Corpus of Electronic Texts Edition
The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (Author: Tadhg Dall Ó Huiginn)
p.1
section 1
DO MHAC Í DHOMHNUILL
- Tógaibh eadrad is Éire,
fada atá ar tí aoinchéile;
ar gclódh aoibhneachta fear bhFáil,
gan fear n-aoinleabtha d'fagháil.
- Fada nár féad Inis Bhreagh
tógbháil idir í is éinfear;
olc an bhaintreabhthach bean Floinn,
treabh na n-aitreabhchloch n-áloinn.
- Éigin dí dul as a cruth,
nós na mban bhíos gan chumhdach;
tír na sruth mbraotana mbinn
cruth na haontamha ar Éirinn.
- Leannán na ríogh, Ráth Uisnigh,
uidh 'sna crothuibhsin,
learga finnmhíolla gruadh ngeal
gur tuar imsníomha d'feitheamh.
- Do trochlaigheadh ceann i gceann
ardphuirt aireachuis Éireann;
earradh clúimh tiomchal gach tuir,
fionnchladh gach dúin 'na dhíoghuidh.
p.2
- Do maoladh a cnuic corra,
do treabhadh a tóranna;
Múr Té na gclaichfinnteagh gcuir
nách aithintear é ag eólchuibh.
- Ní mhair dhíbh trá acht a dtaise,
tugsad maise ar mhíomhaise;
múir bhratsoilse Banbha Néill
damhna attoirse iaidséin.
- Gidh eadh is usaide linn
an ceó tuirse atá ar Éirinn,
Múr Té do hainmnigheadh d'Art
gur tairngireadh é d'furtacht.
- Atá i ndán dó go dtiocfa
fear fuaslaicthe a airmearta,
budh éigin trá a thocht asteagh
lá éigin ar Ghort nGaoidheal.
- Ribhse, a Choinnmheic an Chalbhaigh,
iomdha fáidh rod-fíortharngair
sibh ar tí a chéile is cubhaidh
do bhí Éire eg anamhain.
- Mairg nách tugann, a thaobh slim,
tallann éigin dá hinntinn
don ráith chuirr ghéigiobhraigh gloin,
céidiomdhaidh Chuinn is Chobhthoigh.
- Sill go meinic a gruadh gheal,
claon do dhearc uirre os íseal;
tug th'aghaidh ar a slios slim,
labhair gan fios re hÉirinn.
p.3
- Dlúthaigh ria, luigh 'na leaba,
a chneas áluinn oighreada;
téigh re cneas chéile Logha,
suil bheas Éire i n-aontomha.
- Druid an béal mar bhlath suibhe,
'san déad solus sneachtuidhe,
le póig go báintealaigh mBreagh,
go bhfáilteadhaibh chóig gcóigeadh.
- Do-rad Niall mór mhac Eachach,
ór fás tú, a ghruadh gheilleathach,
phóig uaidh a hionnamhla sin
dár fuaigh fionnadhbha nÉibhir.
- Tug phóig a haithghin oile
dá dtárraidh Brian Bóroimhe,
gan imriosain, a ghlac geal,
an finnliossoin Mhac Míleadh.
- Mar mhná na n-ilgheas oile,
fuasgladh Bhanbha braonuighe
atá ar phóig d'foghbháil aguibh,
a bhonnbháin óig abhraduibh.
- Nós na mban bhíos fa gheasaibh,
biaidh Éire an fóid bhailbheasaigh
clár móireithreach na sriobh seang
ag fior fóireithneach Éireann.
- Fada roimpe ó do bhí bean
mar tá an chríochsa Mhac Míleadh,
san tseanAfraig gainmhigh gil
tealachbhuig aibhnigh éignigh.
p.4
- Do-rinne an céidfear ro char
baincheann na n-oiléan n-iongnadh
don óigh bharrlagúir bhosghloin
bhandragúin mhóir mhíochosmhoil.
- Inghean Iopragáid mheic Núil
do chaith treimhse i ndeilbh dhragúin,
'sa lán d'ilgheasaibh re a hucht
budh dál imreasain d'furtacht.
- Do-beirthi, gi bé hadhbhar
ar tí a horchra dh'athadhnadh,
lá gach bliadhna buaidh ndealbha
dá gruaidh niamhdha naoidheanda.
- Mac ceannaighe a crích fuinidh
téid feacht n-aon dá hionnsoighidh,
dá bhfuair 'na hinghin umhail
an sduaigh mbinnghil mbanamhail.
- Tug toil a mheanman don mhnaoi,
guidhis an bhféata bhfoltnaoi
mar bhainchéile dá ghnúis ghloin,
gear chúis aithmhéile a hiarroidh.
- Do ráidh ríoghan an ruisg cuirr:
do bheinn a gad dá bhféaduinn,
a óigleanaibh sídh sochruidh
dhóidleabhair mhín mhalachdhuibh.
- Do dheóin nó ar éigin agam
biaidh tú, ar an t-óg abhradonn,
do-chuaidh mé óm fhéagain d'fior,
ní féadair é, ar an inghean.
p.5
- Bím, ar sí, gach uair eile
i ndeilbh dhragúin teintidhe,
mo ghnúis bhláth dhonnmhálla dhil
gur fáth orghránna dh'faicsin.
- An bhfuil cabhair dhuit i ndán,
ó so amach? ar an macámh,
a ghnúis naoidhe go ngruaidh ghlan,
gá huair saoile do saoradh?
- Atá ridire i ndán dúin,
do theacht is mé i ndeilbh dhragúin,
le póig dá saorfaidhir sinn,
do laochraidhibh Fóid Féilim.
- Budh fear dhamhsa an t-óg iochtmhar,
dó atá i ndán go ndingiontar
rí ar na hoiléanuibh don fior,
ní is doidhéanuimh do dhéiniomh.
- Do bhí a tabhairt dhúinn i ndán,
d'Éirinn mise, ar an macámh,
an phóg mhúchfas do mheanma,
a chúlchas óg oireaghdha.
- Cionnus do bheith i ndán duit,
do ráidh an inghean ordhruic,
an ní adeire, a chnú chridhe,
'sgan tú reimhe id ridire?
- Mac an cheannaighe ód-chluin sin
gabhthar leis grádha gaisgidh;
téid don bharrúrthais deirg dhuinn,
re ceird n-andúthchais d'foghluim.
p.6
- Re béal maidne arís reimhe,
táinig d'fios na hingheine;
fáth iongantais mar fuair sin,
an sduaigh bhfionnfolttais bhfaoilidh.
- Fríoth leis ar maidin mochthráith
a gnúis mhíolla mhalachbhláith,
'sa ciabh lagúr thairseach thiogh,
'na dragún taidhbhseach theiniodh.
- Gluaisis roimhe i raon madhma
ód-chí an n-oilphéisd n-allmhardha,
a bhás don turussa ar dtocht,
cás nárbh urusa d'furtacht.
- Téid tar ais dá hiomdhaidh féin
inghean Iopragáid ainnséin;
'sdo bhí an inghean bhonnbhán bhinn
lomnán d'imneadh 'na hinntinn.
- Tug móid ón lósoin i le
nách éireóchadh d'fior eile,
go dtí an tairngeartaidh dar dhán
sí as a hairmeartainh d'iompádh.
- Atá fós fada an fulang
a rosg uaine abhramhall,
a taobh geal, a gruaidh chorcra,
nách fuair fear a furtochta.
p.7
- Éire an bheansoin, a bharr slim,
tusa an fear fóirfeas Éirinn:
slóigh goimheamhla dhanar ndúr
aghadh dhoidhealbha an dragún.
- Druid 'na coinne, a chiabh lúbtha,
ná fill ón deilbh dhragúnta
atá ar Bhóinn bhréagsrothaigh bhinn,
fóir a héagrothaibh Éirinn.
- I láimh eachtrann re hathaidh,
a Chuinn í Chuinn Chéadchathaigh,
mór sochuidhe dá rádh ruibh
nách mothuighe Clár Cobhthuigh.
- Atá an chóir aca, a ghruadh geal,
ní robhuidheach Meic Mhíleadh
díbh, a Choinnmheic an Chalbhaigh,
bhán dtír n-oirdhreic n-abhallghloin.
- Ar son nách beitheá, a bharr tiogh,
i gceannas chríche Gaoidheal,
críoch Bhanbha do bhuing a glas
tarla, a Chuinn, ar do chumas.
- Urusa dhuit déanaimh cean,
tnúthach gcogaidh Meic Mhíleadh;
beag na faghla, a fir Eithne,
do-bhir Banbha buaidheirthe.
p.8
- Adhnaidh teach don toigh re a thaoibh;
géabhaidh cách dod chéibh bharrchlaoin,
do rún cagaidh dá gcluintear,
tnúdh is abaidh adhuintear.
- Do nós leathnuighthe an luisne,
biaidh feadh an Chláir Chobhthuighse
a foghlaidh féin ar gach fonn,
ót foghlaibh ar féin n-eachtronn.
- Budh é a chríoch, a chruth sídhe,
lingfidh lucht gach éntíre,
led ghruaidh mónanda ón mall sriobh,
tóranna Gall is Gaoidhiol.
- Eirg ina gceannas, a Chuinn,
tar rompa fós go Fréamhuinn;
a chaithleómhain bhasghloin Bhreagh,
aithbheóghaidh gasraidh Ghaoidheal.
- Ná léig dhíot ar Dhún na nGall,
ná ar chuan Easa Dá Éagann,
ná ar seanLoch bhfíonúr bhFeabhail,
ríomhúr Teamhrach toireamhain.
- Mairg fuair go seachónadh sibh
ar choicéadaibh chuain Sligigh,
nó ar Chruachain ngeiltrealmhaigh ngloin,
seinTeamhraigh Thuathail Teachtmhair.
p.9
- Briathra fádh is fuighle naomh
dá huaimse dot folt bharrchlaon;
nách leó do tiorchanadh thall
an t-eó a fionnchaladh Fréamhann?
- Fáidh do reachta, a rí Bearnais,
séan gcnuais ar chraoibh dhuilleaghlais,
fearg bhuinne ag breith a thoraidh,
cleith tuinne 'na torchoraibh.
- Iomad asa ag uathadh cruidh,
iomad cruach ar chionn samhraidh
lucht fáisdine ón fearr t'aithne
fáistighe ceall cumhdaighthe.
- Tú ar toil cháigh is cách dod thoil,
tú ós cách is cách uasoibh;
tú ar breith gach aoinfir 'sgidh eadh,
Gaoidhil fad bhreith do-beirthear.
- Faoilidh ród, a rún faoilidh,
don toisgse atáid fionnGhaoidhil;
do nós mhná re a céile cuil
atá Éire ret óguibh.TÓGAIBH
p.10