Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 58

    1. La da ndeachaidh Fionn na bFían
      do sheilg ar Slíabh na mBan fFionn
      trí mhíle 'mathaibh na fFían
      ní deachaidh sgíamh os ar gcionn
    2. A Oisin is binn ninn do ghlór
      bean nacht fós ar anmuin Fhinn
      innis cá mhéd fíadh
      do thuit ar Slíabh na mBan fFionn
    3. Búdh mór na creacha dar slúagh
      dar a ndeachaidh uaim 's ní sbleadh
      ar thuit ar Slíabh na mBan bFionn
      d'fíadhach ré Fionn na ffleadh
    4. Innis ród roimhe gach sgél
      beannacht ar do bhél gan gó
      in mbíodh éideadh nó airm
      ag dul do sheilg libh gach
    5. Do bíodh eideadh & airm
      ag dul do sheilg linn mar sin
      ní bhíodh feindidh dhinn dom dhóigh
      gan léinidh sróil is dá choin
    6. Gan cotún síthe séimh
      is lúireach bharraidh ghéir ghlain
      's gan ceinnbeirt clochorrdha chorr
      's da sleidh a ndorn gach fir

    7. p.218

    8. Gan sgíath uaine bheireadh búaidh
      is lann chrúaidh re sgoilteadh cionn
      {MS page 76a}da sirthea in domhan fa seach
      ní raibhe neach budh fearr nó Fionn
    9. As é dob fearr eineach is ágh
      ní deachaidh lamh ós a cionn
      dul do thaistiol na ccuan ngeal
      gan faicsin ar fear mar Fhionn
    10. Cath eagair do-chúadhmar síar
      do seilg ar Slíabh na mBan fFionn
      a Patraic a cheann na cclíar
      dob alainn grían ós ar ccionn
    11. An uair do shuidheadh Fionn ar ccoin
      dob iomdha anoir is aníar
      guth gadhair ag dol do chnoc
      ag dúsgadh thorc & fíadh
    12. Do bíodh Fionn & Bran
      'na suidhe seal ar in slíabh
      gach fear dhíobh a n-ionadh sealg
      nó gur eirigh cealg na bfíadh
    13. Léigiomar tri mhíle cú
      dob fearr lúth is do bhí garg
      do marbh gach cú diobh da fhíadh
      sul do cuireadh iall 'na n-aird
    14. Marbhamar sé mhíle fíadh barr
      ar in ghleann do bhí fan tslíabh
      a nfegmais aighe & fearb
      ní dearnad sealg mar sin ríamh

    15. p.220

    16. Dob e deiread[h] ar sealga thiar
      a cleirigh na cclíar [rsquor]s na cclog
      deich cced cú go slabhraidh n-óir
      do thuit um nóin ré céd torc
    17. Do thuitsiod linne na tuirc
      rinne na huilc ar in leirg
      muna beith ar luinn is ar lamh
      chuirfidis ár ar bFéin133
    18. A Patraic na mbachall bfíar134
      ní faca mé thíar nó thoir
      sealg énlaoí ar Fhíanuibh Finn
      ré mo linn budh mó ina soin
    19. Ag sin sealg do-rinne Fionn
      a mic Carploinn na mbionn mbláith
      na gáir cheolán isin chill
      do budh binne liom in lá
    20. LA


p.222