Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

section 41

    1. Clíabhán cuill cía do-róine
      innisidh a sheanóire
      & do-rinne cleas cuir
      agaibh ar tús ar énoibh
    2. An ccluineann tu a sheanóir thall
      an ceist a chuireas in Táilgheann
      innis mar is aithnidh dhuit
      an cheist ad28 chuireas Patraic
    3. Laithe n-áon día raibhe Fionn
      ar sliabh Lúachra na láinghlionn
      go ttarla sé ar leith on fhéin
      tri fichit láoch go láinmhéin
    4. Ro bhádhmar gin gur threórach
      go neamhshadhal aineólach
      fa cheó ndraoítheachta ndoirche
      nó gur chinnseam comhairle
    5. Silleadh da ttug thairis síar
      Finn mac Cumhaill flaith na fFían
      ad-chí óglach ard aistreac
      go n-earradh ndearg ndeaghmhaiseach
    6. Do bhaí ar deaslaim in fhir mhóir
      cliabhán dathalainn deargóir
      do ghabhadh mar budh mian lais
      a ngabadh d'énoibh thairis

    7. p.62

    8. Sa ttulaigh ttaobhálainn ttruim
      tainic in t-óglach chugainn
      is ro bheannaigh dhuinne tra
      do bríathraibh glesta glaná
    9. Día ttigthæ lim lín d'fheadhna
      a Fhinn na fFían ffiorchalma
      sean gach dighe do-bhér dhíbh29
      & nua gacha seanbhídh
    10. Ro eirgeamar súas go grod
      muinntir Fhinn na n-arm n-úrnocht
      gidh ar leas ni tainic dhe
      leinne nir leasg an eirghe
    11. Glúaisis romhainn in fear mór
      do leanamar é 's ba trogh
      go cathair Inbhir dhá Shál
      áit ar hinnleadh in clíabhán
    12. Ar ndol don fior mhór amach
      uainn tar dorus na caithrach
      comla ghairbhiarainn gan mhoill
      íadhais an uairsin orainn
    13. Seacht lo go n-oidhche gan bhíadh
      dhuinn sa chathraigh cladhard críadh
      {MS page 58b}gan aoínneach do teacht díar ffios
      do chían nó do comhfhogus
    14. Ar aithris in chliabháin chuir
      ar saith énaigh gach éinfhir
      do-rinne Fionn cliabhán cuill
      dhuinn nír seachmidh in fhoghluim
      go ffaghmaoís ón chliabhán chuir
      ar saith énaigh gach éinfhir

    15. p.64

    16. A gcionn seacht laithe mar sin
      tig mac Troghain díar fféghain
      do mheas sé nach rabhsam beó
      díer ndicheannad i n-énló30
    17. teagmaid aníar is anoir
      fa mac Troghain an úairsoin
      ar tteacht duinn uime go reacht
      nochar foghain do a draoíthacht
    18. Beiris Fionn uainn in fear dearg
      risséin ger adhbal ar ffearg
      & cuiris slán da thigh
      gin gur dheóin leinn a chleirigh
    19. Iocht is fearr do-rinne riam
      deaghmac Cumaill flaith na fFían
      fear dearg d'idhlacadh slán
      & sinne d'eadradhán
    20. Ag sin iocht do-rinne Finn
      a chleirigh na mbachall mionn
      an fear do i mbread gach n-ágh
      leis ro hinn leadh in clíabhán
    21. A Chaoílte gé atú go fann
      na leig leam31 día n-abair breg
      aoínneach budh commaith le Fionn
      in ffacaidh tú ríamh red32
    22. Fo a anam cona chorp
      acht gidh dubh anocht mo lí
      ni bhí commaith einigh Finn
      a nduine re a linn a cclí
    23. CLIABHÁN


p.66