Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 62

    1. Lá do bhí sealg Shléibhe Guilleann
      da hinnioll ré mac Cumhaill
      go fhacamar146 oglaoch gábhaidh
      cugainn os na firmáintibh
    2. Brot cíordhubh fa dorcha dath
      is comartha ardfhlath
      fa dorcha dealb147 in fir mhóir
      do bhí chugainn ar anbhóin
    3. Enshuil ar mire gan ghean
      a cceann an fir fa maith dénam
      mar dorn gach curaidh sa fFéin
      'na sróin churata aigmhéil
    4. Da craoisigh catha 'na láimh
      is cloidheamh leathan go morghráin
      is lorg don iarrann nár thim
      ag an ogláoch re a ghúalainn
    5. Mur connairc maithe na fFían
      cuca in t-arracht nar maith sgíamh
      glacaidh gach fear a dhá sleidh
      a sgíath 's a cholg 'na aghaidh
    6. Togbais Fionn in colg nimhe
      ga mbíodh buaidh gach iorgaile148
      is teachaid an Fhían ann sin
      tiomcill mic Cumaill armghloin

    7. p.250

    8. Adubhairt Fionn re neart a sloigh
      is re mathoibh clann Trénmóir
      is re cloinn Morna go ngoil
      dhul a n-aghoidh in treinfhir149
    9. Adupairt Conán mac Mórna
      fear mallachtach miolábhra
      as romhór h'eaglusa 'Fhinn
      roime an ogláochso chugainn
    10. Níor gabh eagla misi ríamh
      a Chonáin mhaoíl nach maith sgíamh
      do bheanfainn do cheann diot anois
      muna bfechainn dot ainbfios
    11. Commaith mo chinnsi a fhir
      nir marbadh re do mhuinnteir
      's nir chosain tu gnaoí duit fein
      timcioll Aile no aoinsgéil
    12. Mur do-chúalaidh flaith na fFían
      Conán da fhreagra go dían
      nochtais a chloidheam nar thim
      a n-am catha no comhlainn
    13. Nochtais Conán a lann
      a cceartaghoidh mhic mhic Cumaill
      tug sitheadh diochra dána
      a ccoinne an righ dingmhála
    14. Adubairt Conán go ngruaim
      lé mac Múirne na mo[r]shlúagh
      do-bherainn comhairle duit a fhir
      gan anmhuin ré mo dheabaidh

    15. p.252

    16. Mur do-chúalaidh Fionn ágha
      Conán da sircháineadh
      glacais a dhá shleidh go ngail
      is gabhais íad 'na fhochair
    17. Adubairt Conán go tréith
      ag iompódh irsigh a sgéith
      gapuim red150 choimridhe a Fhinn
      is do-bheirim an urruim
    18. Do thug Fionn nar ér neach
      an comairce dhó ar eineach
      adubairt re Conán ann sin
      imtheacht ameasg a mhuinntir
    19. Sgela an oglaoígh ó chíanuibh
      inneosad dhuit a chleirigh
      tainic sé chugainn ann sin
      d'iarraidh catha ar ar muinntir
    20. Do fiafraigh misi sgéla dhe
      do fhiafraigh Caoílte is Mac Reithe
      ga críocha cinél duit a fhir
      nó ca tír a ffuil t'athoir
    21. Dubh mac Díorfaidh as ainm damh
      is Mac Suirnn mo sloinneadh
      as í mo thoisg om thigh
      gabháil gheillidh gach náonmhuir
    22. Baogal a Dhuibh mic Diorfaidh
      dhuit an eachtrasin d'innsin
      go ttiucfa at áonar ann
      'gabháil geillidh ffear nEireann

    23. p.254

    24. Da mbeith sloigh dhomhain uile
      ar mh'ineac 's ar mh'impidhe
      ni thiúbhrainn liom dhíbh tar sál
      do shluagh acht mé um aonarán
    25. Do freagradh súd go lúath
      le hOsgar do-bheireadh gach búadh
      ga líon fhognus duit a fhir
      'dhul do comrac at aghoidh
    26. Ge do fhíafroidh tu sin diom
      as romor h'eagla is th'imsníomh
      as e líon toghaim as gach tír
      do thocht a n-aghoidh mo móirgnimh
    27. Deich ccéd curaidh go ngail
      dha shleidh a ndorn gach aoín fhir
      deich ccéd cloidhiom is fearr fáob ur
      deich cced sgíeth da n-imdhidan
    28. Do fhíafraigh Conán do guth mhór
      go hiomard ameasg na slógh
      cía hagoibh don Fhein fhearrda
      theid ar son a thigearna
    29. {MS page 79b}Do labhair Osgar Eamhna
      macámh na fFían ffíorchalma
      rachad fein ar son m'athar
      ar mo son fein 's mo seanathor
    30. Cóír do théid tusa ann sin
      do ráidh Caoílte fa maith rith
      an t-athair ata agad a fhir
      nocho cathach é a n-iorghail

    31. p.256

    32. Do eisdiodar Fíana Finn
      ar a' tulaigh ós ar cciond
      do shaoílsead nach roibhe sa fFéin
      aoínneach ó a ffuighinn toibheim
    33. Cred do-rinne Oisín rit
      a fhir labhrus go haimghlic
      créd do-bheir tu da cháineadh
      da aithis no da imdeargadh
    34. Ni dhuitsi do-bherainn sgéla
      a Osgair aird in fheadhma
      ni mó is d'Oisín na nglonn
      bhías 'na seanóir a cCroimlinn
    35. Robhorb an ní do labhra
      a mhic cholamhnaigh Theamhra
      tuitfe tú liomsa a fhir
      a n-eruic do dhul fam athair
    36. Do-beirim do shlansa fuim
      a Osgair gé maith do clu
      & slan choinne th'athor
      a mhic Oisín ardfhlatha
    37. Iarruim ar Osgar na ngniom ngle
      leigion eadrom is Caoílti
      ionnus go ndioghlainn an sár
      do fuarus ó mac Ronán
    38. Leigiom eadrad & sé
      do ráidh Osgar fa maith gné
      & tapair fé do ghleó
      ar mac Ronáin iomorro

    39. p.258

    40. Fiafraighimsi go hard ard
      do mac Cronnchair go fíorgharg
      créd tug é dom cháineadh
      dom aithis dom imdeargadh
    41. As í freagra fúair misi
      ó Chaoílti aigeantach chlisde
      go mbeinnsi ar deireadh cháich
      ag iarraidh na ndeachamhán
    42. Adubairt fear millte na fFían
      Conán máol coinntinneach cían
      na tugadh sé urraim dhuit
      's nár mó bhías sé agad
    43. Maith do dhlighfea sin a fhir
      do chongnam beith am aghoidh
      do bris me an corn ar do chionn
      a mBruighin Chéise Corainn
    44. Maith do dioghlomairne sin
      a maidin catha Cnocha151
      do marbhamar Cumhall go mbúaidh
      is da ttrían a tromshlúaigh
    45. Ni chuimhneochum fala anois
      dhuit a Conáin cheannsholais
      fearr linn do beith os cionn chláir
      ag búaladh dorn is famér
    46. Maith aithnidhimsi in t-adhbar
      do-bheir ort gan teacht fam ghábadh
      ar cheasta fhaophar mo loinn
      is ar eagla mo comlainn

    47. p.260

    48. Leigiom diom tagra Conáin
      ní raipe spéis liom 'na teagmáil
      mar nar chuireas brígh 'na láimh
      'na atais no 'na mhorrdhail
    49. {MS page 80a}Do-rinneas rioth tre lár an tsluaigh
      dar chuireas Chaoílti152 ar anbhúain
      do-chúaidh uaim ar luas a chos
      go rainic sé go Durlus
    50. Tiompoim ó Dhurlus tar ais
      do aimdheóin Caoilti coimdheas
      ger maith rioth mic Ronáin teinn
      go huaim mhoir Sleibhi Guilleand153
    51. Ni dhearnus comnaidhe coidhche
      no go rugas ar Chaoílte
      go ttuccus creapailti rem154 loinn
      Caoilte ameasg Fhían Eireann
    52. Adubairt mac Cumhaill mheadhraigh
      ar ffaicsin Caoilti chedaigh
      liomsa dhul fana bhreith fein
      's go ndenadh mo dheaghréir
    53. Adubhrusa nach denainn síth
      le Fionn fa maith fos is brigh
      's nach ttiubhrainnsi mo lamh na laimh
      no go millinn mac Ronáin
    54. As í síth do ceangail Fionn
      do ceangail Osgar is Cairioll
      da c[h]éd cúach ó Chaoílti damh
      da c[h]éd corn da c[h]éd cloidhiom

    55. p.262

    56. Gach a ndubairt Fionn ágha
      & a oiread eile gan cairde
      fuarus a n-aoinfeacht um laim
      suil do sgaoílius do mac Ronáin
    57. Do tug nisi briatar dhó
      do tug Osgar nar chan gó
      nach ttiubhramaois achmusán go mbroid
      do Chaoílti ar son a ndubairt
    58. Do-rinniomar síth sulchair
      nisi is Caoílti mac Cronnchair
      tugamar frais póg ann sin
      ar slios srón & aighthe
    59. A dubairt an Dubh mac Diorfaidh
      goth is aibhseach re n-innsin
      tigidh do troimdeabaidh riom
      a ardmaithe Fhían Eirionn
    60. Tugaidh comrac talchar trén
      damhsa go mbuailinn béim
      nó tugaidh bráighde go ngoil
      ó gach taoiseach naoí náonmhair
    61. Adubhairt Osgar fa maith gniom
      re Cairioll mac in airdriogh
      teachmaoídne do comrac ris
      & millmíd a ainbfios
    62. Prap adubairt flaith na fFían
      le mo mac maith is liom féin
      ar mhaitheas an domain dil
      nach rachmaois ris do dheabaidh

    63. p.264

    64. Adubairt Osgar nár thim
      glór nár bfosaidh ré mac Cumhaill
      do mhill do comairle an Fían
      a mhic Cumhaill na mórclíar
    65. Adubairt Osgar glór eile
      nár chóir re Fionn Almhuine155
      as urusa braighde gill
      do gabháil ar Fhíenaibh Eirinn
    66. Ann sin adupairt Fáolan cain
      ag eirghe ar son a athar
      {MS page 80b}roborb a Osgair Eamhna
      labhras tú re tigearna156
    67. Adubhairt Fionn go feargach
      le hOsgar grinn157 mearmeanmnach
      muna ndearna dioghaltus ort a fhir
      ní bhíad fem um beathaid[h]
    68. Mun beith an Dubh mac Diorfaidh
      ag iarraidh catha ar mo muinntir
      do digheoluinn ort a fhir
      a nden tu d'imreasain am aghaidh
    69. Amlaidh sin do-nimsi riot
      a mic Cumhaill na n-arm nglic
      do sheacht ccatha is tú féin
      do bheith uile dom míréir
    70. Ge teann do labhrus tú a fhir
      liom féin is lé mó mhuinntir
      bíaidh t'athair ag iomchor chlog
      & leabhur na sagart

    71. p.266

    72. Fearr liom m'athair is me féin
      do beith ar deireadh na fFían
      nó bheith ag ithe smaoíse mo lamh
      mar bhios tusa go hamhnár
    73. Le fios do gabhus tú neart
      & re feabhus t'inntleacht
      & re cognam do mhér
      ag iarraidh fheasa gach aoínsgél
    74. Do sguir Fionn da tagra
      do sgar158 rena troimeagla
      do gheall go ttiubhradh ór glan
      dhó & airgead fionngheal
    75. Fiche dabhach d'ór bhuidhe
      is oiread eile d'fiondruine
      ceithre fichid cuilén con
      do tug mac Cunaill d'Osgar
    76. Do-rinne misi is Osgar síth
      le Fionn fa maith fos is brigh
      tugamar ar lamh 'na laimh
      fa cur leis ann gach áondháil
    77. Do labhair in t-arracht 's a' fúath
      do chuir eagla ar gach morsluagh
      gur mhithe leis comhrac teann
      d'faghail ó Fhianaibh Eirionn.
    78. Do bhrosdaigh mac Cumaill ann soin
      ar Osgar dhul san iomghuin
      do brosdaigh ar Cairill chédach
      's ar Gholl chalma chaithréimeach

    79. p.268

    80. Do freagradh sin go lúath
      le hOsgar do bheireadh gach búadh
      do glac meirge sróil na mban ffionn
      boí ré hagaidh ghleó na ngerlann
    81. Do glac a cloidhiom liomtha
      's a dha mhanaoís iorghala
      do glac a sgéith druimneach breac
      dob fearr seóladh is inntleacht
    82. Do cheangail in tréinfear da chorp
      earradh catha tré crúaidhneart
      mar sin do-chúaidh Osgar áigh
      do chosg an athaigh go mórgráin
    83. Gidh be chífeadh mo mac
      's a dhá mhanaís 'na ghealglaic
      mairg neach do theigeomadh ris
      d'iarraidh teacht faoí nó thairis
    84. {MS page 81a}A ttainic roimhe is 'na dhíaigh
      a n-Eirinn thoir & tíar
      do muirfead Osgar re a loinn
      da ffagadh comtrom comloinn
    85. D'ionnsoidhe comraic in fhir
      do-cuaidh Cairioll is Osgor
      is Mac Lughach fa maith dreach
      & Fiachra mac Eathach
    86. Do-chúaidh Áodh beag mac Finn
      & Faolán na ngerlann
      & Diarmaid donn dána
      da ced curadh comdhala

    87. p.270

    88. Do-chúaidh Goll nar lag lámh
      do-chúaidh Caoilti & Conán
      do-chúaidh Garaidh mor na nglonn
      & Osgor mac Croimchinn
    89. Do-chúaidh Líath Lúacra fa borb treas
      fear lonn longportach coimdheas
      & Fionn bán mac Breasail
      lamh nár tréith a n-imreasain
    90. Do-chúaidh dha mac Osgair go mbladh
      nár teip cosgar na congnamh
      trí Finn tri hÁodháin on leirg
      tri Faolain Leitreach Loinndeirg
    91. Do-chúaidh clann in Líath Lúacra
      com an óglaoigh ger uathmhar
      is clann Chaoílte fa borb sdair
      is Gal Gaoithe a mbráthair
    92. An mhéid do-cuadarsan uile
      do denamh na hiorghaile
      fa mó a n-eagla roim an fhear
      nó a eagla as é 'na enar
    93. Do sheóladar aghoidh a n-arm
      ar an arracht nár maith dealbh
      do chaithsead a sleadha go nimh
      leis an aitheach trén láidir
    94. Tug seision bualadh teand
      d'Osgar & do Cairill
      do trasgair a n-aoínfeacht re a laim
      Caoílte is Garaidh is Conán

    95. p.272

    96. Tug se sitheadh dían dána
      d'aimdeoin na fFían ffíorcalma
      do marp sé ger maith a lámh
      Gal Gaoíthe mac mic Ronáin
    97. Do mharp sé Crimtann mac Guill
      's da c[h]éd trenfear da fhoirinn
      do mharbh sé deich ccéd ann sin
      ag a mbiodh fían is muinntir
    98. Fiche taoiseach fa maith neart
      do marbh sé d'Fíanaibh Connacht
      do tuc ár budh mó ina soin
      ar Fhéin Alban is Bhreatain
    99. Do marbh sé Roighne mac Finn
      sgél is doilge da n-innsim
      & mac oile dhamhsa
      nir ffearr láoch a chomháosa
    100. A n-fegmais mo mhicsi is mic Finn
      Gal Gaoithe is Criomtainn meic Guill
      Baoithín mic Croimcinn nar lag
      is chloinne Caoílte mo charad
    101. Dob é ar n-easbad[h] ón fhear mhór
      tainic chugainn ón Easróimh
      fiche céd sgíeth nár lag
      tuit leis in Duph sa ccomhrac
    102. Mur do-connairc mo macsa fein
      urlaidhe an oglaoigh aigmhéil
      do-chúaidh 'na aghaidh reim teann
      da iarraidh cuige a ccomlann

    103. p.274

    104. {MS page 81b}Do dhruid in t-ogláoch nár ob troid
      'na choinne d'iarraidh comhraic
      nír fechadh a ngaisgeadh no 'ngail
      láoch darbh anta rena iorghail
    105. Cioth fola cioth cailce crúaidh
      baoí da ccorpaibh a n-enúair
      & cioth teineadh go nim
      do bhí d'armoibh na mhíleadh159
    106. Do bhí fós cuideachta oile
      os a cceann san iorghaile
      cioth brainén timcioll a n-arm
      ag in cuideachta uathmair160 aghghairbh
    107. Ni tiúbhartar 's ní tugadh ríamh
      comrac mar sin thoir no thíar
      baoí idir Osgar na nglonn
      & a' Dubh sa comlann
    108. Tug Osccor lúathbheim borb
      don arracht réna mórcholg
      dar sgoilt sé a sgíeth go lár
      & smior smeannta a mhuinéil
    109. Tug in t-ogláoch buille oile
      d'Osgar na n-arm ttinntidhe
      dar sgoilt a mheirge 's a sgíeth
      tainic ó criochuibh na hAisía
    110. Tug Osgar buille nár thláith
      don arracht réna dheaslaimh
      da ndearna da leith dhá chneas
      dhi nír fedadh a leighius

    111. p.276

    112. Marbhtar an fear treasborb teann
      le hOsgar nar ob comlann
      an fearsin gér161 mhór a gráin
      do mharp Osgar ré a dheaghláimh
    113. Leigthear tri garrtha catha
      a tteaglach an ardfhlatha
      ar son thuitim an fhir mhóir
      do chuir Fíena Finn ar anbhúain
    114. Tógtar in t-oglaoch linn
      go huanm mhór Shléibhe Guillinn
      tugamar urchar asteach
      isin nbrogh mhór don aitheach
    115. On c[h[éd lá do-ríghneadh sealg
      linn a n-Eirinn go hiomard
      as é in fear mórsin dna—162
      is mó do chuir dar morcáthaibh
    116. Sgela Osgair 'na deaghaidh dhuit
      do brigh chosgair in chomhruic
      bádar leagha Eireann faris
      ré feadh bliadhna da leighius
    117. Fa hiomdha sgíeth 'na dha cuid
      ar Sliabh Guilleann on mórtroid
      & corp míleadh gan brigh
      ó mac Díorfaidh na móirgnimh
    118. Do rachadh ar fflaithius uile
      risin aitheach n-aingidhe
      ar mbraighde & ar n-ór glan
      do-bheradh uainn mun beith Osgar

    119. p.278

    120. Baoí Osgar ba cuimhneach linn
      ón lásin Shleibhe Guilleann
      tri ráithe 'na luidhe abhus
      ó nimh a chrecht da leighius
    121. Ní hiongnad tuirrsi do beith orm
      a chleirigh na leabhor ngorm
      ní mhair Osgor na Fionn
      ná Fían Osruidhe um timchioll
    122. Gé ataim a ndeireadh mo neirt
      a Patraic is mé a n-aimhriocht
      dhamh do berrthi163 ceannus chloinne Finn
      an úair do suidhmís a cCruimlinn
    123. Damh do-berthí164 tosach suidhe
      a ndeaghaidh Fhinn Almhuine
      Goll is Osgar da éis sin
      fa gáir cosgair dár fFíenaibh
    124. Caoilti is Diarmaid ó Duibhne
      dream nár sgaoílteach ó bhuídhnibh
      is Osgar mac Garaidh nár thláith
      choisgead gach cosgar ionráith
    125. Garaidh is Mac Lughach lonn
      Faolán is Cairill ceithirbheann
      do andaoís ar m'fhocal uile
      fa hiad sgáth gach iorghuile
    126. Deich mic fhichead comluinn céd
      do bhi is ní himarbhreg
      ag m'athairsi a chleirigh cháidh
      an úair do suidhmís d'énlaimh

    127. p.280

    128. Ní biodh mac againn gan ceól
      an úair theighmís d'athól
      's gan da c[h]éd curadh ag gach mac
      is tri cháoga do bhanntracht
    129. Deich cced fichead teaghlach Fhinn
      d'airdfhéin criocha Lochlann
      a n-fegmais gach mic dhíobh sin
      boí ag mac Cumaill do muinntir
    130. Deich fichit & deich cced
      do thaoíseachuibh is ní breg
      a n-fegmais mic ríogh go ngoil
      do biodh againn fán sgainnir
    131. Gan taoíseach da n-aireum féin
      nach biodh náonmar do gnáithfhéin
      gan mnaoí is giolla is da choin
      innilt is cupla gadar
    132. Gacha seachtmadh bliadhuin binn
      do ceiltí fíadhach mic Cumaill
      nach ffagmais uiread in mhíl
      ré bliadhuin uile d'éntaoíbh
    133. Do chongmadh mac Ronáin co rath
      mac Cumhaill guna ardcath
      proinn c[h]éd ó Chaoílte go ngail
      gach n-oídhche a laimh gach einfhir
    134. Fa búan ar freasdol do mhiodh
      fa mor ar meisge ó chornaibh
      fa maith ar n-oirfideadh bhinn
      a n-onóir Fhinn mic Cumhaill

    135. p.282

    136. Fa maith ar ndúanta molta
      's ar leapthacha donncorcra
      maith ríar gach fileadh 's gach dámh
      re blíadhain ó mac Ronán
    137. Ni roibhe enrí sa fFéin
      no taoíseach calma coimhthrein
      nach bíodh file fana laimh
      ar gheall Chaoílte mhic Ronain
    138. Blíadhain dhuinne mar sin
      fare Caoilte 'na bruighin165
      gan tacha cuirme no ceóil
      gan dith muirne nó comhóil
    139. As í bruighean a mbeithmís féin
      faré Caoilte fa maith sgéimh
      a cCarraic Chinn Choire mic Cais
      ris a raitior Carrúic Fearguis
    140. Créd fa ttugadh Cinn Choire
      os diot is cóir a fiosraighe
      ar dhúnadh Fhearguis mic Róich166
      sloinntear leat duinn a seanóir
    141. As in fFraingc cían ó shoin
      Cinn Choire is é is cumhain
      {MS page 82b} as uaithe tainic anall
      do gabháil gheillidh ffear nEireann
    142. Cuiris teachta úadha ann soin
      go mac Cumaill a hAlmhuin
      d'iarraidh ghéille ar Finn
      & sgur do sheilg Éirinn

    143. p.284

    144. Do-bheirim bríathor anois
      do ráidh Conán máol an ainfhis
      muna beitheá167 a ffíadhnuise Fhinn
      go mbeith do cheann gan cholainn
    145. Do-bheirimsi briatar oile
      do ráidh óglaoch Chinn Choire
      da léigthi eadrom is tú a fhir
      go rachainn riot do dheabaidh
    146. Ni ffuighe comrac ann sunn
      a oglaoigh ar mac Cumhaill
      na bíodh ceastan ort a fhir
      as tú ameasg mo mhuinntire
    147. Beir leat uaim go Cinn Choire
      go ffuighe sé iorghuile
      's nach bfaghtar sealg Eireann uainn
      mura168 marbhtar sinn a n-énuair
    148. Gluaisis an t-ogláoch nár dheas
      uainn co Cinn Choire mic Cais
      innsios don fhear tainic tar tuinn
      an freagra fúair169 ó mac Cumaill
    149. Luidhim fom armoibh curadh
      do ráidh Cinn Choire go humhal
      go bfuighinn urraim ffear Fáil
      da mbeittis uile d'enláimh
    150. Togbhais Cinn Choire air ann soin
      naoí fichit céd do chéduibh
      gluaismíd chuige go teann
      ceithre catha cum comhluinn

    151. p.286

    152. Teagmaoíd da chéile sinn féin
      's a' t-ogláoch úathmar aigmhéil
      ag sáorcarruic na long mbreac
      mar a ttógthaoí sdair na longport
    153. Tugamar tuireann grangca
      sinne is óglaoigh na Fraingce
      =vdar tuit an Fían bonn re bonn
      re Cinn Choire sa ccomlann
    154. Ge do marbadh ar slúaigh ionn
      re Cinn Choire na mbeimionn
      nír ffearr do mhuinntir in fir
      do thuitsiod linn sa deabaidh
    155. Tug a aghaidh ar Osgar amhra
      mor in t-adhbar doimheanma
      Cinn Choire mic Cais mic Cinn
      mairg lér chaith a comhlann
    156. Marbhtar Cinn Choire mic Cais
      sgél is mó tainic thairis
      ré mo macsa tuit gan fheall
      fear do gabh neart nic Cumaill
    157. Da mbeith sgribhionn & peann
      agam dhuit a mhic legheinn
      ní áireomhainn leat no trían
      ar marbh Osgar a ccath ríamh
    158. Trúagh a Mhuire mar taimse féin
      a n-Ard Soileach na moirsgél
      gan gaisgeadh curadh gan creach
      ameasg choradh chleireach

    159. p.288

    160. Ar grádh h'einigh a Oisín fhéil
      innis duinn ní dot caithréim
      ó ataí170 a ndeireadh do neirt
      innis duinn treas dot imteacht
    161. {MS page 83a}Lá da rabhamar ag ól
      Fían Eirionn líon ar ttionól
      go ttarla imreasain ann
      eadrom féin is mac Cumaill
    162. Cred tarla eadroip ann soin
      a Oisín in crotha glain
      no créd fa ndearnuis troid
      let athoir171 a Oisín oirrdeirc
    163. As é adbar far eiridh m'fearg
      le mac Cumaill na ccuach ndearg
      d'iarroidh leat thaoíseach na fFíen
      a sgíeth 's a craoíseach ar aonríen
    164. As í freagra fúarus ó Fhionn
      an úair chanus in t-uraigioll
      nach ffuighionn ceannus óna chloinn
      da mbeith sé féin gan marrthainn
    165. Adubhairt liomsa glór eile
      Fionn mac Cumhaill Almhuine
      nach ffuighinn féin nó mo mac
      acht cuid d'Fíenaibh Connacht
    166. Do tug meisi briatar dhó
      do tug Osgar nar chan gó
      nach beinnsi reidh & Fionn
      go ffaghainn gach ní do shirfinn

    167. p.290

    168. Rominic iarrus tú a fhir
      geill is troid ar mo mhuinntir
      's go ffuil da fear d[h]ég dom chloinn
      do-dhenadh fa leith riot comlann
    169. Ni fada go fechfadsa féin
      do ráidh Osgar fa mor caithréim
      cía is treise m'athair nó sibh
      mas é atáthaoise dh'íarraidh
    170. Do eiridh Osgar Eamhna
      le tarcuisne a thighearna
      a ffúair 'na seasamh sa dún
      do trasgair íad a n-énchúil
    171. Gach neach172 da ffúair 'na suidhe
      a mbruighin Fhinn Almhuine
      do chuir 'na sheasamh go teann
      gion gur cead le mac Cumhaill
    172. Do eirigh Cairioll gan on173
      d'iarraidh urrama ar Osccor
      do gheall a ffiadhnuis cháicch
      misi is Osgar do diongmháil
    173. Tugsat aghaidh gidh réim theann
      ar a chéile com comhlainn
      sa torainn fa borb a ttreas
      Osgar is Cairill coimhdheas
    174. Adubairt mac Muirne go mbúaidh
      re mac Morna go moruaill
      dealaidhe re chéile go lúath
      Cairill is Osgar armrúadh

    175. p.292

    176. Ar a ffuil do mhaithius ad dhún
      a mic Cumaill fa maith rún
      nocha rachainn leó dom ghoin
      nó go sguirid da ndeabaidh
    177. Eirgeann ó Baoísgne borb
      is mac Morna na mórcholg
      'chosg na troda ar a raibh nimh
      tarla ag Cairill 's ag Osgor
    178. Dob í easbaidh Finn ann sin
      suil do coisgeadh a mhuinntir
      da c[h]éd fear flaithis gan on
      ó laimh aithisaigh Osgair
    179. Sul do coisgeadh fearg Osgair
      nó Chairill ón crúadhchosgar
      dob iomdha ann laoích ghonta
      & crechta crúadhchorcra
    180. {MS page 83b}Gé rinneadh súd uile linn
      le hOsgar is re Cairill
      lúaithe d'furail Fionn na ffleadh
      sith orainn nó d'iarramar
    181. Do tairgeadh gach dara sealg
      gach dara lann faobardearg
      gach dara cú da chonaibh
      da cholgaibh da craoíseachuibh
    182. Gach dara leath da gach cath
      gach dara sleadh ón righflaith
      gach dara comrac ó Fhionn
      gach dara dúain a cCroimlionn

    183. p.294

    184. Gach dara cuid d'ól fleadh
      gach dara ceól d'oirfideadh
      gach dara corn ar a lár
      gach dara cúach is copán
    185. Tugadh tanuisdeacht damh féin
      an uairsin ó fhlaith na fFían
      tanuisteacht a n-óir 's a ccon
      sul rainic in t-ór Osgar
    186. Ionarbh i sin do chuidsi don Fhéin
      a Oisin go righe réidh
      an 't aghoidh do bhádar no leat
      na ceithre morchatha a n-aoínfheacht
    187. Do-bheirim do lamsa inois
      a Patraic ó taoí 'teacht thairis
      nach rabhasa nó mó mac féin
      gan ceithre catha do gnaithFéin
    188. Iarrsa ar Airdrigh na ndúl
      a Oisín airmgeir úir
      a ttug tú 'chathaibh ann soin
      iarr a mhaitheamh dot anmuin
    189. Maithsi & Rí nimhe
      damsa a ndearnus d'iorghaile
      tabhair neamh mas rogha libh
      damsa ar son do Thigearna
    190. Dena ineach gan dith dhuit féin
      berus furtacht dar ngnaithFhéin174
      iarr neamh d'Osgar & d'Fionn
      ar Mac ingine Anna is Iaichim

    191. p.296

    192. Iarr neamh do mac Morna mhear
      iarr do Chaoílti iarr do Gharadh
      iarr neamh do Mac Lughach lonn
      & d'Osgor mac Croimchinn
    193. A Oisín ní shirfe mé
      neamh do mac Cumaill ná da Féin
      's gur binne leo gotha con
      nó bheith ag guidhe in Duilimh
    194. Da mbeith iúl agad ar in fFéin
      a chleirigh nach ffuil dom réir
      budh binne leat no denomh trath
      bheith 'na ccaomtach ré henlá


p.298