Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
section 5
CAISLÉAN LEITHBHIR
- Ionmhuin baile brugh Leithbhir,
lios an longphuirt saidhbhirthigh;
ceardcha oinigh fear nUladh,
treabh ren doiligh dealughadh.
- Ionmhuin dias 'ga dtá an teachsoin
gan iomad gan uireasbhoidh;
bárda an tuir thonnmhálla thigh
tuir congbhála an chóigidh.
- Gearr lá dá fad 'na foghair
ríghmhíle Chláir Chonchobhair;
laoi leabhra is aithghearr uaidhe
baincheann Teamhra taobhnuaidhe.
- Inghean Seaáin Uí Néill náir,
Mac Uí Dhomhnaill Dúin Iomgháin
siad san phurt soidhealbha sean
'na lucht oileamhna aoigheadh.
- Ionmhuin bruidhean 'na mbíd sin,
ionmhuin lucht bhíos san bhruidhin;
slógh an toighe is teach an tslóigh
mo chean neach foighe a n-onóir.
p.37
- Ionmhuin teaghdhais aoibhinn aird,
a buird, a cuilte, a cupaird;
a múir sídhe chuanna chuir,
a sduagha míne marmuir.
- Ionmhuin brugh 'na mbíodh sinne
seal ag imirt fidhchille,
seal re hingheanraidh fear mBreagh,
seal re finnleabhraibh fileadh.
- Dúnadh Leithbhir na learg nglan
ní féadann duine ar dhomhan
triall uaidh ó urmaisdear air;
Durlaistreabh thuaidh an teachsoin.
- Nó Eamhain do chlaochládh cruth,
nó Cruachain chloinne Mághach,
san ráith bhiligh greaghaigh gloin,
nó Teamhair chinidh Chobhthaigh.
- Nó is é Nás, longphort Laighean,
san chéidriocht 'nar cumhdaigheadh;
adhbha thaissean chuaine Chuirc
nó Caiseal uaine ordhuirc.
- Nó is é múr finnLeithbhir féin
beag más fearr dúnadh díbhséin
do-chuaidh 'sna reachtaibh roimhe
dá gcleachtair uaibh ionmhuine.IONMHUIN
p.38