, mar is iad is fearr,
tuarasdal d'fearaibh Éireann
sgotha slóigh bhuanasdraigh Bhreagh
tuarasdail dóibh ní dlighthear.
- Dlighidh Ó Néill íoc 'na fuil
gi bé dá mhuintir mharbhthuir,
'sní théid eineaclann uadh d'fior
do sluagh geimhealtrom Ghaoidhiol.
- Ní an fós, is feasach linn,
a gcóir i n-éanaird d'Éirinn,
's atá cóir Éireann aca,
slóigh na gcéimeann gcurata.
- Clanna Néill na Naoi nGeimheal,
níor geineadh, ní geinfidhear
tamhain a Tealaigh na bhFionn
a samhail d'fearaibh Éirionn.
- Ríoghradh Éireann uatha amach,
is clann Néill mhóir mheic Eathach
níor lia rígh don fréimh oile
'ná dhíbh san réim ríoghroidhe.
- Díobh ríoghradh Bhanbha na mbeann,
díobh forgla ardnaomh nÉireann,
do síol ríNéill bhragha Bhreagh,
fíréin ghlana na nGaoidheal.
p.43
- Do mheas Mac Coise clann Néill,
ní fríoth leis ionta i n-éinchéim
barr tar ainglibh phuirt phardhais
d'airdhibh uilc nó iomarbhais.
- Gi bé is measa, ar Mac Coise,
d'fuil Néill, is í mh'fiadhnoise,
is é is fearr uathaibh amach,
an dream ó Thuathaibh Teamhrach.
- An chuid is fearr d'aicme Néill
ní daoine adubhairt riúiséin,
na croinn phailme ó phurt Doire,
acht aingle i gcurp cholloidhe.
- Atá breath Mheic Coise ó Chluain
ar síol Néill Oiligh armruaidh
'na chlú mhór síordhuidhe ó soin
tar slógh bhfíonmhuighe Fionntoin.
- Atáid cáis iomdha eile
ag síol Eóghain d'áiridhe
do bharr uaisle ar naomhchloinn Néill,
na saorchroinn uaisle a héinfréimh.
- Tárraidh Eóghan mhac Néill náir
beannacht Phádraig an phríomhfáidh,
géag ós choill mhoighe Macha,
tar cloinn oile an ardflatha.
p.44
- Fágbhais Pádraig Phuirt na bhFionn
eineach is eangnamh Éirionn
tar síol Néill d'fágbhálaibh air,
's ar fréimh ágnáraigh Eóghain.
- Do ghabhdaois neart chlann gCriomhthain
'sníor ghabh éinfear d'Éirionnchaibh
cumhachta ar a síol ó soin
do bhríogh udhachta an éarloimh.
- Fuidheall seinbheannacht síol Néill,
toradh urnuighthe an fíréin
an ghéag abhla d'fiodh Teamhrach
aniogh tarla ag Toirdhealbhach.
- Mac Néill mheic Airt Óig mheic Cuinn,
iarsna na ríogh ó Fréamhuinn;
rí is córa dá bhfacaidh fear
do mhacaibh móra Míleadh.
- A mbí idir ór is umha,
a mbí idir ré is réaltuna,
ag rígh mhoighe bhuig Bheannchuir
ón chuid oile d'Éireannchuibh.
- Rí nár léig éinní a hUltaibh
le sluagh nÉireann d'iomarcaidh,
rí ré a fionnachtain is fearr
'ga mbí iomarcaidh Éireann.
- Rí ó a bhfuilid fir Uladh
gan chogadh, gan chathughadh,
gan tnúidh, gan folaidh, gan feirg,
gan toghail ndúin gan díbheirg.
p.45
- Rí nár bhris a bhréithir ríogh,
rí ara lugha lucht míghníomh,
rí nách geallfa ní fa nimh
acht ní is dearbhtha do dhéinimh.
- Gé bheith sí ar an slighidh móir,
do fuileóngthaoi fail deargóir,
le cruas riaghla fear nUladh,
feadh bliadhna gan bhaoghlughadh.
- Do rachdaois mná moighe Fáil
ar feadh nUladh 'na n-éanmhnáibh,
fa sduaigh ndeircmhir móir Macha
i mbeirtibh óir ioldatha.
- Dá dteagmhadh long fá lán séad
i n-imlibh cuain gan choimhéad,
Toirdhealbhach do-ní do niort
nách oirbhearnach í ag imtheacht.
- Móide is iongantach don fior
an riocht 'nar chuir an Cúigiodh,
bheith don Bhanbha ghéagthruim ghloin
'na héantuinn faghla acht Ultoigh.
- Atá an chéiddíle arna cor
lér dhíoláithrigh Dia an domhon,
nó a mac samhla ar bhraoinlios Bhreagh,
aoibhnios Banbha do báitheadh.
p.46
- Atá Naoi oirdheirc oile
san chríchse chlann Rudhroighe,
gnúis mhaordha dá moltar geall,
dá caomhna ar dhortadh ndíleann.
- An cúigeadh eang d'fiadh Teamhrach
don chursa atá ag Toirdhealbhach
tírim do Bhanbha na mbeann
ar dhílinn faghla Éireann.
- Naoi mhac Láimhiach eacht oile
mar sin rug Rí an ríoghthoighe,
géag thromthoraidh nár mhoidh mionn,
tar moir ndromchladhaigh ndílionn.
- Do bhí an domhan fa dhall chiach
ré linn Naoi mhóir mheic Láimhiach
sé 'na seanadhbhar ó sin
tre neamhadhradh nDé dhúiligh.
- Acht trí meic Naoi agus Naoi féin
do bhí síol Ádhaimh ainnséin,
lucht an domhnán mar dirthir,
lomnán d'ulc is d'aindlighthibh.
- Tig aingeal Dé anuas do nimh
go mac Láimhiach lá éigin
cioth báisdighe is mó do mhill
d'fáisdine dhó ré ndílinn.
- Teachtaire Dé ris do ráidh:
báithfidh cách uile d'éanláimh
lucht aidhmillte ortha is fearr
gairbhlinnte dorcha díleann.
p.47
- Déantar uaibhse, ar an t-aingeal,
eathor téigleach taobhdhaingean,
suil tí an sál doighirthe dubh
tar clár dtoinighthe an talmhan.
- Mac Láimhiach lór do mhisnigh,
ar impidhe an aingilsin,
do-ní an áirc slaitleabhair slim
'na báirc thaitneamhaigh thirim.
- Rí na ndúileadh, Dia Athar,
d'éis na háirce d'ullmhachadh,
tug sé an díle ar an domhan
'sdo-ríne é d'folmhoghadh.
- Gur bháith Dia i ndíol a bhfoltadh
an bioth uile acht aonochtar,
níor sguir dá dhíbheirge dhíobh,
do mhuin fírfeirge an Airdríogh.
- Ní hí an áirc soidhealbha seang
do saor iad ar feirg ndíleann
an feadh do bhaoi an tuile ag tocht,
acht guidhe Naoi 'sa naomhthocht.
- Is í an díle na danair,
is í an áirc Clár Conchabhair,
slat charmarsaidh chraoi Theamhrach
Naoi an talmhansoin Toirdhealbhach.
p.48
- Naoi ar tús mar do toghadh lais,
do thogh Dia do dhruim eólais,
gnúis neamhdhuidhe Í Néill aniogh
tar féin ngealmhuighe Gaoidhiol.
- Ameasg Gaoidheal ghuirt Teamhrach
Dia féin do thogh Toirdhealbhach,
an toghusa Dhé na ndúl
ní horusa é d'iompúdh.
- Ní maoidhte dhá mhac samhla
do rígh neartmhar nathardha,
'sa liacht rí Éireann dá fuil,
ní dá ndéineann do dhéanaimh.
- Sé rígh fichead d'áireamh flath
anuas ó Niall mhac Eathach
go Toirdhealbhach dá bhfiar fiodh
ar fiadh ghoirmiobhrach Gaoidheal.
- Sé rígh dhéag d'aicme Eóghain
roimhe' ní rádh aineólaigh,
deichneabhar ríogh' druim ar dhruim,
do síol chleithleabhar Chonuill.
- Trí fichid rí is dá rígh dhéag
suas ó Niall, folt na bhfinnghéag,
fa chlár ndíllidh bhfuairfliuch bhFáil
go Mílidh n-uaibhreach nEasbáin.
p.49
- Ocht rígh 's ceithre fichid fear
do bhí roimhe ar ghort Ghaoidheal,
fearr an glún deireanach dhíobh,
geinealach úr an airdríogh.
- Dá mbeith cách fós mar nách fuil,
i gcoimhmeas re cloinn nEóghain,
do bhiadh oirrim Bhanbha Breagh
ag coinnill Annla ar éigean.
- Bheith ag cor re neart Í Néill
ní tráth d'Éireannchaibh eiséin,
gan t'féaghan anú is neamhghuth
'snár féaghadh tú id Thoirdhealbhuch.
- A Thoirdhealbhaigh mheic mheic Airt,
ní mór nách mairg do-chonnairc
urraim Ghaoidhil uim ghort bhFloinn
do mhaoidhimh ort marurraim.IOMDHA
p.50