Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 65

    1. La da raibh Fionn ag ol
      a n-Almhain ar bheagán slóigh
      seisior ban & seisior fear
      giolla & innilt uchtghlan
    2. Fionn ann & Diarmaid gan on
      mac Reithe Oisin is Osgar
      Conán máol nar lag ar muir
      ann & mna na sé láochsin
    3. An uair do gabh meisge na mná
      do-chuadar dha iomrádh
      nach raibh ar talmain tric
      seisior ban bú comionnraic
    4. Do ráidh Fionn fath gan on
      colach ceirdeach é an domhan
      cidh maith sibhsi is iomdha bean
      nar fheis riam acht re haoínfear
    5. Ni fada do badar mar soin
      an úair tainic bean da ffechain
      áonbrat uimpe go n-aille
      & í 'na háontshnáithe
    6. Fiafraighis mac Cumhaill áin
      d'ingin in bhruit órtshnáith
      a bhean in bruit go n-aille
      gad bheir199 tú gan áontshnáite

    7. p.332

    8. Búaidh an bhruit go n-aille
      bean ann gan aontshnaithe
      nach bfaghann a diol don bhrot
      acht bean aoínfhir gan rólocht
    9. {MS page 87a}Tabhair an brat do mo mhnaoí féin
      do ráidh Conán200 máol gan cheill
      go bfechmaois don bhreithir mhir
      glór na nban ó chíanuibh
    10. Glacais bean Conáin in brat
      & gabhuis uimpe go prap
      fa geis ar a méin go beacht
      mar do leig ris a n-aoínfheacht
    11. Mar do-connairc Conán máol
      an brat ag filleadh fana táobh
      tógbhais a chraoíseac gan on
      & marpais an ingin
    12. Glacais bean Diarmada shaoír
      an brat ó mhnaoí Conáin mhaoíl
      gerbh isi in tsaoí gan locht
      nír folaigh sé a gealocht201
    13. Glacais bean Osgair a ccein
      an brat comfada coimréidh
      ger ffada in brot sgothach fionn
      níor fholaigh sé a himlionn
    14. Glacais bean Oisín amhra
      an brat fa cúis labhra
      an t-edach nar foghain di
      fa nár dhi a chur uimpe

    15. p.334

    16. Glacais Maighean bean Fhinn
      an brat fa cúis mhíghrinn
      do chrap is do crúaidh mar soin
      an brat súas fana clúasaibh
    17. Tabhair in brat do ráidh mac Reithe
      dom mhnaoi 's ní cúis cleithe
      go ffechmaois an ionann dáil
      dhi is dona cédmhnáibh
    18. Nochtais bean mhic Reith in taobh
      & gabhais uimpe an brat lancáomh
      do-chúaidh in brat sleamhuin slán
      dhi go ladhair a láodagán
    19. An pog tugus gan fhios
      do mac í Duibhne do Dhíarmaid
      do rachadh in brat dam go lár
      muna bheith sin 'na haonarán
    20. Racha misi uaibh amach
      is fuicfe mé bar tteac a mhná
      sgel ní ffuil agaibh oram
      dgél agam oruibh atá
    21. Beir do mhallacht imthigh uainn
      do ráidh mac Cumaill armrúaidh
      d'fagbhais sinn fa mhéla bhróin
      na tarr dar ffechain enló
    22. LA DA


p.336