Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)

section 3

Ó DOMHNUILL

  1. Molfaid Conallaigh clann Táil,
    guais gur comhartha conáigh
    do síol daghRosa ón Mháigh mhoill
    na faghlasa Chláir Chonoill.
  2. Atáid re hathaigh d'aimsir —
    síol mBriain 'san chlann Chonaillsin —
    thart thall i gcomhar dá gcur,
    moladh ann agus aorudh.
  3. Do-nímis — éigse an taoibh thuaidh,
    molta síl gConaill chrannruaidh
    'na n-imdheargadh do chloinn Chais,
    croinn finnleargan an Forghais.
  4. Do bhearnsam, gi bé fachain —
    éigse síl gCuinn Chéadchathaigh,
    clú seinsleachta móir Mogha,
    róimh eighreachta an eangnomha.
  5. Ní dhéanmais duain móir molta,
    nó fiú an éanroinn ábhochta,
    gan leith diomolta ag cloinn Chuirc,
    croinn dob iongonta d'fóbuirt.

  6. p.20

  7. D'eagla gomadh éigean dún
    ar n-aighthe orra d'iompúdh,
    ar síol mbúidh gcaithréimeach gCais
    aithmhéileach dhúin a ndéanmais.
  8. Ní ar son gcruidh ná gcupadh n-óir,
    séad mbuadha nó brat ndonnsróil,
    fríoth linn adhbhair na haoire
    ar dhamhraidh bhfinn bhFormaoile.
  9. Acht file maith ón taoibh thuaidh,
    gearr ó soin — dia do dhiombuaidh —
    thort thhiarain i magh Mumhan
    do ghabh d'iarraidh ealadhan.
  10. Smacht Gall i Mumhain Mheic Con,
    tarla dhó — dia do phudhor —
    do bhreith ar ollamh nUladh,
    ar mbeith ollamh n-ealadhan.
  11. File Í Dhomhnaill Dúin na nGall
    le smacht adhuathmhar eachtrann,
    gá dtám? — acht torchuir bu dheas,
    gur chomhchuir ár na n-éigeas.
  12. Ansmacht Gall dóibh fo deara
    siad d'fulang a oidheadha;
    ní ar chloinn Sadhbha is cóir a chion
    gé tharla dhóibh a dhéiniomh.
  13. Gidh eadh, do himreadh linne,
    tre anuabhar m'inntinne,
    rinn ar bhfírfeirge ar fuil gCais,
    do mhuin díbheirge is díomais.
  14. Do-nínnse féin, mar gach fear,
    ní nách dlighfinn do dhéineamh
    ar cloinn réidh dtoirbheartaigh dTáil,
    céim do oirdhearcaigh m'éagáir.

  15. p.21

  16. Tarla dhúin 'na dheaghaidh soin
    cogadh d'éirghe eidir Ultaibh —
    fachain raghoirthe gruadh nglan —
    is sluagh cladhfoirbhthe Chruachan.
  17. Do fógradh ag fuil Dálaigh
    gan charaid gan chompánaigh —
    clár tirmlíggeal na dtonn mbinn —
    d'imdhídean fa fonn Oilill.
  18. Mo chomhghaol, mo charaid féin,
    cuirid orm d'fiachaibh ainnséin
    dol do súr chomairce is cuir
    ar thromaicne ndúr nDáluigh.
  19. D'éis ar chaitheadar riamh ruin,
    iomthúsa chinéal gConuill,
    cor lem anacal níor ál,
    ansocar cor na gcompán.
  20. Ní abraim nách ionann damh
    is síol gConuill dom chreachadh,
    curaidh tréana Bheann mBoirche
    dom éara um cheann gcomoirche.
  21. Mar do-chuala ar chansad ruinn
    as t'uchtsa a Aodh Í Dhomhnuill,
    red ghnúis ndeirg líodhuinn leithghil
    líonuim d'feirg is d'aindeithbhir.
  22. Fógra dhaoibh ós aird oruinn,
    a rí sleachta saorChonuill,
    a luagh d'eineaclonn ní fuil
    ag sluagh mheidhealtrom Murbhuigh.

  23. p.22

  24. Beadhgfaid croidheadha clann ríogh
    dá ndeachar uaibh fa eissíodh,
    lasfaid saoraighthe gruadh nglan
    do sluagh faobhairthe Almhan.
  25. Gé atámaid fa cheann ar gcruidh
    ag cogadh re cloinn Dáluigh,
    ní théarnó uan i nUltaibh
    luagh éanbhó dom iomurcaidh.
  26. Gidh eadh, suidheóchaidh sinne
    ar chathaibh chuhin Duibhlinne,
    gur chreachsad a mbí im baile,
    a rí cneasbhog Calraighe.
  27. Adéar go ndearna tusa
    díoth damh, a mheic Maghnusa;
    íoc san ní nách dearnais damh,
    a rí Bearnais, do-bhéarthar.
  28. Ar an gcorsa, a chiabh sgothach,
    fuair seisean, Maol Miolsgothach,
    róm ó chlannaibh Néill náraigh,
    an réir n-annaimh n-éadálaigh.
  29. Fear do saorchlannaibh síl Néill,
    tosach an adhbhair eiséin,
    ó Mhac Coise fuair oidhidh;
    a loise uaidh ardoighidh.
  30. Bagraid, ar bhfás a bhfaladh,
    dol d'argain an ollomhan —
    ógbhaidh séadarsaidh síol Néill —
    mon ngníomh n-éagosmhail n-aigmhéil.
  31. Mac Coise ó do-chualaidh sin
    téid i gceann airdríogh Oiligh,
    sduaigh croidheathais far ciúin muir,
    fa sdiúir oireachais d'Ultaibh.

  32. p.23

  33. Siris Domhnall mhac mheic Néill
    sgéal ar an ollamh ainnséin;
    fear sgeóil d'innisin dob fearr,
    innisidh eóil na hÉireann.
  34. Fóchtais Mac Coise an gcuala
    sgaoith d'uirsgéalaibh ionnuara;
    tig tairsibh d'éis aroile,
    do ghéis bhaisghil Bhóroimhe.
  35. Ó do ghabh Ceasair clár Breagh —
    sgéala diamhra Ghuirt Ghaoidheal,
    do ghloin mheabhra fuair uile
    ag sduaigh mheardha Mhaonmhuighe.
  36. Ar thoghail a thoighe féin
    cumais an t-ollamh ainnséin,
    sgéal fábhaill nách fuair reimhe,
    dá ghruaidh álainn ainglidhe.
  37. Do ráidh Iorard, is é a suim,
    cuid do dheirbhfine Domhnuill
    gur thoghailsead a theagh féin,
    treabh na solaisleag soiléir.
  38. Rí Oiligh an fuilt chleachtaigh —
    tug Domhnall mhac Muircheartaigh
    luagh na díthe nách dearna
    dá ghruadh síthe soidhealbhdha.
  39. Leithead a aighthe d'ór ghlan
    tug d'eineaclann don ollamh;
    beag sin dá éarcuibh ile
    ó thréantuir ghil Gháirighe.

  40. p.24

  41. San mbréig do chum ar chloinn Néill
    dáilid don ollamh ainnséin
    maicne ghéag mbastana mBreagh
    asgadha nár féad d'áireamh.
  42. Roighne a bhfáinne, a gcuach gclochach,
    Mac Coise, Maol Miolsgothach —
    maith do-chuaidh críoch a bhagair —
    fuair san díoth nách dearnadair.
  43. Cóir Meic Coise ar chlannaibh Néill,
    go bhfios damh, a dhreach soiléir,
    ní beag í d'aoncháir oraibh,
    a rí caomhChláir Chonchobhair.
  44. Na seóid uaisle, an asgaidh chruidh,
    fuair Mac Coise ó chloinn Eóghuin —
    créad as nách dáilfidhe dhamh,
    a ghéag cláirThighe Chruachan?
  45. Níor bhean riomsa, a rí Line,
    ar ghrádh nó ar fuath n-oirbhire,
    bheith maithmheach fán gcúis gcéadna,
    a ghnúis aithneach fíréanda.
  46. Gá dtám ris, a rún creidmheach —?
    acht meise féin foidhidneach;
    cor duinndeise fad ghruaidh ghil
    a dtuillise uaim d'fuighlibh.
  47. Do iarrais orm, a folt lag,
    mo chrodh d'iomghabháil orad —
    ní bhí acht ar n-ionnarbadh ann,
    a rí fionnardghlan Fréamhann.

  48. p.25

  49. Ar ghrádh th'einigh innis damh,
    an suidhfeá innte im ionadh,
    a chodhnach síl gcúlchais gCuinn,
    óm thír dhúthchais dá ndeachuinn?
  50. Cia ar bioth dá dtiobhra tusa
    gealladh cuir nó cádhusa,
    a sgiath coimhdhe chuain Uladh,
    oirne an uair do fógrubhar?
  51. Deacair go bhfuighinn feasda
    go bráth d'éis bhar n-aitheasga,
    a ghéag thaobhthana ó Bhóinn Bhreagh,
    aonchara is cóir do chaidreabh.
  52. Ós agaibh féin, a thaobh thais,
    do hoileadh mé, a mheic Maghnais,
    sé dhún ar doimheanma ag dol,
    glún mh'oileamhna dom athchor.
  53. Eatorra do hoileadh mé
    gur chaitheas urmhór mh'aoise;
    mór comhaltas gach ríogh ruinn,
    do síol gclodhfoltchas gConuill.
  54. An uair fa dtigthí ar Íbh Táil
    dom láthairse, a flaith Iomgháin,
    nó ar chloinn séimhseing naoidhe Néill,
    ní dhéininn daoine dhíbhséin.
  55. Bréigneócha meise mé féin,
    má bhím éantamall aimhréidh
    red ghruaidh saoir gcorcra gceólchair;
    do mholta ót aoir éileóchthair.

  56. p.26

  57. Do-ghéan gréas ionnuar aoire
    dhuitse i ndeaghaidh mh'éagaoine,
    bhias 'na adhmholadh d'fuil Táil,
    a thuir abhradhubh Iomgháin.
  58. Síol mBriain — is blagh dá sonus
    go n-éireócha mh'foltonus —
    pór deighsíl a Caithir Chuinn —
    re maithibh cheiníl gConuill.
  59. Dá mbeith aithreachus oraibh
    san díoth dúinn nách dearnobhair,
    do-ghéabhainn, a ghruaidh bhreacdhonn,
    'sdo-bhéarainn uaim eineaclonn.
  60. Móide is ciontach clann Dálaigh
    fa chor i gceann chompánaigh —
    nár ghnáth dhóibh déineamh faghla
    róinn ar éinfear n-ealadhna.
  61. Ní fuil do thaobh Chuirc nó Chuinn
    umad, a Aodh Í Dhomhnuill,
    fuil ríogh lér dhligheabhair dol
    nách bíodh d'fileadhaibh umhol.

    MOLFAID


  62. p.27