Corpus of Electronic Texts Edition
Duanaire Finn (Author: [unknown])

p.2

section 36

    1. Sgríobh sin a Brogáin sgribhinn
      do comrádh fhírgrinn fheassach
      ní d'imteachtoibh mic Cumhaill
      do fhulaing mor ttaom ndeacrach
    2. Eisdeacht ré n-abair Oissín
      do comrádh roimhín ríoghlan
      ní chúala ón cheithrinn chródha
      sgél budh cora 1 do sgriobadh
    3. Innis a mheic na flatha
      do glór bhlasta is beag mbréige
      sloinn duinn go milis milla
      sgéla fíora na Féine
    4. Innis duinn gan dol seacha
      narab é in freagra failleach
      cía fath fa ttucadh Caoílte
      ar fhear sgaoílte na sgainnear
    5. Teagmit lá ar Lúachair Deaghadh
      da ceathrar cródha in buigean2
      móirsheisear dhúinn mun airdrígh
      ionmhuin dream airdmhín fhuilteach
    6. Meise is Daolgus is Díarmaid
      tríar fuair a ffíanbhoith fulacht
      tri mic Áonchearda Berra
      Finn féine is mac Lughach

    7. p.4

    8. Gairit duinn ar in tulaigh
      cían bhus cumhain an sgélsoin
      go ttainic sa magh 3 fodbhán
      óglach morard ar enchois
    9. Iongnad ionnioll an óglaigh
      togbhamaíd airm re a fhaixin
      trí lamha leis ar lúamhain
      gné in ghúalaigh ar 'aghoidh
    10. Áonchos faoí ar lár in tsléibhe
      don beinn go chéile chugainn
      áonshuil a cclár a edain
      'sé a feghain mheic Cumhaill
    11. Ní raibhe acht áonleim dhosan
      tar gach ngleann ffodbhán ffasaigh
      ní roicheadh dhó acht ar eigin
      bord a edaigh4 tar a mhásaiph
    12. {MS page 51a}Léine do chíarsnaith chasda
      ionar lachtna is rúadhbrat
      cochall mór ciordhubh cíartha
      do sheiche fhíadha ar a úachtar
    13. Mo na lán duirn gach milidh
      'na chois mhóir dhírigh dubhguirm
      fuide nó crann gach sleighe
      ó a ghlúin go roiche a modharn
    14. Ceinnbeirt don cochall cetna
      fan maoíl ghlesta mar ghúalach
      ba lór do gabadh dhúine
      sgath a laime 'sa ghruamdhacht

    15. p.6

    16. Ar tteacht dhó ar in tulaigh
      adubairt ar ttoigheacht chugainn
      gur beannachaid na dée
      duit féin a mheic Cumhaill
    17. Gur bheannachsa ar Fionn feinnidh
      cía tú a énfhir nach aithnighim
      innis duinn bar n-ainm bunaigh
      a fhir go gculaidh gcroicinn
    18. Lon mac Liomtha mh'ainm baisde
      rug mé ar aisde gach céirdi
      is mé is ollamh gabhonn
      ag rígh Lochlann sa Bheirbhe
    19. Líomhthach óg inghean Bholcáin
      nírb olc a conách cloinne
      ní mairg fear fuair mo mháthair
      rug mé 's mo brathair eile
    20. D'iarraidh coimreatha cubhaidh
      tanac chugaibh ón Bheirbhe
      adeirid is lúath sibhsi
      a dhream is clisde ceirde
    21. Geis oirbh is troigh mhná troghain
      a lucht thosaig gach teannta
      muna leantaoi bhar n-ochtar
      me go dorus mo cheardcha
    22. Lingidh uainn mar ghaoíth n-earraigh
      ag dol tar beannaibh sleibhe
      gur leabamar é in uairsin
      beagán d'úaisliph na Féine

    23. p.8

    24. Do leathtaoibh Lúachra Dheaghaidh
      seach dhorus Bhealaigh Luimnigh
      tar slíabh Oigidh tar Eachtghe
      glúaismit ar gceitri buídhnibh
    25. Buidhean dhíbh sin in gabha
      cach go fada 'na íairnéis
      aga mhór aige ó Dháolghus
      Fionn 'na aonar 'na ndíaighséin5
    26. Díarmaid & mac Lughach
      feadh tri ttulach 'na ndeaghaidh
      meise is tri mic in Cearda
      'nar mbuidhin chalma cheatrair
    27. Tré Mhagh Maín tré Mhagh Maine
      cían uainn d'aithle ar tturuis
      {MS page 51a}a gceann Mhoighe mhóir Mhéadhbha
      tar Áth Bearbha tar Mucais
    28. Laimh re feart Fraoích mhic Fidaigh
      nírbh é in siubhal nár sháothrac
      tar Gleann Cuilt is tar Cruachain
      ann sin do lúathaigh Dáolghus
    29. A Magh Luirg síos go Séaghais6
      beirmit cheana ar a chéile
      do-chúaidh in gobha is Daolghus
      uainn a máolchnoc Chinn Sléibhe
    30. Teagmaoíd ucht ar Úaimh Chorainn
      ceachaing romainn bar Dáolgus
      fuirigh go foill a ghabha
      ní ragha asteach at áonar

    31. p.10

    32. Tíaghaid ar áon san úamhaidh
      Fionn ga ffúabhairt go fearrdha
      fúarattar builc da séideadh
      fuarattar cré is ceardcha
    33. Inneóin is uird ga mbúaladh
      lé trénbhuinne lúath lasrach
      seacht ccloidhme leó arna síneadh
      'na mbróinibh dirge dhata
    34. Ro ráidh Lon féin ga ttoghdha
      risin sgoil ndorrdha n-adhbhoil
      mo chuidsi so 'na hénor
      gan denamh dona harmoibh
    35. Cuiris teanchoir fon teallaigh
      togbhais lía ceithre ndromann
      do-rinne in gabha is Dáolghus
      urlaighi fháobhrach udmhall
    36. Da ord mora ag in ghabha
      & teanchair thailc tháobhglas
      tri lamha leis ga ffreastal
      is maith do freagair Dáolghus
    37. Do-níd lann crúaidhghér crithreach
      fa maith biseach ré búaladh
      feadh duirn dhi gan da fháobhar
      'na buinne caomhghlas crúadha
    38. Teidhis re cneas na ceardcha
      Dáolghus ba teann a throda
      ba deirge na gúal gartha
      a shnúadh d'aithle na hopra

    39. p.12

    40. Do ráidheastar na gaíbhne
      ba lór gairbhe is grúamdhacht
      cía in fear caílti gan time
      shíneas in tinne crúadha
    41. Ro ráidh Fionn aga ffreagra
      fear gach ceisde do sháoradh
      budh hé sin a ainm choídhche
      Caoílti da rádh re Dáolghus
    42. Ag sin dhaoíbh mar do baisdeadh
      maith a gaisgead[lsqb ]h[rsqb ] 's a gniomhradh
      Caoílte leis nár ghnáth éra
      cóir a sgéla do sgriobadh
    43. {MS page 52a}Fritheóiltear ar Lon láidir
      in coinneamh tainic chugainn
      dentur teagh lóghmar leaptha
      bhus cneasta do mac Cumhaill
    44. Tabhraidh dhóibh féin dha ttaisgidh
      lúach an aistir gach aoinfhir
      do fhreastal catha is comhlainn
      sleagh is gormlann go ffírnimh
    45. Leigidh dhamhsa Fionn fosaigh
      do-bher dhó coingir chatha
      sleagh dhíreach sleagh roidhíreach
      is cloidheamh fírdheas fada
    46. Tugaid dhuinn na hairm shénta
      tar éis a ndénta in úairsin
      ocht ccloidhmhe is naoí sleagha
      ór mhinic cneadha a crúaidhneinmh

    47. p.14

    48. Mac in Luin lann mhic Cumaill
      do chuir ar fulang feóil daoíne7
      in Drithlinn ag Diarmaid drechtach
      in Crechtach lann chrúaidh Chaoílti
    49. Fead & Fí is Fosgadh
      mór gcoscar riam rom-cuirseat
      cloidhme triar mac in Cearda
      mor tteannta riam ro-dhluighseat
    50. Ag so um laim Gearr na cColann
      do bhíodh toram a ttrodaibh
      an Échtach ag mac Lughach
      ba subach ar ceann chosgair
    51. Ba maith ar n-édach dubhdhonn
      ar gceól n-én cclumdhonn gcochlach
      um trath eirghe arna mhárach
      dhúine ba sasadh colla
    52. D'eirge ghréine arna mhárach
      ar slíaph langhlan Lúacra
      ba maith ar lanna léapra
      ar sleagha reamhra rúadha
    53. Is ionnsa críoch go foircionn
      ar in slúagh foiltfhionn fhíorghlan
      a sgríbhneóir peinnghil Pátraic
      is mairg tarraidh a sgríobadh

      SGIOBH [sic]


p.16