- Mo chean doit, a Ghráinne gharbh,
ní mairg do bhiadh ort d'éanarm;
a réalta is déarghoirthe dath,
séanta bhéalsnoighthe bhaoghlach.
- A mhionn sgothamhail sgine,
a bhéisd neimhneach náimhdidhe,
a chneas garbh saoirmhíondubh seang,
a aoinríoghan arm nÉireann.
- A bheithir leadarthach lonn,
a rogha an uile iarann,
a séad fine duailgheal dubh,
a bhuaidhreadh cridhe curadh.
- A chailg ar nách déantar díon,
a áilleagán na n-airdríogh,
a bhéal doirche an doruis mhóir,
a soluis oidhche um iarnóin.
- A ghearradh snáithe saoghail,
a airdrí gach iolfaobhair,
a chúis tnúdha os cionn croidhe,
a mhionn súla sochoidhe.
p.244
- A mhír cruadha an chrotha buig,
ní rug do chéile comhruig,
'sní bhéara, a chneas mar chubhar,
sgéala ón treas i dtángubhar.
- Gidh í an tiomna gá dtám ris ?
gé madh beag an luach leighis,
fáth róaithfir dod ghné ghloin,
ní gnóaighthir é ar h'éachdoibh.
- Ní fuair neach ar druim domhain
gi bé teach i dtarlabhair
fios droichlimhna riamh ót rath,
a ghrian sgoithniamhdha sgiamhach.
- Maith séan dá dtarla tusa
d'Aodh Óg mhac an Aodhasa,
do dhamhna ríogh fréimhe Cuinn,
do dhíol do chéile cumuinn.
- Tusa a sáithsion do séad bhuadh,
a seansaoghlach áith fionnfuar,
giolla ó ráith bhéimeannaigh Bhreagh
do sáith d'éinearradh eisean.
- Meinic do tógbhadh tusa
mar gheall iomaid ionnmhusa
do ghlún mhíonchaomh í Mheadhbha,
re súgh bhfíonchaor bhfíneamhna.
- Meinic tug asud, más fíor,
i dtuillmheadh d'adhbhar airdríogh,
éigne ón Bhóinn bhionnfoclaigh bhuig
iomarcaidh óir is arguid.
p.245
- Meinic fríoth céad da gach crodh
asuibh ó Aodh go hollamh,
ar son clú an mhongabhraigh mhoill,
re hollamhnaibh crú Criomhthainn.
- Tusa, a lasair nár leónadh,
níor saoileadh go seicheónadh
géag seanAolmhuigh na sreabh seang
ar dheaghfaobhruibh fear nÉireann.
- Ní foighdís daoine an domhain
tusa ón déidgheal dathamhail
bas gheal dar éigin umhla
acht fear éigin ealadhna.
- Tú ar chomhaidh airgid nó óir
ni foighdís cách i gcéadóir
ó orsain slóigh bhonnbháin Bhreagh,
'sníor dhóigh t'oghbháil ar éigean.
- Ó chodhnach chloinne hEachach
níor ghabh ollamh ainbhreathach
ní ar talmhain acht tusa amháin,
amhlaidh dob usa t'agháil.
- Ón uair fár hiarradh thusa
ní bhia d'éis an Aodhasa,
a saorollamh bláth ballach,
cách d'aonollamh orramach.MO CHEAN
p.246
Ó CEARBHAILL
- Do mealladh cách nó Ó Cearbhuill,
cuid dá sgéalaibh;
cia do mealladh ann ar-íribh ?
am dá féaghain.
- Drong díobh ré coimhéad a gcnuasaigh,
nár char féile;
is drong bheanus geall do Ghuaire,
ceann gach cléire.
- Ceist ar chliaruibh na gcúig gcóigeadh,
cóir a ceangladh:
an é fear na mbó do bhronnadh
'smó do mealladh ?
- Ionnmhus croibheal agus caisléan
cách dá gcarthain;
a chuid féin do chaith ó Cobhthaigh,
maith ar marthain.
- Léigthear le cách ollaimh Éireann
uatha ar amhrán;
nó gur chaisg fear Cliach a gcomhrádh,
sgiath gheal Ghabhrán.
p.247
- Is truagh gan cách mar Ua gCearbhuill
fán gcrodh gcoimhréidh,
atá do cheól is do chongháir,
eól gan oilbhéim.
- Maol Ruana rí fréimhe Cearbhuill,
dár chóir Éire;
dá ngairthear ainm 'na ainm fíre
failm na féile
Féil agus Casán, dá abhuinn atá i gCiarraighe
Luachra iadsin, agus is iad na príomhaibhne port-áillesin
is inbhir éisg ag fearaibh Iarmhumhan, agus
mar airgthear Féil fana hiasg téid agus tuiligh i
gCasán, agus do-bheir creach éisg lé ar n-iompódh.
Ua Cearbhuill a chomhchosmhaileas sin, an uair airgid
fileadha faobhracha focailghéara na Fódla a thír agus
a thalamh fá séadaibh agus fá mhaoinibh agus fá
chonách, téid fá dhanaraibh gruama glórdhorcha, agus
airgthear agus loisgthear leis iad go minic
- Minic airgthear lé Maol Ruana
mórmhagh Muaidhe;
fear nách cuireann cairde ar chliara
d'airde a uaille.
- Do sgaradh cách ris Ó gCearbhuill
na gcolg sídhe;
a mbreath gach nduine dó féine,
dá ró an ríghe.
- Mac Eisibéal ní hé mealltar,
léar mhian moladh;
ar ghabh leis do Chlár na gCuradh,
dámh a dholadh
Agus an Doladh, baile beag atá i nUrmhumhoin
eision, agus cailleacha dubha ghnáthuigheas bheith ann,
agus sagart adeir aifrionn gach Domhnach dona cail-
leachaibh sin, agus is maith beatha (?) an bhaile bhig sin.
p.248
- Gonadh de sin téid Ua Cearbhuill
ar chreich Midhe;
do thabhairt buair as gach baile
cruaidh a chridhe
do-chuaidh a gcnáidh annsa gcoire
do dháil dighe.
- Cú Chuloinn Mumhan Maol Ruana
ar mhéid meanma;
cá fearr dó an teagh ina dtarla
'ná teagh Teamhra ?
- Tionóluid uime gasradh Ghaoidheal
do ghníomh ghroigheach;
do sáraigh sé Éire ar eineach,
Éile is Oileach.
- Eighre Seaáin mheic Mhaoil Ruana,
roth an ghaisgidh;
fear dá ndeachaidh cuma an chosgair,
urra an aisdir.
Agus aisdear iongantach do-rín an Biocaire Ó Conchubhair agus an Cruadhchosach Ó Léanaigh Mhóir, fuair ionnta féin ceangal agus cumann do dhéanamh re chéile agus dul gan anadh gan oirisiomh do chathughadh ré hUa nDálaigh
- Do sladadh an t-úcaire iar dteacht ó cheardchaidh
iar líomhadh a leadán;
minic do cuireadh ar dhá chéad trodán,
bréag ar bheagán.
- Iomdha i Luimneach bean bhogúr
is fear feadán
dhúisigheas naosga gharg ghobfuar
is ard eagán.
p.249
- Ní hurusa a gcur re chéile
crodh an Éiligh;
d
[...]
fidh drongán don tóir ní fulláin,
olc is éirleach
- Bó Átha Buidhe dá buaraigh,
tuile tréinfir;
eallach an tSléibhe ruaidh Riabhaigh.
uaibh i nÉilibh,
is iomdha sream ar a súilibh
treall ón bhféinnidh
Agus an Luan iar Féil Míchíl do-níthear méara
ann gach mórbhaile i nÉirinn, agus is amhlaidh do-
níthear é .i. buirgéisigh bhéilbhearrtha bholgreamhra
bhlosgsúileacha na mbailtesin do dhul i gcúirtibh cloch-
gorma clárdhaingne, agus an tí dhíobh is mó muirear
agus muintear tig amach ina mhéara, agus is iongnadh
mhór d'Ua Chearbhuill mar sin gan dul go Teamhraigh
agus Gaoidhil Éireann do chruinnioghadh uime
- Mar do-ríne an gaol ór ghabhluigh.
nár mhaol meanmain;
minic coisgthear lé laoch Luimnigh
fraoch ó bhFearghail.
- Iomdha corr ar taobh an Turlaigh
is laogh Leamhnaigh;
ní buidhion dall gacha Domhnaigh
clann Í Chearnaigh
Agus Ó Cearnaigh, i gCaisiol do bhíodh sé, agus
is uime do-rín Ó Grádaigh an t-uisge beatha, agus do
chuir óglách dá mhuintir ar cheann spíosradh .i. piupar
agus ainís, agus adubhairt ris sin do mheabhrughadh
p.250
go maith mar gach n-aithcheacht eile: do ghabh an
t-óglách aga mheabhrughadh go rómhaith amhail
adubhradh ris; an tan do-chuaidh an t-óglaoch
d'ionnsuighe an bhaile mhóir tarla easg ar iongantach
anághmhar dó, agus is eadh tarla ina bhéal ag éirghedhó piupar agus ainís.
- Tug leis ualach don truis chéadna
go dún Í Ghrádaigh;
ar ndul dó go Port an Phúdair
olc do fágaibh.
- Is cosmhuil ré Beinn fuair Éadair
gruaim Í Ghrádaigh
cuirid fir go glic fán ngrúdainn
bric i mbádaibh.
- Ar buile bhím gach duine is tír im' thiomchal
130]
le grádh don déidghil is grádh nách éidir d'iomchar.
- Gairthior díom Crosán Í Chearbhuill
i gcrích Mhumhan;
do-ghéan don tí 'gár fearr mh'ionadh
ceann na gcuradh.
Ní bhí ag fiadh ré gáir ghadhar
báidh do bhunadh,
do mharbh ó Lorcán 'na leanabh
bochtán brughadh,
is iomdha corr agus cadhan
fa fonn Uladh.
- Samhuil Í Chearbhuill do-chuala
i gcath Cnuca;
do ghabh tús gach óil aco,
móir a mhuca
p.251
Agus dá mhuic do bhí ag Bháitéar Máb agá rósda
do Rígh Sagsan .i. muc mhéith agus muc thruagh,
agus do ghabh ag méithiughadh na muice méithe lé
him agus lé hola agus do léig an mhuc thruagh do
losgadh. Is mar sin do-níd Gaill na Fódla
fíoráille,
agus maithe na Mumhan lé hUa gCearbhuill, óir bíd
siad ag tabhairt óir agus airgid aagus iolmhaoine do
Ua Chearbhuill agus ní thabhraid a bheag 'ná a mhór
do Mhac an Charrúingigh, gidh neasa do Loch Ribh
mhic Muireadha é 'ná an bhean tig ó Dhún Mhic
Pádraiccín go hAbhuinn Ó gCearnaigh do chnuasach
bhairneach.
- Is iomdha thall i dTrian Chonghail
cliabh i gceallraidh;
giolla geal 'sa úidh ar inghin,
fear Chúil Chearnaigh,
Ó Cearbhuill ag triall i n-iorghuil,
triall go Teamhraigh
- Teamhair an múrsoin Mhaoil Ruanaidh
is cliarach d
[...]
,
is iomdha a ráth Maoil Ruanaidh
drong fá d
[...]
- Geall ó gach muigh do Mhuigh Dreimhne,
dáil a duanaibh
Is é mac ochta na n-airdtreabh
molta a mhuintear.
Agus Muintear Thadhgáin, san Mhidhe bhíd siad,
agus bíd ag marbhadh agus ag imreasan ré chéile fa
cheann anma an chinn fine nách áil le haoinneach
d'fearaibh Éireann do bheith air féin mar cheann
fine,
agus is é sin An Sionnach giolla gan éadach gan
eallach, bréagach brionnach
p.252
- Giolla caibliath cealgach corrach,
ceardach ciongach;
do-bhéaradh leis cearc fán gcurrach,
is beart brionnach;
ní thiubhradh ar ór 'ná ar eallach
rón 'ná rionnach.
- Ua Cearbhuill an chroidhe fairsing,
eól na n-aoigheadh,
ní ghéabhadh neach an gart ghabhus,
acht Art Aoinfear.
- Art Aoinfear nó Oilioll Ólom
ór fás eision;
nár dá bhfuil do chléir i gCaisiol
gan léim leision.
- D'eagla an tréinfir tugsad cniochtghaill
céim i gcaladh;
ní fada go bhfúigfe folamh
dúinte Danar.
- Dá meastar oineach bhfear nÉireann
ar iúl roighrinn
dob ionchuir do chlú Í Chearbhuill
dá chrú i gcoimhling
Agus coimhling iongantach do-ní drong dona
daoinibh annsa domhan mór thoir .i. dul ar sliabh róard
os cionn Pharthais, agus féachaid fútha síos, agus do-
níd gáire, agus tiaghaid go Parthas, agus ní theagaid
as go bráth ar gcúlaibh: is mar sin umoro do-níd
deóraidh, deaghdhaoine, aoighidh agus aos ealadhan
na hÉireann ré dún Í Chearbhuill.
- Mar do sín don chléir i gcoimhling
dréim ré deaghroinn
an féinnidh dána geal gormloing,
ar dteagh tearmoinn.
p.253
- Críoch Éile na n-abhall gcorcra
is ceart ubhla
falchaidh gach raon thall fá dtarla
barr craobh gcubhra.
- Linnte balbha ar bheagán uisge
i n-ucht samhraidh;
téid gach iasg ré goil an gheimhridh
troigh i dtalmhain.
- I dtigh Í Chearbhuill Chláir Chobhthaigh,
nár char craindeach,
is iomdha bean ógh san earrach,
is sgór cailleach
Agus cailleach do bhí i dtigh Mheic Diarmada
Mhuighe Luirg, agus ní [...]acht aoinbhliadhain amháin
ann, agus d'fágaibh an chailleach sin [...] an chailleach
sin fa chlú oinigh agus eangnamha ón mbliadhainsin
go bráth, agus is iongnadh sin agus
- Céad cailleach i dtigh Í Chearbhuill,
Dia dá dhídean;
Rí na n-uile leis an óigfear,
Muire is Mídean.
- Míle ó gach aoinfear, ní tuar troda,
dá ghaire daga;
do-gheibh 'na dhún na céada curadh
cuaird úr fada.
DO MEALLADH
Do mealladh an fear nách beanfadh iasacht spóirt
a ceathraibh an bheatha ós aisling iad mar cheó;
dob fearra go ceart a gcathamh ria dom dhóigh,
a carcair na gcleas ós feas nách triallaid leó.
p.254
AODH Ó BROIN
- Searc mná Ír dhuit, Aoidh, ná léig a bhfaill,
diombáidh díbh an chríochso Néil gan aird;
dearbh dá dtí, más fíor a n-éibert Flann,
beidh fád chíos go haoil ó Néid modh Cairn.
- Leath dá bhrígh mar bhíos an féithle am chrann,
an tan fa líonuid grís na sléibhte reann,
mac Séain líthior thríd ón ghléire Ghall,
ag teacht fán tír do dhíbirt féine eachtrann.
- 'Sdo ghabháil bhraoighde ón tí nách téid 'na cheann,
an tan fa mbírsi ar dídion t'éidigh as t'airm,
eas fá líne gríobh ar ghréaschur eang,
scoth lán síoda ar íochtar gléasa gairbh.
- Seanlann righean nách díon air éide Gall,
sbolard dín ar do rígh go mér 'na bharr;
each árd díola as díorgha léimios bearn,
is giorrán díon nách ísin féin a hainm.
p.255
- Sleagh dá brígh lé ríghmhac Réathuir ann,
'sdo chaith, más fíor, a síothbhrugh Aonghuis treall,
's a ndán díbh do bhí, a dhéghmhic Seáin,
atá scríobhtha líne an sgéith air h'ainm.
- Gabháil rígh, a laoch na sé leathrann,
's tearc lá choidhche nách bíonn, mar théid san arm,
frasgháir laoch ag gníomh ré bélaibh badhbh,
's gealtáin gaoithe tríodso ag éirghe a ngleann,
- Leath dá mhaoin ní díol lé cléirchibh ceall,
d'fothráil chíos ón líon do théigheadh ann,
'só an lán bhíos san oidhche am Aodh mhac Seáin,
sgol dá suidheadh fá dhíon do réir a rann.
- Seantáin naoidhe faoi, lucht léighte leabhar,
's tiompáin tsídhe dá mhaoidheamh a dtéidchrot meann,
bandáil bhíos gan ní ar bith d'éifiocht ceard
acht broit dá bhfíghe lé croidhe do chéal . . . . eang.
- Tachrain bhíos ar baois as éisg 'na dtairr,
sgol chláir tríochat, buidhne ag dréim cum bearn,
'sbas fá dhísle trí seacht gérbhreac mall,
seas dá síorchur tríd a chéile ar pheall.
- Seantraill chaoilbheirt líomhtha ag éara crann,
is beart don taoighe dá fíghe aige faena tharr,
is gorbhaird bhíos fa chíos na fléise ag spairrn,
asteagh dá líonadh [] do ghléas na gceann.
p.256
- Is iomdha ní do-ríne réidhmhac Seáin,
seanchlár Laighean gan aodhaire ar éanchrodh ann,
's gan dáil aoide san oidhche do bhéin do chrann,
an tan as rí ar an tír an té so as fearr.SERRC
p.257
CAIRDE THAR LEAR
- Aoibhinn an lása i Lonnainn,
mór ngiolla saor sochomainn
dom lucht chumainn do-chuaidh soir
go Lunnainn uaim re hathaidh.
- Mór leannán is chnú croidhe
inte dom aos ionmhoine,
mór slat neamhdhaidhbhir aniogh
do seanraighnibh Mac Míliodh.
- Bheith eatorra dob ait linn,
lucht le n-airdeóchadh m'intinn;
iomdha i Lunnainn dom lucht ghráidh,
dom lucht chumainn is chomhráidh.
- Rugadh go Lunnainn tar lear
glóir budh aoibhne rem aigneadh;
áineas na gcraobh mbonnbhán mbog,
comhrádh mo chaomh 's mo charod.
p.258
- Aonchúigear fear dá bhfuil thoir
dá bhfaicinn gach laoi i Lundain
[...]
ussa óm thigh,
ní hurusa tocht tairsibh.
- Gion go mbeith d'ulc nó d'easbhaidh
oirn choidhche acht an cúigearsoin,
níorbh fiú aonchúigear d'fiadh Bhreagh,
an saorchúigear fial féinneadh.
- Donnchadh Ó Briain, bláth toraidh,
Donnchadh croidhe Ó Conchobhair
dá ghríbh chumhdaigh bhruaigh Bhanbha
i Lundain fuair allmhardha.
- Beag 'na dhiaidh mo dhíol tathaimh
Donnchadh ó Cuinn Chéadchathaigh,
's i ndiaidh mo chumthaigh croidhe,
Dhunnchaidh í Bhriain Bhóroimhe.
- Mac Í Fearghail, mh'Írial féin,
atá i Lundain úir aigmhéil;
diombádh gan mo thriall tar tuinn,
's mo thriar lionnán i Lunnainn.
- Beagán ar dhá bhliadhain déag
atá Pádraicín Pluingcéad
i gcúirt úir na n-abhall bhfionn,
gan tadhall ar úir nÉirionn.
- Gion go bhfaca riamh roimhe
dreagan Dúna Sámhnoidhe
'na sduaigh mhín ghnéaghairthe ghloin
bídh gach éanaidhche ar mh'aghaidh.
p.259
- Pádraicín, mh'Írial, mh'aos gráidh,
mo dhá Dhonnchadh dias chonáigh;
tuar neamhthuirse do Chlár Chuinn
dál an cheathrairse chuguinn.
- An cúigeadh fear atá thall
Brian Mhág Eochagán, mh'anam,
do-chóidh do Lundain tar lear,
do chumhgaigh ar ghlóir Ghaoidheal.
- Donnchadh, Báidricín is Brian,
mo Dhonnchadh oile is mh'Írial
an mhéid saoilim má tá thoir
dob aoibhinn mo lá i Lunndain.
- Mo thriar compánach croidhe
Uilliam, Risdeard, Rudhroighe,
triar nárbh fallsa riamh dá rann,
triar is annsa ná an t-anam.AOIBHINN
p.260
AN T-IM
- Fuarus féin im maith ó mhnaoi:
an t-im maith mása maith é
dóigh linn nách fa bhoin do bhí,
an ní dá bhfoil do mhill mé.
- Do bhí féasóg ar bhfás air
ná rab slán d'féasóig an fir;
súgh as nách néimhnighe neimh,
geir go mblas seirbhdhighe sin.
- Do ba bhreac, fa hodhar é;
ní fa ghobhar bhleacht do bhaoi;
fada ó im i n-aisgidh é,
'sa ghné d'faicsin linn gach laoi.
- A ghíomh leabhar mar folt eich,
uch ní fríoth sgeana ro-sgoith;
fada is tinn an tí ro-s-caith,
an t-im maith ro bhí 'nar mboith.
- Brat eisréide fan ngréis ngoirt
mar eisléine d'éis a chuirp;
dob airdhe déisdin le deirc
an cheirt d'féiscin d'aidhbhle a huilc.
p.261
- Do bhí ar an fearsoin túth trom
do mhúch is do mhearuigh ionn;
tarfás dúinn gach aondath ann,
barr craobhach clúimh ós a chionn.
- Ní faca sé an salann riamh,
ní faca an salann é acht uadh;
ní léigfe a chuimhne sinn slán,
im bán is guirme iná an gual.
- Do bhí an ghréis ann, 'sní hí amháin,
do bhí gach re mball don chéir;
beag d'im do-uadhus 'na dheóigh
an t-im 'na feóil fuarus féin.FUARUS
p.262
BRÁTHAIR BRÉIGE
- Ca talamh duit, a bhráthair ?
dona grasuibh bheith umhal;
innis sgéala gan aincheas,
nách beam i n-ainbhfeas umad.
- An cuid dod riaghai1 chrábhaidh ?
léara, a bhráthair, is innis
créad tug do bhróga fallán,
is h'atán do bheith brisde ?
- D'éis ar siubhlais do roide,
a bhráthair choisflich chalma,
iongnadh leam gloine t'asán,
is h'atán lán do salchar.
- An raibhe id riaghail chrábhaidh,
a bhráthair ó chrích Connacht,
cruas do bhróg agus t'asán,
is h'atán do bheith robhog ?
- Dar leam ní faicim éanlocht
ar t'éadach fada fallán,
a bhráthair chroidhe cheóilbhinn,
acht nách fiú feóirling h'atán.
- Idir chóta agus chaipín,
idir aibíd is asán,
tar gach éanchuid dod chuladh
ní maith do cumadh h'atán.
p.263
- Ní dot aibíd atámuid,
a bhráthair as díol masán,
féach id dhiaidh is féach romhad,
mar tá brollach ar hatán.
- Th'atán, a mhacaoimh léighinn,
gi bé i nÉirinn ór gadadh,
ní hatán duine dhílis
bhíos dá sírreic i bhfalach.
- Ní hé a chuma go lochtach,
ní hé olcus a dhatha,
tug gan a dhíol san Chabhán,
acht é 'na atán ghada.
- Beith 'ga bhélreic, a bhráthair,
is tríd tánaig do mhilleadh;
baile so i ndéantar nathán:
mairg tug hatán go Sligeach.
- Fulang gada do bhráthair
ní do ghnáthaibh an Iarla;
dá seóltar tú 'na dhathán
biaidh an t-atán go riabhach.
- Maith do léine agus h'ionar,
deas do siobhal ar chlachán,
's is áluinn fós do mhatal,
's is olc ghabhus tú h'atán.
- Créad do-bheir th'aibíd goirid,
's th'falluing go noige do sálaibh,
agus h'atán fliuch fada,
ca talamh duit, a bhráthair ?CA TALAMH
p.264
AISLING
- Néall mná síthe sunn aréir,
mairg fuair radharc an rínéill;
bean a haithghin níor féagh sinn,
an néall rér aithrigh mh'inntinn.
- Ionmhuin taidhbhse táinig sonn
aréir trem chodladh chugom;
biaidh choidhche 'ga luadh linne
suan oidhche na haislinge.
- Gruaidh leithgheal nár dheirge rós
'gon inghin, dob é a hiomthós;
dearca mar dhlaoi don bhugha,
dá bhraoi chearta chíordhubha.
- Béal tana nár mhillse mil
ar ghné ógróis 'gon inghin;
gach glór róirighin do ráidh
fa lór d'fóiridhin easláin.
- Tarla i mbéal na mbriathar mall
déad roigheal mar fras néamhann;
leaba seang dá hós uime,
ar nós dá pheall pharluinge.
- Eidir ghéagaibh glac leabhar
atáid so ar na suidheaghadh
tolcha corra chíogh gcaoimhgheal,
is díon orra d'órchraoibhreadh.
p.265
- Tánaig coimhdhíon a dhá chos
don bhuaidh do bhí ar . . .,
dá bhróig go n-imlibh órdha
fan n-óig mbinnghil mbánóghdha.
- Brat corcra go gciomhsaibh sróil,
léine dheirgimeal ndeargóir,
géill chuimhrigh óir dob ionair
mun n-óigh suirghigh sídheamhail.
- Beannaighis an mhín mhálla
dhúin d'furfuighlibh éadána;
do freagradh uaim dá aithle
an sduaigh dheaghglan deaghaighthe.
- I gcionn athaidh dá éis sin
fiarfaighthear uaim don inghin:
ga ríghe i mbí do bhunadh,
ga rí tíre ó dtángabhar ?
- Dá rann nó trí atá ar domhan,
mó is cumhang ré a gcuartughadh
diamhair mo sgeóil ní sgaoileabh.
- Ad dhiaigh tánag, tarr liom,
rádh na hinghine ós ísioll,
i d'faoidh mar ionnamhail orgáin
caoin bionnfalaigh briatharnáir.
- Ní feas damh dia do mhealladh
dul lé an uair do éimdheamar,
cáit ar éirigh uaim d'eitill
an sduaigh céillidh chroidhethim.
p.266
- Sgaradh cuirp é re hanmhain
don ríoghain deirg dhonnabhraigh,
sionn d'fágbháil arna himtheacht,
an fionn ágnáir fuighillcheart.
- Go Crích bhFódla, fada ó soin,
mar sin táinig ó thosoigh
bean bréagtha ríoChonnla Ruaidh;
síothamhla a héachta an athuair.
- Mac dob fearr aga athair,
Connla mhac Cuinn Chéadchathaigh
lé gaois éanmhná tar tuinn téid,
ní théarná i luing a leithéid.
- Cuairt oile a hionnamhail soin
tig tar tuinn go mac Feabhoil,
bean donnbhruit is craoibhe ceóil,
ordhruic an t-aoighe uirsgeóil.
- Naoi naonbhar do chloinn churadh
d'uaisle oirir Dheasmhumhan
rug lé mar Bran an bheansoin
fa bladh é dá n-uireasbhaidh.
- Mealladh Bhrain, bréagadh Chonnla,
tar muir le mnáibh allmhordha
mealltar mé le a mac samhla
dar lat is é is éagsamhla.
- Síodh Mhidhir an mhúir phurtghloin,
Dún Sainbh nó Síoth Abhartaigh
ní feas daoibh bean 'sna bruidhnibh
budh meadh don chaoin chiúnfuighligh.
- Ní fuighthe i nEamhuin Abhlaigh,
ná i mBrugh Aonghuis órarmaigh,
bean sídh cuirthear 'na conchlann,
an chruithgheal mhín mhalachdhonn.
p.267
- D'éis na mná d'imtheacht uainne
gan bheith im' fear éanuaire
dá madh éidir é 'na fonn
is sé budh éigin orom.
- D'éis mo ghrádha dá gruaidh ghil,
ar n-imtheacht uain do'n inghin,
mar théid tráigh i ngach tuile
do bháidh ar méid meanmuine.NÉALL
p.268
AISLING
- An tusa an bhean do bhí sunn
aréir tre amhra agum ?
mar tú id mhearaithne, a ghnúis ghlan,
is cúis mhearaighthe meanman.
- Munab tú táinig reimhe
chugam, a chruth séimhidhe,
a bhas tiombog, a throigh mhall,
ní foil ionnod acht ionann.
- Do ghruaidh ghairthe, do ghormsúil
níor cumadh don cheathordhúil
dias riamh budh casmhuile cruth,
a chiabh chasbhuidhe chleachtuch.
- Do dhéad bán, do bheól corcra,
nách beag do cheól chodolta;
braoi leathdonna ar lí na subh
'sa mbí eatorra ar iomchur.
- Bráighe mar bhláth na lile,
glaca seada séimhidhe:
cneas seingreamhar ar snuadh tonn
rer neimhghealadh uan abhonn.
p.269
- Cíche bláithgheala beaga
ós leirg áluinn oighreada;
cláir mhíne is caoimhfinne claidh,
maoilinne sídhe a samhail.
- Atá ar chiomhsaibh do chiabh dtiugh
ealta nách gnáth i ngeimhriudh,
d'éis a n-ionnallta a hór ghlan,
lór ionganta na healtan.
- Ionrúin mé, ní misde dhuid;
innis damh an tú tánuig
dom chéadbhuaidhreadh go Fiadh bhFáil,
a niamh dhéadnuaidhgheal dreachnáir ?
- Nó an tú táinig eacht eile
don Bhord Chruinn ar chéilidhe,
a chiabh slim fionnfoltach úr,
go Cing iongantach Artúr ?
- Nó an tú táinig eacht oile
go hAodh mór mhac Úghoine,
ó Síoth bhréagsrothach Ban bhFionn
go magh n-éagrothach nÉirionn ?
- Nó an tú táinig eacht oile,
go longphort Bhriain Bhóroimhe,
do bhreith Mhurchaidh tar Moir Meann
soir tar drumchlaidh na díleann ?
p.270
- Nó an tú tánuig eacht eile
do mhealladh mheic Deichtine,
ó Ráith ghlom torcharaigh Truim
go Coin gconfadhaigh gColuinn ?
- Nó an tú táinig eacht oile,
a ghnúis éadrocht ainglidhe,
d'iath chathBhanbha na gclár dte,
i ndál Mhathghamhna Í Mháille ?
- Nó an tú táinig eacht oile
do mhealladh na macroidhe,
le linn Chonaire, a ghruadh gheal,
go sluagh dtoghaidhe dTailtean ?
- Nó an tú rug an rún fosaidh,
Bran mhac Feabhail fionnchosaigh,
tar dromchla mín na maire
go Tír dtoghtha tTarngaire ?
- Tángadar, dámadh díobh duit,
go rígh Connacht cuairt ordhruic
mná dealbhdhatha fa dáil neirt
go tráigh deaghLocha Deirgceirt.
- Nó an tú do chealg Connla Ruadh
ó sluagh Breagh na mbeann bhfliuchfuar,
a ghnúis naoidhe, nách náir cruth,
is draoidhe cáigh dá chumhduch ?
- Nó an tú do mheall meise féin
an chéaduair, a chruth soiléir,
ó taoi, a bhean síodhamhail seang,
ag síorfoghail fear nÉireann ?
p.271
- Móide atá mh'amharus ort
gur tú an chéidbhean do-chonnorc
gan a maca samhla acht sibh
san Bhanbha dhata dhuilligh.
- Ní fuil i Síth Bhóinne Breagh
bean do chrotha acht an chéidbhean,
ná i Sídh chaomhchlochach na gCuan,
a mhín aolchrothach ionfuar.
- Ná i Síth Easa Ruaidh rámhuigh,
ná i nDún oide an Ioldánuigh,
ná i Síth bhláith tirmleapthaigh Thruim,
ná i Ráith ilreachtaigh Eochuill.
- Bean dá héis ní faicfe sinn
choidhche i n-amhra ná i n-aisling
go teacht arís dí 'nar ndál
i bhfís agus í ar n-iompádh.
- Clódh mo dheilbhe dá dreich bhuig,
uair nó dhó dá taoibh tánuig;
an treas uair tríthe tiocfa,
an sduaigh síthe suaitheanta.AN TUSA
p.272
AN CALBHACH Ó CONCHOBHAIR
- Deithfrigh chugainn, a Chalbhaigh,
gluais trá, tar lear gcomardhuibh;
a róimh éigeas Críche Cuinn,
bíthe fan gcéidfios chugainn.
- A mheic Domhnaill, a dhreach bhog,
an fiosso cuirim chugad,
bíoth sé 'na ainndeithfer ort,
ná faillighther é ar ádhbhacht.
- Sgél nuaidhe is iomdha againn
dod ghnúis faoilidh abhraduinn,
a rí cláir féaraigh Eine,
bhar cáir déanaimh deithfire.
- Fir Lonndain, laochruidh Alban,
siad re chéile ag comhardadh,
a cheann saorslóigh Síthe Truim,
'na n-aonbhróin fíthe umainn.
- . . . guais chean ní chodail neach,
ó thá Sionann go Sligeach,
a rosg mear craobhuaine ceart,
ar feadh aonuaire i n-éineacht.
- Suil bheas cách ag cadaoid ort,
deisigh tú, tar dar bhfurtachd;
léig don taoibhsi cead codail,
ga beag daoibhsi a ndubhradair ?
p.273
- Deithfrigh ort, a mheic Móire,
iomdha adhbhar anbhóine;
a lámh foirfeithimh cró gCuinn,
[...]
adt oirichil againn.
[...]
a connmaid uainn t'earla slim
[gap: extent: one line]
30]
[...]
a gcomhrádh slóigh Sligigh
roghrádh óil ná oirfidigh.
- Cleasa lúith a láth ngoile,
méad meanman a macruidhe,
cnis niamhdha bhláithgheala a m[ban],
briathra áilgheana a n-ughdar.
- Leinb uallcha ag argain saithe,
seabhaic ag seilg éanlaithe,
doimh thaoibhseanga ó bhinn go binn,
laoidheanga, is coin i gcoimhling.
- Taisdeal learg Locha Gile,
torchar srotha Sligighe;
cnuas i ngar bhfionncholl bhfíthe,
tiomcholl a gcladh gcoigcríche.
- Teaghdhais chúplach chupadh n-óir
séad mbuadha bheirteadh ndonnsróill
tháibhleadh ngeal gceathramhnach gcorr,
dar bean neamhchumhgach
[...]
- Feabhas a gcorm nó a gcuiltiodh,
nó a múr séanta sleamhaintiogh,
ná tuguid anmhain oraibh,
a Chalbhaigh Í Chonchobhair.
- Ógbhaidh Chairbre an chuain ealaigh,
saorchlanna Síl Muireadhaigh,
a bhas neambog i gcrú crann,
ná meallod tú 'na dtiomchall.
p.274
- Beir uatha athaidh eile,
ar séan uaire is aimsire,
céim neimhleasg i ndáil danair,
a feirfleasg Cláir Chonchabhair.
[...]
at fosgaid dedg
[...]
m
[...]
. . .
[gap: extent: one line]
[...]
ionn sléachtana síol gCais
a ghríobh béaltana Bearnais.
- [A] abhall d'abhlaibh Parthais,
a líog buadha briatharthais,
a chosg foiréigne chrú gCuinn,
dar gcoimhéidne is tú is tualuing.
[...]
biodhbha, a bharr thiogh,
do theacht chugainn dá gcluintear,
an chríoch fionnsa ón héigin troigh
a ciomhsa d'féigin d'ardaibh.
- [M]una bheinnsi ag imirt ort,
do ghríosfainn do ghnúis éadrocht
mun imreasain id ghruaidh ghil
i bhfinnleasaibh sluaigh Sligigh.
- Tuig bhós, muna bheinn diomdhach
dod rosg naoidhe neimhsiobhlach,
[dod] chneas gheiltim, dod thaoibh thais,
[ní ?] leigfinn daoibh a ndearnais.
- Do ghuais go ngríosfainn tusa,
cóir atáid t'fir iomthasa
sa (?) féine ag breith a bhuidhe,
ar mbeith re chéile ag corruidhe.DEITFRIG CUGAINN A CALBAIG
p.275
IOMCHASAOID
- Oraoid sunn go síol gColla
dá iomchasaoid eatarra
an ramhacraidh ó Mhoigh Mharr
a bhfoil d'anacraibh oram.
- Ná fágaibh fós fear dearmoid
d'fuil Cholla ó Chliaigh imealbhuig
nách aigeólla sibh fa seach,
fir nách aideómha ar n-eiteach.
- Sliocht Toirdhealbhaigh mheic Marcais
labhair rem lucht díoghaltais;
tréad is éadána ar filidh,
méad m'éagára is m'aindlighidh.
- Inneósad duit, a dhuine,
mo chasaoid, mo chéalmhaine,
don droing mhóir suilbhirthe sáimh,
i ndóigh cuimhnighthe ar gcomhráidh.
- Mór gceann bhfadhálta feadhna,
iomdha coinnmhe is ceithearna
mairg ga mbí ad (?) comharsa cóir
do-ní oramsa an éagóir.
p.276
- Ceithearn an tighe rem thaoibh,
bíd lán d'ulc agus d'anaoibh,
gach re lá ag toigheacht im' theagh,
'san t-oireacht atá im' thimcheal.
[...]
ttugainn mir ar gach mir
don foirinn natmhoir ainm
[...]
p.277
IOMARBHÁIGH
Tadhg Dall Ó Huiginn .ct.
- Clanna Meic an Bhaird, cuileóin charrcha,
cuadh caocha na gConallcha
baird bhalbha gan ollamh orrtha
is mairg do tharla eatorrtha. Freagra ó Mhac an Bhaird
- Onchú foghla Chríche Cuinn
Tadhg tuadhall Ó Huiginn;
nach mairg far bhuail an diabhal daill,
do líomhadh ar uaidh ifrinn.
p.278
AOIR
Ag so an aoir do-rinnigh Tadhg Dall Ó Huiginn dona daoinibh
do Mhuinntir Eadgra, fár bheanadar a theangaigh as et cetera
- Sluagh seisir táinig dom thigh,
do-bhéar uaim iúl an tseisir;
tearc do lacht mé arna mhárach
ó thart na sé sealánach.
- Dob fada riamh roimhe soin,
do réir dhóchais, nách deachaidh
greim do bhiadh bó 'na mballaibh,
an triar 'na dhó adubhramair.
- Táinig díom'sis dainimh soin
a mbreith ó bhás go beathaidh,
mo lacht d'ól nocharbh furáil,
ar mhór tart an turaráin.
p.279
- Díoth orm is éigin orra
atú i n-amhghar eatorra;
ceilt na rannsa is deacair dhamh,
sás peacaidh damhsa a ndéanamh.
- Ní i bhfolach is fearr an aoir
gi bé thuilleas a thathaoir;
mar do aor mé an sluagh seisir
ni dual gan é d'innisin.
- An céidfear do-chonnairc sinn,
dob fearr culaidh don cheithirn;
giolla dár lór bonn dá bheirt,
nachar lom ól ná imbeirt.
- An dara fear mar fuair mé
táinig i dtús na buidhne,
fear truagh léar tréigiodh a smior,
ní léigiobh uam gan áiriomh.
- Dob í culaidh an treas troch
seangha agus tuagh bhog bhearnach;
é 'sa bhunaidh tuaighe i dtroid,
mo thruaighe an chulaidh chomhraig.
- Culaidh an cheathramhadh fir,
do ghluais leó lán do sgitil,
ceithre croinn trasna ar a thóin,
nár bhoing casna do chusbóir.
- Le cois an cheathrair oile
tig an cúigeadh cladhaire,
go léine ghiorr nár gheall buinn;
dar liom níorbh fearr a falluing.
p.280
- Munadh giolla nárbh fiú fridh
do bhí le cois an chúigir;
fear fothana go ngné ghloin,
dob é an drochara ar ndéachain.
- Guidhim Dia do dhoirt a fuil,
ós é a meath bheith 'na mbeathaidh
ní mór gurab marthain sin
nár marbhthair an sluagh seisir.SLUAGH