Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 64

    1. Leacht Guill do chráidh mo croidhe
      treinfear Eirionn ióbhruidhe
      ionmhuin táobh fon leacht atá
      tearc láoch re roiph iomarbaidh
    2. Trenfhear do chloinn Morna mhear190
      do ghabh geilleadh in domhain
      ó fhearaibh Eirionn aille
      go crich oirrdeirc Easpainne
    3. Ger mhaith Trénmor is Fionn
      ger mhaith Baoísgne is Cumall
      do ghabh Iollann a ngeill uile
      idir triath is ródhuine
    4. Naoí náonmair do-cuadhmar amach
      do mhaithibh na fFían ffuilteach
      fa Fhionn is fa Gharadh ghlan
      fa Bhaoísgne is fa Osgar
    5. Do gabhamar d'airde na mbeann
      Fionn flaithfheindidh gan Iollann
      'gabhail geillidh na mara
      ar na tonnoibh táobhghlana
    6. Don taobh thúaith do Thír na tTracht
      do-conncomar iomarcadh bárc
      íad ag seóladh sa chúan gleannach
      fiche céd long Lochlannach

    7. p.320

    8. Fiche céd do thainic ann
      Maghnus mór mac rígh Lochlann
      do bhí céd ar gach sgairbh sa chabhlach
      is nír mheirbh in tréntheaghlach
    9. Tainic Maghnus mór a ttír
      go huaman is go hainmín
      doloisc ó fhráoch go tuinn
      an taobh fa a ttarla dh'Eirinn
    10. Comhrac fhichead céd ar a' traigh
      iarraidh Maghnus da dheasláimh
      & geallais da laimh chlí
      go ttroidfeadh leisan airdrí
    11. Cuiris fios go Fionn Fáil
      Magnus mor do theacht 'na dháil
      's nach gébadh gan comrac teann
      d'fagail ó fhearuibh Eireann
    12. As é comairle tug a shlúagh
      d'Fionn mac Cumaill armrúadh
      {MS page 86a}an tír d'fhagbháil don fhior
      sul do muirfeadh a mhuinntior
    13. Do gabhadar ag imteacht ann sin
      's do gabh úamhan na fir
      iad ag dáil a mbárc ar tuinn
      an tráthsin tainc Iollann
    14. Fiafraighis Iollann tré fheirg
      a Fhinn mic Cumaill airmdheirg
      créd do rug ort a fhir
      far fhágbhais damsa Éire

    15. p.322

    16. Oglach mór ag teacht anall
      cugainn as íartar Lochlann
      do gabh geilleadh Eirionn uile
      lé neart a chloidhim chróbhuidhe
    17. Ga ffuil maithe na Féine
      nac[h] dendaoís ris coinheirghe
      nach ttiúbraidis comlann teann
      do Maghnus mac rígh Lochlann
    18. Ga ffuil Fionn mac Cumaill fhéil
      ga ffuil Osgar na191 Oisín
      ga ffuil Caoílte claoidhis192 cath
      Gal Gaoíthe nó mac Lughach
    19. Ga ffuil Fear Logha na n-eac
      ga ffuil Díarmaid deaghbhreatach
      ga ffuil Dáire mac Smóil
      no Cairill ó Conbhróin
    20. Ga ffuil Chaoilti193 coisgfeadh an rí
      Faolán nó Áodh mac Finn
      nó clann a' Chearda na séd
      do choisgfeadh mor cced a nglinn
    21. Ca ffuil Fear Logha nach ffúair guth
      no Lugha mac Cairill aird
      nó Fionn mac Dubháin na ccúach
      ó Theamhraigh Lúachra na sealg
    22. Ca ffuil do ghairbhteaglachsa 'Fhinn
      Fían Locha Léin nó do chlann
      da194 mac rí Lochlann na seól
      nach ttiubhradaoís dhó gleó arm

    23. p.324

    24. Dar do laimh a Ghuill gréadhnaigh
      ar n-áiriom dhuit mo theaglaigh
      dob fearr leó dhul fan talam ghlas
      nó dhul do troid lé Maghnus
    25. Dar do laim a Ghuill grúama
      ní tig duine beó úadha
      suil do claoídhfitear úaidh don fhior
      cuiridh sé sluagh a ttalmain
    26. Dar do laim a Ghuill go ngráin
      ní lamhann duine dhul 'na dháil
      treisi a luinne méd a bhuille
      truime treme a brathbhuille
    27. Gur thoilidh Maghnus mear
      ó taoí 'na mac ardfhlatha
      ó nach búailidh duine eile
      buille air a n-iorghaile
    28. Airde a sgéithe os clár ochta
      guirme geire a loinn corcra
      gan coinmeas ris fon gréin grinn
      acht tusa féin a Illinn
    29. Tabhair do gheallad[h] 's do gheilleadh
      a Fhinn moir & déna
      gan gheilleadh Ghuill nó Gharaidh
      'chur a luing re mac allmurraigh
    30. Damadh tusa a Iollainn fheil
      do-bheradh comrac as ar fFéin
      chuirfinn mo braighde id theach
      amach a cCruachain Connacht

    31. p.326

    32. O nach bfaghaim isin fFéin
      fear da fhreasdal acht mé féin
      rachad do troid ar bhar ccionn
      le Maghnus mac rígh Lochlann
    33. Tairgeas Fionn do Maghnus mor
      comtrom Iollainn don deargór
      {MS page 86b}'s a' comrac do shíneadh amach
      go maidin arna mhárach
    34. Ann adubairt Goll gréadhnach195
      ionmhuin croidhe mear meadhrach
      gomadh fearr leis comrac an fir
      ina maithius na talman
    35. Comhraicis Iollann ar a' traigh
      & Maghnus lamh ar laimh
      teid uatha isna nellaibh nimhe
      morshlaim theineadh thinntighe
    36. Ar sathadh na sleadh síbhneach
      a ccneasuibh na ccuradh ccaithnimhneach
      tig do sheamannaibh na sleadh
      lasair úaine & folradh
    37. Cuirdis ceatha fola rúaidhe
      osna lannoibh sleasúaine
      an uair budh dearg in talamh ghlas
      tig fearg Iollainn re Maghnus
    38. Tug Iollann in beim deas
      os bile sgeithe Maghnuis
      trasgaidh an lamh gniomach ghlan
      ann sin de gó thalmain196

    39. p.328

    40. Tógbais197 in lamh anairde
      ionmuin croidhe go ngairge
      beanuis a cheann da bhraghuid bháin
      is glacais é 'na dheaslaimh
    41. Gach comhrac tigeadh go fíor
      go Teamhraigh rathmhair na ríogh
      Iollann fear da ccosg uile
      's do chosnamh na hAlmhuine
    42. Do thuit lé laimh échtaigh Ghuill
      triar ingean Chonaráin198 chuirr
      Íartrach is Camog chas
      & Guillionn ogharghlas
    43. Do thuit Íartrach re laimh Ghuill
      is Guillionn ogharglas aoíbhinn
      mo-núar do thuit rena loinn
      is Iolarán mac righ Lochlann
    44. Measa liom Osgar Eamhna
      chuireadh mór ccosgor ccalma
      na slúaigh in bheatha go beacht
      & bid uile fo énleacht
    45. LEAcht


p.330