Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 63

    1. Aithreos caithréim in fir móir
      tainic anoir fo dheaghbhúaidh
      treinfear do bhí lán da ghail
      an Dearg dana mac Droichil
    2. Briatar tug in láoch lán
      suil tamic cugainn tar sál
      nach gébhadh gan geilleadh ar ais
      ó gach treinfear dhá fheabhus
    3. Fa thasg na fFían dob fearr gail
      trialluis in Dearg mac Droichil
      anoir ó Crich na fFear fFionn
      go tír oirirmhín Eirionn
    4. {MS page 84a}Ar ttiacht a ttir don láoch lonn
      ar ar himreadh egcomlond
      gabhais an Dearg deidgeal cúan
      a mBeinn Edair na mórsluagh
    5. Do bhi días nar cumang dáil
      ag coiméd in chúain chobhairbháin
      Raíghne na ród mac Finn
      's a' Cáol crodha mac Criomthuinn
    6. Nior choimhéid síadsan an cúan
      do thuitsiod 'na ttoircim súain
      tainic bárc in fhir mhóir
      ar in tracht fa a cceartcomair

    7. p.300

    8. Leimis an Dearg fa maith dreach
      i ttír le crannuib a craoíseach
      tug a bhárc arna snoidhe
      ar in tracht gheal ghainmhidhe
    9. Folt fionnbhuidhe mar ór cheard
      os cionn amhalchach ngruadhndearg
      dhá dheirc175 ghorma go ngloine
      os gealghnúis an mhílidhe
    10. Lann nimhe le leadradh corp
      ag in láoch d'eagla chomhraic
      mionn cumdaigh clochorrdha corr
      mun mbiodbaidh sochma súlghorm
    11. Da shleidh crannríghne chatha
      a laimh mhic an ardfhlatha
      sgíath órdhuidhe re gualainn chlí
      ag mac uasal an airdri
    12. Geall gaisgidh in domain thoir
      do chosain in Dearg mac Droichil
      ar mhéd ar neart ar dheilbh ghloin
      ar conlann cheart ar chédoibh
    13. Eirigheas Raíghne na róda
      's a' Cáol cédgoineac cródha
      gabhaid a n-airm ina láimh176
      & reathaid 'na comdháil
    14. Innis sgéla dhuinn a fhir mhoir
      oruinn tainic coiméd in chúain
      dha mac righ go sárbhúaidh sinn
      d'Fíanuibh lánuaisle Eirinn

    15. p.302

    16. Asan ccrich o ttanac anois
      nirb iomdha neach um ainbfius
      misi in Dearg mac rígh na fFionn
      ag iarraidh airdrioghdacht Eirionn
    17. Do chan Raíghne an aignidh mhir
      go dian risin Dearg mac Droichil
      ní ghébha tusa a laoích láin
      urruim no geilleadh ffear fFáil
    18. Acht ge borb sibhsi a dhías láoch
      canus formad & fioch
      cía do bhacfadh diom a gabháil
      a glacadh no a hiongabháil177
    19. Da n-áirmhinn duitsi gach fear
      a Dheirg móir mhic an ardflath
      iomdha láoch aderadh ann
      go ngébhadh ré do chomhlann
    20. Cait a ffuil einneach dhiobh sin
      do ráidh178 an Dearg mac Droichil
      179 ffechmaois ré chéile
      ar ffíoch is ar n-aimhréidhe
    21. Do briathra ge borb linn
      bar Cáol crodha mac Criomhthuinn
      ag sud misi dot chlaoí anois
      a laoíchúd tainic thairis
    22. Go Cáol crodha fa dearg dreach
      freagrais in Dearg dásachtach
      go ffearg mhoir is go ffíoch
      mairg ar ar bhúail in trenláoch

    23. p.304

    24. Do-rinne an Dearg comlann crúaidh
      's a' Caol crodha go moruaill
      dobh180 i sin in torann chleas teann
      ag sgoilteadh sgíeth is chathbharr
    25. Dob í iomthus na deisi
      san irgail nár thairise
      ceangluis an Dearg rodglan rod
      an Caol crodha sa comrac
    26. {MS page 84b}Glúaisis Raíghne na ród nár thim
      d'éis in Chaoíl crodha creapall
      mac righ na Féine gan tár
      cum in tréinfhir 'na comdhál
    27. Dob iomdha cleasa gala
      san imreasain eattorra
      gur ceangail ger cródha an céim
      Raíghne na ród go lúathbheim
    28. Ge maith an gniomh 's na gala
      duit sinn ar áon do cheangol
      sgaoíl ar ccreapall a laoích luinn
      is beir leat sinne id timcioll
    29. Sgaoílius an Dearg na ccleas bfráoch
      cuibhreach na deisi deaghláoch
      naiscis a bríathor ar gach fear
      nach ttiupraidis airm 'na aghoidh
    30. Tig cugainn go Teamroigh
      go Cormac181 an mhóirtheaghlaich
      mac Droichil na ngéirreann nbúadh
      go tríath Teamhra na ccáomslúagh

    31. p.306

    32. Eirghid láochraidh Teamhra
      fir mora dhíochra dhealbha
      dob iomda fear dronnbrait sróil
      timcheall Cormaic a ccédóir
    33. Do ráidh triath Teamra gan on
      suidhidh a chlíar calma churadh
      ní húamhan daoíbh meirghe in fhir
      na togbaidh airm 'na aghaidh
    34. Suidhis trenfheara Fáil
      d'eis a chéile 'na comdháil
      tigidh chuctha go dána
      an fear forasda fíormhálla
    35. Ar tteacht ar in ffaichthe dhó
      do mac Droichil ná morghleó
      don óg inneallta chuimsi
      leigtear in ród ríghshoillsi
    36. Beannaighis an Dearg do glór bhinn
      do tríath Teamra go haoíbhinn
      freagrais an flaith gon dogra182
      caithmilidh na trénfhóghla
    37. Ar suidhe do mac rígh na fFionn
      fiafraighis dhe airdrigh Eireann
      beacht do thurais go Teamhraigh
      innis a laoích moirmheanmnaigh
    38. Beacht mo183 thuraisi duit
      a mic Airt curata 'Cormaic
      geilleadh Eirionn dob áil liom
      no frais bheimionn 'na timcioll

    39. p.308

    40. Geilleadh Eirionn tar muir
      ge minic do sirdís tréinfhir
      ní fríth is fuighthear184 go brách
      a tabhach ré háonóglách
    41. O nach bfaghuimsi a Chormaic
      flaitheas úaidsi gan comhrac
      togh conhrac céd curadh
      úaid a mhic airdgrinn chubhaidh
    42. Cuiris Cormac céd calma
      do chlaoí an oigfhir allmurrdha
      do thógsan ré feirg nár lag
      meirge 'na ccoinne a ccomrac
    43. Dob é iomthus mhic righ na fFionn
      thuit an cédsin 'na comlann
      is da chéd oile fa gniom dhó
      do chlaoí an Deirg a n-enló
    44. Mur do-chonnraic airdri Teamhra
      an Dearg ag denam airligh
      seólais teachta úadh go lúath
      co mac Cuhmaill na morsluagh
    45. Tig chugainn arna mhárach
      mac Cumaill go mordhálach
      trí mhile gaisgeadhach glan
      nar thim easbhadhach sgainnear
    46. Failm oir fa chionn gach fir
      do mhuinntir Finn a hAlmuin
      sgíeth fite go n-amladh n-óir
      go n-earradh síthe sáorsróil

    47. p.310

    48. {MS page 85a}Ar tteacht ann isin ffaichthe
      don tsluagh churadh chóirighthe
      togbhais an Dearg fa maith tlacht
      pupall órdha ioldhathach
    49. Ar ndul do mac rígh na fFionn
      uainn asteach 'na pupall
      tógbhais tri mhíle cleas lúith
      fa maith in t-ádhbhar iomthnúith
    50. Fearais Cormac gan time
      fáilte re Fionn Almhuine
      fúair slúagh mic Muirne na ccreach
      póg is cuirm a tigh Theamhrach
    51. Do-chuaidh mac Cumhaill fhéil
      cum in pupaill don c[h]édreim
      & beannaighis don Dearg
      don láoch anaithnidh iomard
    52. Mur do bheannuidh in flait gan tár
      freagrais an Dearg dreachnár
      iarrais conmha go lúath lonn
      ar mac Cumhaill nó comlann
    53. Ge maith do neartsa a fhir
      do ráidh flaithfheindidh Almhan
      ní thairbheórsa braighde dhuit
      a Dheirg ar eagla comhruic
    54. Mas chugainn do triallaigh sibh
      a laochradh leidmeach Laighean
      ar chomhlann céd umhal sinn
      uaid a mhic Cumhaill airmgrinn

    55. p.312

    56. Do chuir mo rí céd ann sin
      dochum in Deirg dá mhuinntir
      um Dhorn um Dhonn mac in Sgáil
      & um Cnonn mac Conam
    57. Do thuit Conán mac in Léith
      leis & in Dorn nár threith
      do chlaoí réna laim gan locht
      trí c[h]éd feargach faobarnocht
    58. Mur do-connairc mo rí ann sin
      ar chlaoí in Dearg da mhuinntir
      do brosdaigh a chip catha
      do chosg mic an ardfhlatha
    59. Eirghis Fáolan go ffeirg mhóir
      gabhais a mheirg sáorsnáth sróil
      do-chúaidh do chosg in laoích láin
      mairg do brosdaidh 'na chomhdháil
    60. Ann sin teasgaid a lanna
      ar a ccneasuibh cruithgheala
      's do redhbattar185 a n-airm áigh
      ar a chéile sa teagmháil
    61. Glacaid compair a chéile
      d'eis na hurlaidhe aigmhéile
      nó gur ceangladh leisin Dearg
      Faolán crodha na ccrúadhcheard
    62. A mhic Morna nach meata
      a mhír crodha na crodhachta
      coisg dhinn conhrac an fir mhóir
      a cheann gaisgidh na morshlógh

    63. p.314

    64. Leat féin do thus dála
      trían comhadh trían edála
      deich cced uinge d'ór fá tri
      uaimsi dhuit ar in t-airdrí
    65. Ge do fogradh rét fine186
      clanna Morna mongbhuidhe
      do-bhéur féin mo chongnam leat
      a rí na Féine dot fhurtacht
    66. Do-chúaidh Goll nár fulaing tár
      'na chulaidh eididh iomlán
      do thóg re dasacht nár thim
      na hairm shénta cum comhlainn
    67. Tucc in Dearg do chlaoídhe Guill
      na hairm nimhe187 do bhí a ccoigill
      is tig go diomsach dána
      go fíochmar a n-am theagmhala
    68. Ann sin cuimhnighid a bfearga
      na fir bhorba soidhealbhdha
      {MS page 85b}ag snoighe chlogad is cheann
      do bhí mac Droichil is Iollann
    69. Fechaid digheann a ccleas
      ar a chéile sa mortreas
      tochtaid fir Eirionn uile
      ré clos bheimionn na hiorghaile
    70. Ona ccomrac re tri lá
      fa tuirrsioch mic & mná
      nó gur torchradh in188 Dearg ann
      ré mac Morna na mbeimionn

    71. p.316

    72. Da leigthí súan nó codhladh
      do láoch na ndearg ngruadhchorcra189
      treisi Eirionn do-gebhthaoí leis
      bhíadh a mbraighde 'na loingeas
    73. Othar blíadhna luidhe Guill
      ó chomhrac in laoích luinn
      i ttigh rígh Teamhra go bfios
      baoí mac Morna dha leighios
    74. Do fúair Goll ar gealladh dhó
      ó mhac Cumhaill is ní gó
      ba buidheach an flaith go mbuaidh
      ó comrac Iollainn armrúaidh
    75. Do-rinne an Dearg dithchioll borb
      fa dhíth inne óna mórcholg
      thuit trí chéd uainne 'na troid
      is sé chéd do mhuinntir Cormaic
    76. As me Fcargus file Finn
      do gnaithfeindibh mhic Cumhaill
      ó thoisg na ffearsin ar ttós
      trían a ngaisgidh ní aithreós
    77. A


p.318